Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Is Féidir Leat Maireachtáil ar Dhomhan Nua Dé

Is Féidir Leat Maireachtáil ar Dhomhan Nua Dé

Léirítear sna hailt roimhe seo go gcuirfidh Dia deireadh go luath leis an gcóras urchóideach atá ann faoi láthair agus a chuid fadhbanna. Is féidir linn a bheith cinnte go dtarlóidh sé seo. Cén fáth? Mar tá sé geallta sa mBíobla:

“Imíonn an saol agus a mhianta ar ceal.”—1 EOIN 2:17.

Is féidir linn a bheith cinnte go dtiocfaidh daoine slán mar geallann an Bíobla:

“An té, áfach, a dhéanann toil Dé mairfidh seisean go deo.”

Dá bhrí sin, chun a theacht slán ní mór dúinn toil Dé a dhéanamh. Chun a fháil amach céard í toil Dé, ní mór dúinn aithne a chur air.

TAR SLÁN TRÍ ‘AITHNE A CHUR’ AR DHIA

Dúirt Íosa: “Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin.” (Eoin 17:3) Chun a theacht slán ag deireadh an chórais, agus maireachtáil go deo, caithfidh muid ‘aithne a chur’ ar Dhia. Tá i bhfad níos mó i gceist leis seo ná a admháil go bhfuil Dia ann nó cúpla rud a bheith ar eolas againn faoi. Caithfidh muid a bheith ina gcairde aige. Cosúil le haon chaidreamh eile a theastaíonn uainn a chothú, caithfidh muid am agus obair a chur isteach ann. Breathnóidh muid anois ar roinnt fírinní tábhachtacha ón mBíobla a chabhróidh linn ár gcairdeas le Dia a fhorbairt agus a chothú.

LÉIGH BRIATHAR DÉ, AN BÍOBLA, GACH LÁ

Is féidir leat a theacht slán ag deireadh an domhan seo má iarrann tú cabhair ar Dhia agus a thoil a dhéanamh

Itheann muid bia go rialta chun fanacht beo. Ach dúirt Íosa: “Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.”—Matha 4:4.

Tá briathar Iehova le fáil sa mBíobla. Agus tú ag déanamh staidéir ar an leabhar naofa sin, foghlaimeoidh tú fírinní tábhachtacha faoi chaidreamh Dé leis an duine san am a caitheamh, anois agus amach anseo.

IARR CABHAIR AR DHIA

Céard is féidir leat a dhéanamh más mian leat treoir Dé a leanúint ach go bhfuil sé deacair agat stopadh ag déanamh rudaí atá mícheart de réir an Bhíobla? Sa gcás sin, cabhróidh sé go mór leat aithne phearsanta a chur ar Dhia.

Tóg mar shampla bhean Áiseach, a bhí ag caitheamh saol drúisiúil. Nuair a thosaigh sí ag staidéar ar an mBíobla, d’fhoghlaim sí faoi ordú Dé, “Seachnaígí an drúis.” (1 Corantaigh 6:18) D’iarr sí ar Dhia í a láidriú agus bhí sí in ann an droch-chleachtas seo a stopadh. Ach bíonn an cathú ann i gcónaí. “Má thagann smaointe mímhorálta chun cuimhne,” a deir sí, “labhraím go macánta le Iehova, mar tá a fhios agam nach féidir liom é seo a throid liom féin. Cabhraíonn na paidreacha liom dlúthchairdeas a chothú le Iehova.” Cosúil leis an mbean sin, tá na milliún duine ag teannadh isteach le Dia. Tá sé ag cur ar a gcumas na hathruithe a theastaíonn uathu a dhéanamh agus maireachtáil de réir a thola.—Filipigh 4:13.

De réir mar a chuirfidh tú aithne ar Dhia, sea is mó ‘aithne a chuirfidh Dia ort’ mar chara luachmhar. (Galataigh 4:9; Salm 25:14) Ansin beidh an deis agat maireachtáil ar dhomhan nua Dé. Ach cén sórt saoil a bheidh ann an uair sin? Míneofar é sin sa gcéad alt eile.

a Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.)