Ná bac leis seo

Go dtí an clár

AGUISÍN A

Fírinní Gur Breá Linn a Mhúineadh

Fírinní Gur Breá Linn a Mhúineadh

Dúirt Íosa go n-aithneoidh daoine macánta an fhírinne ar a chloisteáil dóibh. (Eoin 10:​4, 27) Mar sin, aon uair a labhraíonn muid le daoine, ba mhaith linn fírinní simplí an Bhíobla a roinnt leo. Bain triail as tagairt a dhéanamh d’fhírinne trí fhiafraí: “An raibh a fhios agat gur. . . ?” nó “Ar chuala tú riamh ráite é . . . ?” Ansin úsáid an scrioptúr nó na scrioptúir chun an fhírinne sin a mhíniú. Trí fhírinne simplí an Bhíobla a roinnt, is féidir leo dul i gcion ar chroí an duine, agus is féidir le Dia an duine sin a tharraingt chuige féin!—1 Cor. 3:​6, 7.

 AN TODHCHAÍ

  1. 1. Is léir ón droch-bhail atá ar an domhan agus an chaoi a bhfuil daoine ag déileáil le chéile go bhfuil athrú i ngar.—Math. 24:​3, 7, 8; Lúc. 21:​10, 11; 2 Tiom. 3:​1-5.

  2. 2. Ní scriosfar an domhan choíche.—Salm 104:5; Cóh. 1:4.

  3. 3. Déanfar an domhan a athchóiriú.—Íse. 35:​1, 2; Ap. 11:18.

  4. 4. Beidh gach duine i mbarr na sláinte.—Íse. 33:24; 35:​5, 6.

  5. 5. Is féidir leat maireachtáil go deo ar an domhan.—Salm 37:29; Math. 5:5.

 AN TEAGHLACH

  1. 6. A fheara “grádh gach duine agaibhse a bhean mar é féin.” —Eif. 5:33; Col. 3:19.

  2. 7. Bíodh ómós ag bean dá fear céile.—Eif. 5:33; Col. 3:18.

  3. 8. Ba chóir go mbeadh fear céile agus bean chéile dílis dá chéile.—Mal. 2:16; Math. 19:​4-6, 9; Eabh. 13:4.

  4. 9. Éireoidh le leanaí a bhfuil ómós acu dá dtuismitheoirí agus atá umhal dóibh.—Sean. 1:​8, 9; Eif. 6:​1-3.

NASA, ESA and the Hubble Heritage Team (STScI/AURA)-ESA/Hubble Collaboration. Licensed under CC BY 4.0. Source.

 DIA

  1. 10. Tá ainm ar Dhia.—Salm 83:19 (83:18 i mBíoblaí eile); Ir. 10:10.

  2. 11. Déanann Dia cumarsáid linn.—2 Tiom. 3:​16, 17; 2 Pead. 1:​20, 21.

  3. 12. Tá Dia cóir agus neamhchlaonta.—Deot. 10:17; Gnío. 10:​34, 35.

  4. 13. Tá Dia ag iarraidh cabhrú linn.—Salm 46:1; 145:​18, 19.

 GUÍ

  1. 14. Tá Dia ag iarraidh orainn guí chuige.—Salm 62:9; 65:3 (62:8; 65:2 i mBíoblaí eile); 1 Pead. 5:7.

  2. 15. Múineann an Bíobla dúinn le guí.—Math. 6:​7-13; Lúc. 11:​1-4.

  3. 16. Ba chóir dúinn guí go minic.—Math. 7:​7, 8; 1 Teas. 5:17.

 ÍOSA

  1. 17. Ba mhúinteoir iontach é Íosa agus oibríonn a chomhairle i gcónaí.—Math. 6:​14, 15, 34; 7:12.

  2. 18. Thuar Íosa faoi na himeachtaí a fheiceann muid inniu.—Math. 24:​3, 7, 8, 14; Lúc. 21:​10, 11.

  3. 19. Is é Íosa Mac Dé.—Math. 16:16; Eoin 3:16; 1 Eoin 4:15.

  4. 20. Ní hé Íosa Dia Uilechumhachtach.—Eoin 14:28; 1 Cor. 11:3.

Bunaithe ar NASA/Visible Earth imagery

 RÍOCHT DÉ

  1. 21. Is fíor-rialtas ar neamh í Ríocht Dé.—Dain. 2:44; 7:​13, 14; Math. 6:​9, 10; Ap. 11:15.

  2. 22. Tiocfaidh Ríocht Dé in áit na rialtais dhaonna.—Salm 2:​7-9; Dain. 2:44.

  3. 23. Is í Ríocht Dé an t-aon réiteach atá ar fhadhbanna an chine daonna.—Salm 37:​10, 11; 46:9; Íse. 65:​21-23.

 FULAINGT

  1. 24. Ní hé Dia is cúis lenár bhfulaingt.—Deot. 32:4; Séam. 1:13.

  2. 25. Tá an domhan seo faoi thionchar Shátain.—Lúc. 4:​5, 6; 1 Eoin 5:19.

  3. 26. Tabharfaidh Dia aire duit.—Salm 34:​18-20; (34:​17-19 i mBíoblaí eile) Íse. 41:​10, 13.

  4. 27. Is gearr go gcuirfidh Dia deireadh le fulaingt.—Íse. 65:17; Ap. 21:​3, 4.

 BÁS

  1. 28. Níl eolas dá laghad ag na mairbh; níl siad ag fulaingt. —Cóh. 9:5; Eoin 11:​11-14.

  2. 29. Ní féidir leis na mairbh cabhrú linn ná dochar a dhéanamh dúinn.—Salm 146:4; Cóh. 9:​6, 10.

  3. 30. Beidh aiséirí ag ár ndaoine muintire.—Iób 14:​13-15; Eoin 5:​28, 29; Gnío. 24:15.

  4. 31. “Ní bheidh an bás ann feasta.”—Ap. 21:​3, 4; Íse. 25:8.

 REILIGIÚN

  1. 32. Níl Dia sásta le gach reiligiún.—Ir. 7:11; Math. 7:​13, 14, 21-23.

  2. 33. Is fuath le Dia an bhréagchráifeacht.—Íse. 29:13; Míoc. 3:11; Marc. 7:​6-8.

  3. 34. Aithnítear an fíorchreideamh de bharr an fíorghrá atá idir a chuid baill.—Míoc. 4:3; Eoin 13:​34, 35.