Ná bac leis seo

Go dtí an clár

AGUISÍN C

An Bealach le Dul i mBun Staidéir Bíobla Ag Úsáid Mair Go Sona Go Deo!

An Bealach le Dul i mBun Staidéir Bíobla Ag Úsáid Mair Go Sona Go Deo!

Rinneadh go leor guí, machnaimh agus taighde nuair a bhíothas ag cur an leabhar Mair Go Sona Go Deo! i dtoll a chéile. Chun tairbhe a bhaint as an bhfoilseachán seo, bain úsáid as an gcur chuige a leanas agus tú ag déanamh staidéar ar an mBíobla.

Roimh an staidéar

  1. 1. Réitigh go maith. Machnaigh ar riachtanais agus ar dhearcadh do mhac léinn. Déan iarracht machnamh a dhéanamh ar phointí a bhféadfadh sé go mbeadh cúnamh ag teastáil lena dtuiscint nó lena gcur i bhfeidhm. Smaoinigh ar an gcaoi a bhfuil an t-ábhar faoi “Fiosraigh” in ann cabhrú le do mhac léinn agus bí réidh lena úsáid le linn an staidéir.

Le linn an staidéir

  1. 2. Tosaigh agus críochnaigh le paidir má tá do mhac léinn compordach leis sin.

  2. 3. Ná déan an chaint ar fad. Dírigh ar an ábhar atá curtha ar fáil agus lig don mhac léinn é féin a chur in iúl.

  3. 4. Agus tú ag tosú ar an bpríomhchuid, léigh an ceannteideal agus ansin cuir béim ar roinnt de theidil an cheachta.

  4. 5. Ag críochnú an príomhchuid duit, bain úsáid as an ábhar atá faoi súil siar chun cabhrú le do mhac léinn cuimhniú ar na fírinní a d’fhoghlaim sé.

  5. 6. Agus tú ag déanamh staidéir ar gach ceacht le do mhac léinn:

    1. Léigh an téacs.

    2. Léigh gach scrioptúr atá marcáilte “Léigh.”

    3. Léigh na scrioptúir eile atá luaite de réir mar is gá.

    4. Seinn gach físeán atá marcáilte “Seinn” (má tá siad ar fáil duit).

    5. Cuir gach ceist ar an mac léinn.

    6. Tarraing aird ar na pictiúir sa gcuid “Déan Taighde”agus iarr ar an mac léinn cur síos orthu.

    7. Úsáid an bosca “Sprioc” chun cabhrú le do mhac léinn súil a choinneáil ar an dul chun cinn spioradálta atá á dhéanamh aige. Is féidir leat é a spreagadh chun an sprioc shamplach a úsáid nó chun spriocanna eile a leagan síos freisin.

    8. Fiafraigh do do mhac léinn, ar thaitin ceann ar leith de na hailt nó na físeáin sa gcuid “Fiosraigh” leis agus an ceacht á ullmhú aige.

    9. Déan iarracht an ceacht a chríochnú in aon seisiún amháin.

Tar éis an staidéir

  1. 7. Coinnigh do mhac léinn i gcuimhne. Guigh go ndéanfaidh sé dul chun cinn agus iarr ar Iehova é a bheannú agus an eagna a thabhairt duit le cabhrú leis.