Íseáia 23:1-18

23  Fáistine i dtaobh na Tuíre. Caoinigí, a longa Thairsís,mar tá bhur longfort scriosta.Ar a mbealach ó thír Chitímis ea chuala siad an scéala.  Déanaigí mairgneach, a mhuintir an chósta,a cheannaithe Shíodóine,a mbíodh bhur bhfeidhmeannaigh ag taisteal na bhfarraigí  agus na bóchna móire.Arbhar na Níle agus fómhar na hAbhanna rinne a saibhreas,agus bhíodh sí ag díol leis an domhan mór.  Náire agus ceann faoi ort, a Shíodón,óir seo mar a labhraíonn an tréanmhuir:“Tinneas clainne níl orm feasta, ná ní bheirim leanbh;níl clann mhac agam le tógáilná iníonacha le hoiliúint.”  Nuair a gheobhaidh siad an tuairisc san Éigipt,beidh siad ar crith de bharr chinniúint na Tuíre.  Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad,bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta.  An é sin bhur gcathair ghriothalánach,a bhfuil cáil uirthi ón seanam anall,a dtugadh a cosa ag taisteal i bhfad i.,chun cónaí a dhéanamh i gcéin?  Cé a cheap an beart seoi gcoinne Tuír na gcoróineacha,a mbíodh a ceannaithe ina bprionsaí,agus a trádálaithe ar mhóruaisle na talún?  Is é Tiarna na Slua a bheartaigh,chun díomas a scéimhe a ísliú,chun toicithe na talún a chaitheamh síos. 10  Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís,níl an calafort ann níos mó! 11  Shín an Tiarna amach a lámh os cionn na farraigeagus chroith sé a cuid ríochtaí;thug sé an t-ordú go scriosfaí dúnfoirt Chanán. 12  Dúirt sé: “Ná bíodh lúcháir ort níos mó,a mhaighdean ar a ndearnadh éigean,a iníon Shíodóine!Dá n-éireofá agus triall anonn go Citím;thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.” 13  Féach an tír seo dár dhual longa!Thóg na Caildéigh a dtúir léigir.Leag siad a cuid daingeanagus d’fhág ina ballóg í. 14  Caoinigí, a longa Thairsís,mar tá bhur longfort scriosta! 15  Tarlóidh sé an lá sin go ndéanfar dearmad ar an Tuír go cionn deich mbliana agus trí scór. Ach nuair a thiocfaidh rí eile i gcoróin, i gcionn deich mbliana agus trí scór, beidh an Tuír cosúil le striapach an amhráin: 16  Tóg do chláirseach, déan cuairt na cathrach,a striapach bhocht thréigthe!Seinn go binn, croch suas do cheol,spreag cuimhne ort sna daoine arís! 17  Mar sin i gcionn deich mbliana agus trí scór tiocfaidh an Tiarna ar a chuairt chuig an Tuír. Tosóidh sí arís ar chúiteamh a cuid striapachais a fháil. Deanfaidh sí striapach di féin le ríochtaí an domhain uile ar dhroim talún. 18  Ach déanfar a sochar agus a tuarastal a thiomnú don Tiarna; ní chruinneofar ná ní chuirfear i dtaisce iad. Is dóibh siúd a chaitheann a saol os comhair an Tiarna a rachaidh a sochar, chun go mbeidh a sáith le hithe acu agus éadach galánta.

Fonótaí