Íseáia 40:1-31
40 “Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,”
a deir bhur nDia.
2 “Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí digo bhfuil aimsir a seirbhíse istigh,go bhfuil a peaca maite,go bhfuair sí ó láimh an Tiarnapionós faoi dhó ina cionta go léir.”
3 Tá glór ag fógairt:“Réitigí cosán san fhásachle haghaidh an Tiarna.Déanaigí díreach thar an machairebealach mór dár nDia.
4 Líontar isteach gach gleann,agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc;déantar achréidh de na hailteannaagus míntír den gharbhchríoch.
5 Ansin foilseofar glóir an Tiarnaagus feicfidh an uile fheoil í in éineacht.Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.”
6 Deir glór: “Glaoigh!”agus deirimse ar ais: “Cad a ghlaofaidh mé?”—“Tá an uile fheoil mar an féaragus a scéimh ar fad mar bhláth an mhachaire.
7 Feonn an féar, tréigeann an bláth,nuair a shéideann anáil an Tiarna orthu.(Is ea, is é an pobal an féar.)
8 Feonn an féar, tréigeann an bláth,ach seasann briathar ár nDé go deo.”
9 Suas leat ar shliabh ard,a challaire an dea-scéala chuig Síón.Ardaigh do ghlór go láidir,a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim.Ardaigh do ghlór gan eagla,abair le bailte Iúdá:“Seo é bhur nDia.”
10 Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart,agus a lámh ag smachtú roimhe!Tá a luach saothair leis ina sheilbh,agus a éadáil ag dul roimhe amach.
11 Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó,ag bailiú na n-uan chuige ina bhaclainn,á n-iompar ar chlár a uchtaagus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
12 Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraigeagus a leag amach na spéartha lena réise?a chruinnigh cré na talún i miosúr,a rinne na sléibhte a mheá sna scálaíagus na cnocáin in ainsiléad?
13 Cé a thabharfadh treoir do spiorad an Tiarnanó cén comhairleoir a thabharfadh teagasc dó?
14 Cé air a d’iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas,chun eolas a chur ar bhealach na córach,chun slí na tuisceana a aimsiú?
15 Féach, tá na ciníocha mar bheadh braon i mbuicéad aige!níl iontu ach deannach ar an ainsiléad.Tógann sé suas na hoileáin mar nach mbeadh iontu ach dúlagáin.
16 Níor leor an Liobáin ar fad le haghaidh connaidh,ná níor leor a hainmhithe le haghaidh íobairt loiscthe.
17 Is cuma na ciníocha nó neamhní ina láthair;is baoth leis iad agus is lú ná neamhní.
18 Cé leis mar sin a chuirfidh sibh Dia i gcosúlacht?Cén tsamhail a thabharfaidh sibh dó?
19 Íol, an ea? Rud a theilgeann ceardaí i múnla,a gcuireann gabha screamh óir air,agus a ngaibhníonn sé slabhraí airgid dó.
20 Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó,adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas.
21 An ea nárbh eol daoibh? An ea nár chuala sibh?An ea nár insíodh daoibh é ón tús?An ea nach bhfuil sé tuigthe agaibh ó bunaíodh an domhan?
22 Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne,agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh.Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu,spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.
23 Cuireann sé na huachtaráin ó chrích,agus breithiúna na talún ar neamhní.
24 Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh,ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngasná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirtagus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.
25 “Cé leis a shamhlóidh sibh mé,nó an bhfuil mo leithéid eile ann,” a deir an Neach Naofa.
26 Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí:Cé a chruthaigh na reanna údmurarb é an té a scarann amach in eagar slua iadagus a ghlaonn orthu go léir ina n-ainm?Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidirnach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.
27 Cén fáth a ndeir tú, a Iacóib,agus a maíonn tú, a Iosrael:“Tá mo chinniúint ceilte ar an Tiarnaagus mo cheart scaoilte thairis ag mo Dhia”?
28 An ea nach bhfuil fhios agat?An ea nach eol duit é?
Dia síoraí is ea an Tiarna,is é a chruthaigh críocha na talún.Ní thagann tuirse air ná traochadhagus níl léamh ar a eagna.
29 Tugann sé neart don té atá tuirseach,cuireann fuinneamh arís sa té atá lag.
30 Fiú an t-aos óg, bíonn siad tuirseash traochta,agus baintear tuisliú as fir óga chomh maith.
31 Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu,éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair.Ritheann siad gan a bheith cortha,siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.