Íseáia 20:1-6
20 An bhliain ar tháinig an tArdoifigeach go hAisdeod, arna chur uaidh ag Sargon, rí na hAsaíre, d’ionsaigh sé Aisdeod agus ghabh é.
2 San am sin, bhí an Tiarna tar éis labhairt trí mhinistreacht Íseáia mhic Ámóz. Dúirt sé leis: “Gabh agus scaoil an t-éadach róin atá thart ar do choim agat agus bain na cuaráin de do chosa.” Rinne sé amhlaidh agus bhí sé ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht.
3 Ansin dúirt an Tiarna: “Díreach mar bhí mo sheirbhíseach Íseáia ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht ar feadh trí bhliain, ina chomhartha agus ina mhana don Éigipt agus do Chúis,
4 is amhlaidh a dhéanfaidh rí na hAsaíre cimí na hÉigipte agus deoraithe Chúis a chinnireacht ar shiúl leis, idir óg agus aosta, tarnocht agus cosnocht agus másnocht.
5 Agus beidh eagla agus náire oraibh as Cúis, a raibh bhur muinín ann, agus as an Éigipt, a raibh sibh chomh teann sin aisti.
6 Agus déarfaidh muintir an chósta anseo: ‘Féach ar tharla don té a raibh muinín againn ann agus a ndeachaigh muid chuige ar lorg cabhrach agus dídine ar rí na hAsaíre. Cén bealach éalaithe atá againn anois?’”