1 Croinicí 6:1-81
6 [5:27] Clann mhac Léiví: Géirseon, Cohát, Maráraí.
2 [5:28] Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón, Uizíéil.
3 [5:29] Clann Amrám: Árón, Maois agus Miriám. Clann Árón: Nádán, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.
4 [5:30] Ghin Eileázár Píneachás. Ghin Píneachás Aibíseúa.
5 [5:31] Ghin Aibíseúa Bucaí. Ghin Bucaí Uizí.
6 [5:32] Ghin Uizí Zaraichiá. Ghin Zaraichiá Maráiót.
7 [5:33] Ghin Maráiót Amairiá. Ghin Amairiá Aichítiúb.
8 [5:34] Ghin Aichítiúb Zádóc. Ghin Zádóc Aichímeaz,
9 [5:35] Ghin Aichímeáz Azairiá. Ghin Azairiá Ióchánán.
10 [5:36] Ghin Ióchánán Azairiá—eisean a bhí ag fónamh mar shagart sa Teampall a thóg Solamh in Iarúsailéim.
11 [5:37] Ghin Azairiá Amairiá. Ghin Amairiá Aichítiúb.
12 [5:38] Ghin Aichítiúb Zádóc. Ghin Zádóc Sealúm.
13 [5:39] Ghin Sealúm Hilcíá. Ghin Hilcíá Azairiá.
14 [5:40] Ghin Azairiá Saráiá. Ghin Saráiá Iahózádác.
15 [5:41] Chaith Iahózádác dul ar deoraíocht nuair a sheol an Tiarna Iúdá agus Iarúsailéim chun deoraíochta i lámha Nabúcadnazar.
16 [6:1] Clann mhac Léiví: Géirseom, Cohát, Maráraí.
17 [6:2] Seo iad ainmneacha chlann mhac Ghéirseom: Libní agus Simeí.
18 [6:3] Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón, Uizíéil.
19 [6:4] Clann mhac Mharáraí: Mailí agus Múisí. Sin iad finí Léiví de réir a sinsear.
20 [6:5] Maidir le Géirseom: Libní a mhac, Iachat a mhacsan, Zimeá a mhacsan,
21 [6:6] Ióách a mhacsan, Ideo a mhacsan, Zearach a mhacsan, Iataraí a mhacsan.
22 [6:7] Clann mhac Chohát: Amaíneádáb a mhacsan, Corach a mhacsan, Aisír a mhacsan,
23 [6:8] Ealcáná a mhacsan, Eibiásáf a mhacsan, Aisír a mhacsan,
24 [6:9] Tachat a mhacsan, Úiríéil a mhacsan, Uizíá a mhacsan, Seáúl a mhacsan.
25 [6:10] Clann mhac Ealcáná: Amásai agus Aichímeot.
26 [6:11] Ealcáná a mhacsan, Sófaí a mhacsan, Nachat a mhacsan,
27 [6:12] Eilíáb a mhacsan, Iarochám a mhacsan, Ealcáná a mhacsan.
28 [6:13] Clann mhac Ealcáná: Samúéil a chéadghin, Aibíá a dhara mac.
29 [6:14] Clann mhac Mharáraí: Mailí, Libní a mhac,
30 [6:15] Simeí a mhacsan, Haigíá a mhacsan, Asáiá a mhacsan.
31 [6:16] Seo iad an mhuintir a chuir Dáiví i bhfeighil na cantaireachta i dTeampall Dháiví tar éis don áirc teacht ann go seasta.
32 [6:17] Ba é a ndualgas cúram a dhéanamh den chantaireacht os comhair taibearnacal Bhoth na Teagmhála nó gur thóg Solamh Teampall an Tiarna in Iarúsailéim; de réir na rialacha a ceapadh dóibh is ea a rinne siad a gcúram.
33 [6:18] Seo iad na fir a rinne seirbhís, agus a mic: De chlann mhac Chohát: Haemán an cantaire, mac Ióéil, mac Shamúéil,
34 [6:19] mac Ealcáná, mac Iarochám, mac Eilíéil, mac Thóach,
35 [6:20] mac Zúf, mac Ealcáná, mac Mhachat, mac Amasai,
36 [6:21] mac Ealcáná, mac Ióéil, mac Azairiá, mac Zafainiá,
37 [6:22] mac Thachat, mac Aisír, mac Eibiásáf, mac Chorach,
38 [6:23] mac Izeár, mac Chohát, mac Léiví, mac Iosrael.
39 [6:24] Sheas a dheartháir Ásáf ar dheis: Ásáf mac Bheiriciá, mac Shimeá,
40 [6:25] mac Mhíocáéil, mac Bháiséiá, mac Mhíocáéil,
41 [6:26] mac Eitní, mac Zearach, mac Adáiá,
42 [6:27] mac Éatán, mac Zimeá, mac Shimeí,
43 [6:28] mac Iachat, mac Ghéirseom, mac Léiví.
44 [6:29] Ar chlé bhí clann mhac Mharáraí: Éatán mac Chisí, mac Aibdí, mac Mhallúc,
45 [6:30] mac Haisibiá, mac Amaiziá, mac Hilcíá,
46 [6:31] mac Aimzí, mac Bháiní, mac Sheimir,
47 [6:32] mac Mhailí, mac Mhúisí, mac Mharáraí, mac Léiví.
48 [6:33] Bhí a ndeartháireacha na Léivítigh tíolactha go hiomlán do sheirbhís thaibearnacal Theampall an Tiarna.
49 [6:34] Árón agus a chlann mhac a dhéanadh na hofrálacha a dhó ar altóir an uileloiscthe agus ar altóir na túise; ní raibh de churam orthu ach na nithe rónaofa, agus seirbhís an leorghnímh d’Iosrael de réir gach ar ordaigh Maois searbhónta an Tiarna.
50 [6:35] Seo iad clann mhac Árón: Eileázár, Píneachás a mhac, Aibíseúa a mhacsan,
51 [6:36] Bucaí a mhacsan, Úizí a mhacsan, Zaraichiá a mhacsan,
52 [6:37] Maráiót a mhacsan, Amairiá a mhacsan, Aichítiúb a mhacsan,
53 [6:38] Zádóc a mhacsan, Aichímeáz a mhacsan.
54 [6:39] Seo iad a n-áitribh de réir teorainneacha a dtailte: Do chlann mhac Árón d’fhine na gCohátach (mar is orthu a thit an crann),
55 [6:40] thug siad Heabrón i dtír Iúdá, agus a fhéarach máguaird;
56 [6:41] ach thug siad páirceanna agus sráidbhailte na cathrach seo do Chálaeb mac Iafuna.
57 [6:42] Do chlann mhac Árón, thug siad na cathracha tearmainn: Heabrón, Libneá agus a thalamh féaraigh, Iaitir, Eistimeo, lena thalamh féaraigh,
58 [6:43] Híléin lena thalamh féaraigh, Deibír lena thalamh féaraigh,
59 [6:44] Áiseán lena thalamh féaraigh, Béit Seimis lena thalamh féaraigh.
60 [6:45] Ó threibh Bhiniáimin thug siad Geaba lena thalamh féaraigh, Ailimit lena thalamh féaraigh, Anatót lena thalamh féaraigh; fuair a bhfiní trí chathair déag ar fad.
61 [6:46] Tugadh ar cranna don chuid eile de na Cohátaigh, deich gcathracha ó fhiní na treibhe, ón leath-threibh, leath Mhanaise.
62 [6:47] Tugadh trí chathair déag do na Géirseomaigh de réir a bhfiní, as treibh Íosácár, as treibh Áiséar, as treibh Naftáilí agus as treibh Mhanaise i mBáiseán.
63 [6:48] Tugadh dhá chathair déag do na Maráraígh de réir a bhfiní, as treibh Reúbaen, as treibh Ghád, agus as treibh Zabúlun.
64 [6:49] Thug clann Iosrael na cathracha sin lena dtalamh féaraigh do na Léivítigh.
65 [6:50] Thug siad dóibh chomh maith, de chur crann, na cathracha a ainmníodh uathu as treibh Iúdá, as treibh Shimeon, agus as treibh Bhiniáimin.
66 [6:51] Tugadh freisin d’fhiní de chlann Chohát cathracha dá gcuid féin de threibh Eafráim.
67 [6:52] Tugadh dóibh na cathracha tearmainn: Seicim lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, Geizir lena thalamh féaraigh,
68 [6:53] Iocmám lena thalamh féaraigh, Béit Horon lena thalamh féaraigh,
69 [6:54] Aiálón lena thalamh féaraigh, Gat Rimeon lena thalamh féaraigh;
70 [6:55] as leath-threibh Mhanaise: Ánaer lena thalamh féaraigh, Bileám lena thalamh féaraigh, don chuid eile d’fhiní chlann Chohát.
71 [6:56] Tugadh do shliocht Ghéirseom as leath-threibh Mhanaise: Gólán i mBáiseán lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh;
72 [6:57] agus as treibh Íosácár: Ceidis lena thalamh féaraigh, Dábarat lena thalamh féaraigh.
73 [6:58] Rámot lena thalamh féaraigh agus Ánaem lena thalamh féaraigh;
74 [6:59] as treibh Áiséar: Máiseál lena thalamh féaraigh, agus Abdón lena thalamh féaraigh,
75 [6:60] Húcoc lena thalamh féaraigh, agus Rachob lena thalamh féaraigh;
76 [6:61] as treibh Naftáilí: Ceidis sa Ghailíl lena thalamh féaraigh, Hamón lena thalamh féaraigh, Ciriátaím lena thalamh féaraigh.
77 [6:62] Don chuid eile de na Maráraígh, tugadh as treibh Zabúlun, Rimeonó lena thalamh féaraigh, Tábór lena thalamh féaraigh;
78 [6:63] agus thar Iordáin ag Ireachó, lastoir den Iordáin, as treibh Reúbaen: Beizir san fhásach lena thalamh féaraigh, Iahzá lena thalamh féaraigh,
79 [6:64] Cidéamót lena thalamh féaraigh, agus Maefát lena thalamh féaraigh;
80 [6:65] as treibh Ghád: Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, Machanaím lena thalamh féaraigh,
81 [6:66] Heisbeón lena thalamh féaraigh, agus Iazaer lena thalamh féaraigh.