1 Croinicí 3:1-24

3  Seo iad clann mhac Dháiví a rugadh dó i Heabrón: an chéadghin Amnon ó Aichíonam as Izréil; an dara mac Dáníéil ó Aibiogáil ó Chairmeil.  An tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Talmai rí Ghisiúr; an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít;  an cúigiú mac Safaitiá mac Aibíteál; an séú mac Itreám óna bhean Eaglá.  Rugadh seisear dó dá bhrí sin i Heabrón mar a raibh sé i réim seacht mbliana agus sé mhí. Bhí sé tríocha trí bliana i réim in Iarúsailéim.  Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin;  Ibcheár, Eiliseámá, Eilífilit,  Noga, Neifig, Iáifia,  Eilíseámá, Eiliádá, Eilífilit; naonúr.  Sin iad clann mhac uile Dháiví, seachas clann mhac na leannán. Deirfiúr dóibh ab ea Támár. 10  Sliocht Sholaimh: Rachabám, Aibíá a mhac, Ásá a mhacsan, Iahóiseáfát a mhacsan, 11  Iórám a mhacsan, Achaizíá a mhacsan, Ióáis a mhacsan, 12  Amaiziá a mhacsan, Azairiá a mhacsan, Iótám a mhacsan, 13  Áchaz a mhacsan, Hiziciá a mhacsan, Manaise a mhacsan, 14  Ámón a mhacsan, Ióisíá a mhacsan. 15  Clann mhac Ióisíá: Ióchánán an chéadghin, Iahóiácaím an dara mac, Zidicíá an tríú mac, Sealúm an ceathrú mac. 16  Clann mhac Iahóiácaím: Iacoiniá a mhac, Zidicíá a mhacsan. 17  Clann Iacoiniá an cime: Seailtíéil a mhac; 18  Mailcíreám, Padáiá, Seanazar, Iacaimiá, Hóiseámá, Nadaibiá. 19  Clann mhac Phadáiá: Zarubáibil, Simeí. Clann mhac Zarubáibil: Misiulám agus Hanainiá; deirfiúr dóibh Sealoimít. 20  [Clann mhac Mhisiulám] Haisiubá, Óihil, Biriciá, Hasaidiá, Iúiseab Heisid; cúigear. 21  Clann mhac Hanainiá; Palaitiá, Íseáia a mhacsan; Rafáiá a mhacsan, Arnán a mhacsan, Obaidiá a mhacsan, Seacainiá a mhacsan. 22  Clann mhac Sheacainiá: Seamaiá. Clann mhac Sheamaiá: Hatúis, Igeal, Báiriá, Nairiá, Seáfát; seisear. 23  Clann mhac Nairiá; Eilióaenai, Hizcía, Aizríocám; triúr. 24  Clann mhac Eilióaenai: Hódaiviá, Eiliáisíb, Paláiá, Acúl, Ióchánán, Daláiá, Anáiní, seachtar.

Fonótaí