1 Croinicí 14:1-17

14  Chuir Híorám rí na Tuíre teachtairí go Dáiví le hadhmad céadair agus saoir chloiche, agus saoir adhmaid, le pálás a thógáil dó.  Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ag an Tiarna mar rí ar Iosrael, agus go raibh a réimeas á mhóradh ar mhaithe lena phobal Iosrael.  Ghlac Dáiví a thuilleadh ban chuige i Iarúsailéim agus ghin sé a thuilleadh mac agus iníonacha.  Seo iad ainmneacha na leanaí a rugadh dó in Iarúsailéim: Seamúa, Seobáb, Nátán, Solamh,  Ibcheár, Eilíseúa, Eilpilit,  Noga, Neifig, Iáifía,  Eilíseámá, Beiliádá, agus Eilífilit.  Nuair a chuala na Filistínigh gur ungadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir mháirseáil siad go léir amach ar a thóir. Chuala Dáiví ina thaobhsan agus ghabh sé amach ina gcoinne.  Nuair a tháinig na Filistínigh chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím. 10  Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia á rá: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú i mo lámha dom iad?” D’fhreagair an Tiarna é: “Ionsaigh iad! Tabharfaidh mé i do lámha duit iad.” 11  Ghabh siad suas go Bál Parázaím dá bhrí sin agus bhuaigh Dáiví orthu ansiúd. Dúirt Dáiví: “Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad le mo chabhair, faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.” Tugadh, dá bhrí sin, Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin. 12  D’fhág na Filistínigh a n-íola ansiúd agus d’ordaigh Dáiví iad a dhó, rud a rinneadh. 13  Tháinig na Filistínigh arís agus chuir siad cóiriú oscailte catha orthu féin sa ghleann. 14  Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia agus d’fhreagair Dia é: “Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gabh timpeall agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim. 15  Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann balsaim, ar aghaidh le d’ionsaí mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.” 16  Rinne Dáiví mar a d’ordaigh an Tiarna dó, agus chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go dtí Bealach Gheizir. 17  Leath cáil Dháiví ar fud na gcríoch go léir, agus líon an Tiarna gach cine le heagla roimhe.

Fonótaí