Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia

A thuismitheoirí, bainigí úsáid as na scéalta seo chun ceachtanna luachmhara ón mBíobla a mhúineadh do bhur bpáistí.

Réamhrá

Is féidir leis an méid atá ráite i nDeotranaimí a bheith mar threoir duit agus tú ag tógáil do chuid páistí.

CEACHT 1

Rún a Chuireann Áthas Orainn

Déanann an Bíobla cur síos ar rún speisialta ar a dtugtar an rún naofa. Ar mhaith leatsa foghlaim faoi?

CEACHT 2

Bhí Ribeacá ag Iarraidh Iehova a Shásamh

Cén chaoi ar féidir linne aithris a dhéanamh ar Ribeacá? Léigh an scéal agus foghlaim tuilleadh fúithi.

CEACHT 3

Chreid Rácháb in Iehova

Faigh amach cén chaoi ar sábháladh Rácháb agus a teaghlach nuair a scriosadh Ireachó.

CEACHT 4

Bhí a hAthair agus Iehova Sásta Léi

Cén gealltanas a chomhlíon iníon Iaftá? Cén chaoi ar féidir linn aithris a dhéanamh uirthi?

CEACHT 5

Déanann Samúéil an Rud Ceart

Cén chaoi ar féidir leatsa aithris a dhéanamh ar Shamúéil agus an rud ceart a dhéanamh fiú nuair a bhíonn daoine eile ag déanamh drochrudaí?

CEACHT 6

Ní Raibh Faitíos ar Dháiví

Léigh an scéal maith seo, atá le fáil sa Bhíobla, chun a fháil amach cén fáth a raibh Dáiví chomh cróga.

CEACHT 7

An mBíonn Uaigneas nó Faitíos Ort Riamh?

Céard a d’inis Iehova d’Éilias nuair a mhothaigh sé go raibh sé as féin? Céard is féidir leatsa a fhoghlaim ó gach a tharla d’Éilias?

CEACHT 8

Bhí Cairde Maithe ag Ióisíá

De réir an Bhíobla bhí sé an-deacair ag Ióisíá an rud ceart a dhéanamh. Faigh amach cén chaoi ar chabhraigh a chairde leis.

CEACHT 9

Ní Stopadh Irimia Ag Labhairt Faoi Iehova

Cé go raibh daoine ag magadh faoi agus go raibh siad feargach leis, cén fáth ar choinnigh Irimia air ag labhairt faoi Dhia?

CEACHT 10

Bhí Íosa Umhal i gCónaí

Ní bhíonn sé éasca i gcónaí a bheith umhal do do thuismitheoirí. Féach mar is féidir le dea-shampla Íosa cabhrú leatsa.

CEACHT 11

Scríobh Siad Faoi Íosa

Faigh amach faoin ochtar de scríbhneoirí an Bhíobla a mhair le linn d’Íosa a bheith ar an talamh agus a scríobh faoina shaol.

CEACHT 12

Bhí Misneach ag Nia Phóil

Shábháil an fear óg seo a uncail ón mbás. Céard a rinne sé?

CEACHT 13

Bhí Tiomóid Ag Iarraidh Cabhrú Le Daoine

Cén chaoi ar féidir leatsa saol sona, suimiúil a bheith agat, mar a bhí ag Tiomóid?

CEACHT 14

Ríocht a Rialóidh an Domhan go Léir

Cén chaoi a mbeidh an saol nuair a bheidh Íosa ag rialú na talún? Ar mhaith leatsa a bheith ann?