Ná bac leis seo

Go dtí an clár

AG DÉANAMH DEISCEABAIL

CEACHT 12

Crógacht

Crógacht

Prionsabal: “Baineann ola na comhairle an ceo den chroí, ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.”—Sean. 27:9.

An Méid a Rinne Íosa

1. Féach ar an bhFÍSEÁN,léigh Marcas 10:​17-22. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:

  1.    Céard iad na tréithe maithe a d’fhéadfadh a bheith feicthe ag Íosa sa rialtóir óg?

  2.   Cén fáth a raibh gá ag Íosa le grá agus crógacht chun comhairle a chur ar an bhfear?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?

2. Ní mór dúinn labhairt go grámhar ach go hionraic lenár mic léinn chun go ndéanfaidh siad dul chun cinn spioradálta.

Déan Aithris ar Íosa

3. Cabhraigh le do mhac léinn spriocanna a shocrú agus a bhaint amach.

  1.    Úsáid an bosca “Sprioc” i ngach ceacht den leabhar Mair Go Sona Go Deo!

  2.   Cabhraigh le do mhac léinn na rudaí a chaithfidh sé a dhéanamh maidir le spriocanna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a bhaint amach.

  3.   Mol do mhac léinn go rialta as an dul chun cinn atá á dhéanamh aige nó aici.

4. Ní mór duit fios a bheith agat ar an gcúis nach bhfuil do mhac léinn ag déanamh dul chun cinn.

  1.    Fiafraigh díot féin:

    • ‘Mura bhfuil mo mhac léinn ag dul i dtreo an bhaiste, céard atá ag cur bac air?’

    • ‘Cén cúnamh praiticiúil ar féidir liom a thairiscint dó?’

  2.   Iarr ar Iehova crógacht a thabhairt duit le labhairt go hionraic grámhar faoin méid is gá do do mhac léinn a dhéanamh.

5. Cuir stop leis an staidéar mura bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an mac léinn.

  1.    Faigh amach an bhfuil do staidéar Bíobla tairbheach nó nach bhfuil trí fhiafraí díot féin:

    • ‘An bhfuil mo mhac léinn ag cur a bhfuil á fhoghlaim aige i bhfeidhm ina shaol?’

    • ‘An mbíonn sé ag cruinnithe an phobail Chríostaí agus an roinneann sé an fhírinne le daoine eile?’

    • ‘Tar éis dó staidéar a dhéanamh ar feadh tamaill, an bhfuil sé ag iarraidh a bheith ina Fhinné ag Iehova?’

  2.   Mura bhfuil an mac léinn Bíobla ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh:

    • Iarr air machnamh a dhéanamh ar an méid a d’fhéadfadh a bheith ag cur bac air.

    • Mínigh go tuisceanach an chúis a bhfuil tú ag cur deireadh leis an staidéar.

    • Cuir ar a shúile dó an dul chun cinn a chaithfidh sé a sula dtosóidh tú ar an staidéar arís.