Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Is féidir leat fáil réidh anois don domhan nua atá i ngar

An Parthas Nua Domhanda atá i nGar!

An Parthas Nua Domhanda atá i nGar!

Chruthaigh Dia an talamh ionas go bhféadfadh na daoine maithe maireachtáil air go deo. (Salm 37:29) Shocraigh sé an chéad lánúin, Ádhamh agus Éabha, i ngairdín álainn ar a dtugtar Éidin, agus chuir sé de fhreagracht orthu féin agus ar a sliocht an talamh a shaothrú agus aire a thabhairt dó.—Geineasas 1:28; 2:15.

Tá domhan an lae inniu an-difriúil ón bParthas a bhí i gceist ag Dia. Mar sin féin, níor athraigh sé a intinn. Cén chaoi a gcomhlíonfaidh Dia a bhunchuspóir? Chonaic muid sna hailt roimhe seo, nach scriosfaidh Dia an domhan. Ach, go dtabharfaidh sé cead do dhaoine dílse maireachtáil air. Nuair a chomhlíonfaidh Dia a chuid gealltanais, cén leagan amach a bheidh ar an domhan?

Rialtas domhanda

Nuair a bheidh Ríocht Dé, nó rialtas nua neamhaí Dé, i gceannas an domhain, beidh daoine in ann maireachtáil ar an talamh go sona le chéile agus beidh obair shásúil le déanamh acu. Cheap Dia Íosa Críost chun an talamh a rialú. Ní fearacht rialtóirí an lae inniu é, tabharfaidh Íosa tús áite do leas a chuid géillsinigh. Rí grámhar, cineálta, trócaireach agus cóir a bheidh ann.—Íseáia 11:4.

Aontacht idirnáisiúnta

Ní bheidh na daoine a mhairfidh ar an domhan nua deighilte de réir grúpaí eitneacha. Beidh an cine daonna go léir aontaithe. (Apacailipsis 7:9, 10) Beidh grá ag gach duine a bheidh ina chónaí ar an talamh do Dhia agus dá chéile, agus beidh siad ag comhoibriú go síochánta lena chéile chun bunchuspóir Dé a chur i gcrích agus chun aire a thabhairt dá mbaile, an talamh.—Salm 115:16.

Timpeallacht nádúrtha gan truailliú

Nuair a bheidh Ríocht Dé i gceannas na talún, glacfaidh an Cruthaitheoir smacht iomlán ar gach gné den aimsir, agus láimhseáil sé go cothrom agus go neamhchlaonta, gach a mbaineann léi. (Salm 24:1, 2) Nuair a bhí sé ar an talamh, thug Íosa léargas ar an gcumhacht a thug Dia dó nuair a chiúnaigh sé stoirm scanrúil gan aon stró. (Marcas 4:39, 41) Nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú, mairfidh muid go síochánta leis na hainmhithe agus ní bheifear ag scriosadh na timpeallachta a thuilleadh.—Hóisé 2:18.

Sláinte fhoirfe agus neart le n-ithe

Beidh gach duine i mbarr na sláinte. Ní bheidh tinneas, bás, ná seanaois ann. (Íseáia 35:5, 6) Bainfidh daoine taitneamh as timpeallacht ghlan cosúil leis an ngairdín álainn a bhí ag Ádhamh agus Éabha in Éidin. Díreach mar a bhí i ngairdín Éidin, beidh neart bia sa domhan nua mar tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh go flúirseach. (Geineasas 2:9) Cosúil le náisiún ársa Dé in Iosrael, “íosfaidh [gach duine sa bParthas a] sáith aráin.”—Léivític 26:4, 5.

Síocháin agus slándáil bhuan

Faoi rialtas domhanda Dé, bainfidh gach duine taitneamh as an tsíocháin agus beidh siad go deas cineálta agus féaráilte lena chéile. Ní bheidh aon chogaí ann, ní dhéanfar mí-úsáid ar údarás, agus ní bheidh daoine ag streachailt leis an nganntanas. Geallann an Bíobla: “Beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu.”—Míocá 4:3, 4.

Neart tithe agus obair shásúil

Beidh a dteach féin ag gach teaghlach, agus obair shásúil acu le déanamh. Deir an Bíobla nach mbeidh siad siúd a bheidh ina gcónaí ar dhomhan nua Dé “ag sclábhaíocht in aisce.”—Íseáia 65:21-23.

An t-oideachas is fearr

Geallann an Bíobla go mbeidh “an talamh lán le heolas ar an Tiarna.” (Íseáia 11:9) Foghlaimeoidh an dream a mhairfidh ar an domhan nua ó eagna gan teorainn a gCruthaitheora, Iehova, agus faoi na rudaí iontacha a chruthaigh sé. Ní úsáidfidh siad a gcuid eolais chun armlón a dhéanamh nó chun dochar a dhéanamh do dhaoine eile. (Íseáia 2:4) Ina áit sin, foghlaimeoidh siad le maireachtáil go síochánta lena chéile agus le haire a thabhairt don domhan.—Salm 37:11.

Saol gan aon deireadh

Réitigh Dia an talamh go cúramach sa gcaoi is go mbainfidh muid taitneamh as an saol gach lá. Tá sé ar intinn aige go mairfeadh daoine ar an talamh go deo. (Salm 37:29; Íseáia 45:18) Chun é seo a dhéanamh, “cuirfidh sé an bás ar ceal go deo.” (Íseáia 25:8) Geallann an Bíobla: “ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh.” (Apacailipsis 21:4) Tabharfaidh Dia an deis maireachtáil go deo anseo ar an talamh dóibh siúd a shábhálfaidh sé nuair a scriosfaidh sé an domhan gránna seo agus don dream a thógfaidh sé ó mhairbh.—Eoin 5:28, 29; Gníomhartha 24:15.

Tá na milliún duine ar fud an domhain ag fáil réidh anois le maireachtáil faoi Ríocht Dé a bheidh ag rialú na talún go luath. Cé go bhfuil siad neamhfhoirfe, tá siad ag iarraidh na cáilíochtaí a theastaíonn le maireachtáil i ndomhan nua Dé a bhaint amach anois. Cén chaoi? Trí aithne a chur ar Iehova Dia agus ar a mhac, Íosa Críost.—Eoin 17:3.

Faigh amach níos mó faoin mbealach ar féidir leat a theacht slán ag an deireadh agus maireachtáil ar dhomhan nua Dé atá i ngar. Glac le crúsa idirghníomhach ar an mBíobla saor in aisce ó duine d’Fhinnéithe Iehova, ag úsáid an leabhar Mair Go Sona Go Deo!