1 Croinicí 25:1-31

25  Dáiví, agus na feidhmeannaigh shinsearacha, chuir siad ar leithligh: clann mhac Ásáf agus Haemán agus Iadútún, fáithe a chanadh le tionlacan ó chruit ó chláirseach agus ó chiombal, agus rinneadh liosta díobh siúd a raibh na dualgais sin le comhlíonadh acu.  De chlann Ásáf: Zacúr, Iósaef, Natainiá, Aisearaelá. Bhí clann Ásáf faoi threoir Ásáf, a rinne fáidheoireacht faoi threoir an rí.  De Iadútún: clann mhac Iadútún: Gadailiá, Zeirí, Íseáia, [Simeí], Haisaibiá, Maititiá; bhí seisear díobh faoi threoir Iadútún, a n-athair, a rinne fáidheoireacht le tionlacan na cruite ag moladh agus ag móradh an Tiarna.  De Haemán: clann mhac Haemán: Buicíá, Matainiá, Uizíéil, Seabúéil, Iaraemót, Hanainiá, Hanáiní, Eilíátá, Giodailtí, Romaimtí Eizir, Iosbacáiseá, Malóití, Hóitír, Machaizíót.  Clann mhac Haemán an fáidh iadsan go léir. Ba iad a shéideadh an stoc mar thionlacan le briathra Dé. Bhronn Dia ceathrar mac déag agus triúr iníon ar Haemán.  Chanaidís go léir i dTeampall an Tiarna faoi threoir a n-athar, le tionlacan an chiombail, na cruite, na clairsí, i gcomhair an liotúirge i dteach an Tiarna faoi threoir an rí. Maidir le hÁsáf, Iadútún agus Haemán,  an méid díobh a bhí oilte le canadh don Tiarna, cláraíodh iad lena ngaolta; ba é líon na ndaoine a cláraíodh ná dhá chéad agus ochtó a hocht.  Cuireadh a dtéarmaí dualgais ar cranna dóibh go léir, idir shóisear agus shinsear, idir mháistir agus dhalta.  Ba é an chéad duine ar ar thit an crann an tÁsáfach, Iósaef; an dara duine, Gadailiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 10  An tríú duine, Zacúr. 11  An ceathrú duine, Ízrí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 12  An cúigiú duine, Natainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 13  An séú duine, Buicíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 14  An seachtú duine, Aisearaelá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 15  An t-ochtú duine, Íseáia, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 16  An naoú duine, Matainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 17  An deichiú duine, Simeí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 18  An t-aonú duine déag, Azarael, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 19  An dara duine déag, Haisaibíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 20  An tríú duine déag, Seabúéil, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 21  An ceathrú duine déag, Maititiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 22  An cúigiú duine déag, Iaraemót, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 23  An séú duine déag, Hanainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 24  An seachtú duine déag, Iosbacáiseá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 25  An t-ochtú duine déag, Hanáiní, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 26  An naoú duine déag, Malóití, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 27  An fichiú duine, Eilíátá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 28  An t-aonú duine fichead, Hóitír, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 29  An dara duine fichead, Giodailtí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 30  An tríú duine fichead, Machaizíót, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 31  An ceathrú duine fichead, Romaimtí Eizir, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

Fonótaí