Íseáia 4:1-6

4  Agus béarfaidh seachtar ban greimar aon fhear amháin, an lá sin:“Gheobhaimid bia dúinn féin,” a déarfaidh siad,“agus cuirfimid éadaí orainn féin;ach lig dúinn d’ainm a thabhairt orainn féin,tóg dínn cúis ár náire.”  Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarnafaoi loinnir agus faoi mhaise,agus toradh na talúnmar ghlóir agus mar scéimhag iarmhar Iosrael.  An dream a mhairfidh de Shíón,fuíoll áir Iarúsailéimtabharfar naoimh orthu uileagus clárófar ar rolla na beatha iad in Iarúsailéim.  Truailliú iníon Shíón,nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna,agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadhle siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe,  tiocfaidh an Tiarna a chónaíi ngach uile chuid de Shliabh Shíónagus orthu siúd a thagann le chéile ann,ina néal agus ina dheatach de lá,agus d’oíche, ina chaor thine luisneach.Óir os a chionn ar fad, beidh glóir an Tiarnaina léibheann  agus ina bothchun scáth a thabhairt sa lá in aghaidh an teasa,agus chun bheith ina tearmann agus ina dídean in éadan báistí agus stoirme.

Fonótaí