1 Ríthe 17:1-24

17  Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”  Tháinig briathar an Tiarna chuige á rá:  “Imigh leat as an áit seo, gabh soir agus téigh i bhfolach i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin.  Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.”  Rinne sé mar a dúirt an Tiarna leis; d’imigh sé agus d’fhan sé i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin.  Thugadh na fiacha arán chuige ar maidin agus feoil um thráthnóna, agus d’óladh sé uisce an tsrutháin.  Ar ball beag chuaigh an sruthán i ndísc toisc nach raibh fearthainn sa tír.  Ansin tháinig briathar an Tiarna chuige á rá:  “Éirigh agus imigh leat go Zárafat, cathair Shíodónach, agus fan ansin. Thug mé ordú, féach, do bhaintreach ansiúd thú a chothú.” 10  D’éirigh sé agus d’imigh mar sin go Zárafat. Nuair a bhain sé geata na cathrach amach, bhí baintreach ann ag cruinniú brosna. Chuir sé forrán uirthi agus dúirt: “Tabhair chugam le do thoil braoinín uisce i soitheach, ionas go mbeadh deoch uisce agam.” 11  Bhí sí ar tí imeacht faoina choinne nuair a ghlaoigh sé uirthi: “Ar mhiste leat,” ar sé, “blúire aráin a thabhairt chugam i do láimh.” 12  “Dar an Tiarna do Dhia beo,” a d’fhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.” 13  Ach dúirt Éilias léi: “Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac. 14  Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Ní bheidh an próca mine ídithe,ní bheidh an crúiscín ola folamh,nó go dtiocfaidh an lá a chuirfidh an Tiarnafearthainn ar aghaidh na talún.’” 15  D’imigh sí agus rinne mar a dúirt Éilias léi agus d’ith siad an bia, ise, eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta. 16  Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias. 17  Tamall ina dhiaidh sin bhuail taom tinnis mac na mná, bean an tí; bhí sé chomh breoite sin nár fhan an dé ann. 18  Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m’éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?” 19  “Tabhair dom do mhac,” ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d’iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d’fhág sé ina luí ar a leaba féin é. 20  Ghlaoigh sé go hard ar an Tiarna: “A Thiarna, a Dhia liom, an é is toil leat buaireamh a chur ar an mbaintreach atá ag tabhairt aire dom trí bhás a mic?” 21  Shín sé é féin ar an leanbh trí huaire agus é ag glaoch go hard ar an Tiarna: “A Thiarna, a Dhia liom, impím ort go dtaga an t-anam isteach sa leanbh seo arís.” 22  Thug an Tiarna cluas d’urnaí Éilias agus tháinig an t-anam isteach sa leanbh athuair agus bhí sé beo. 23  Rug Éilias ar an leanbh agus thug anuas é ón seomra uachtarach agus isteach sa teach agus thug sé dá mháthair é. 24  “Féach,” arsa Éilias, “tá do mhac beo.” D’fhreagair an bhean: “Tá a fhios agam anois gur giolla Dé thú agus gur fíor briathar an Tiarna i do bhéal.”

Fonótaí