1 Ríthe 4:1-34

4  Bhí Solamh ina rí ar Iosrael go léir agus  b’iad seo a oifigigh: Azairiá mac Zádóc an sagart;  Eilíochoraf agus Aichíá, clann Shíseá, na rúnaithe; Iahóiseáfát mac Aichíliúd an t-annálaí.  (Banáiá mac Iahóideá ceannasaí an airm; Zádóc agus Aibíátár, sagairt);  Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí;  Aichíseár i gceannas an pháláis; Adoiníreám mac Abdá i gceannas an tsaothair éigeantaigh.  Bhí dháréag reachtaire ag Solamh, d’Iosrael go léir, agus is iad a sholáthraigh bia don rí agus dá theaghlach; chaith gach duine díobh soláthar a dhéanamh do mhí sa bhliain.  Seo iad a n-ainmneacha: ... mac Húr in ardáin Eafráim;  . . . mac Dheicir i Mácaz, i Seálbaím, i mBéit Seimis, agus in Aiálón go Béit Hánán. 10   . . . mac Heisid in Arubót; leis-sean a ghabh Sócó agus fearann Héifir go léir. 11   . . . mac Aibíonádáb, dúiche Dhór go léir; bhí Táfat iníon Sholaimh aige mar chéile. 12  Báná mac Aichíliúd i dTánác agus i Migideo chomh fada le Iocmám, agus Béit Seán go léir laistíos de Izréil, ó Bhéit Seán go hAbael Machólá atá láimh le Zaratán. 13   . . . mac Gheibir i Rámót Gileád; ba leis bailte Iáir mac Mhanaise atá i nGileád; agus ba leis dúiche Argob atá i mBáiseán, trí fichid cathair dhaingean le ballaí agus boltaí práis. 14  Aichíneádáb mac Ideo i Machanáím. 15  Aichimeáz i Naftáilí; bhí seisean pósta le Básamat iníon Sholaimh. 16  Báná mac Húiseá in Áiséar agus i mBeálót. 17  Iahóiseáfát mac Pharúach in Íosácár. 18  Simeí mac Éalá i mBiniáimin. 19  Geibir mac Uirí i dtír Ghileád, tír Shíochon rí na nAmórach agus Óg rí Bháiseán. Ina dteanntasan bhí reachtaire i dtír Iúdá. 20  Bhí Iúdá agus Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá; bhí bia agus deoch acu agus mhaireadar go sasta. 21  [5:1] Leath Solamh a chumhacht thar na ríochtaí go léir ón Abhainn go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte. Thug siad cíos chuig Solamh agus rinne siad seirbhís dó gach lá dá shaol. 22  [5:2] Ba é seo lón lae Sholaimh: tríocha tomhas plúir mhín agus trí fichid mine; 23  [5:3] deich ndamh biata, fiche damh féaraigh, céad caora chomh maith le fianna agus eilití agus ruabhoic, agus cuacha biata. 24  [5:4] Óir bhí sé i gceannas ar an dúiche go léir laistiar den Eofrataes, ar na ríthe go léir laistiar den Eofrataes, ó Thifseá go Gazá, agus bhí síocháin aige ar gach teorainn máguaird. 25  [5:5] Agus mhair Iúdá agus Iosrael gan bhaol ó Dhán go Béar Seaba, gach duine faoi scáth a fhíniúna agus a chrann figí, fad a mhair Solamh. 26  [5:6] Bhí [ceithre] mhíle mainséar agus dhá mhíle dhéag capall ag Solamh dá charbaid. 27  [5:7] Rinne na reachtairí sin bia a sholáthar do Sholamh agus dóibh siúd go léir dár thug sé cuireadh go bord an rí Solamh, gach reachtaire ar feadh míosa; rinneadar deimhin de nach mbeadh aon ní in easnamh. 28  [5:8] Rinneadar freisin an eorna agus an easair a sholáthar don eachra agus do na capaill iompair san áit inar ghá sin, gach duine díobh ar a sheal. 29  [5:9] Thug an Tiarna eagna agus tuiscint thar chuimse do Sholamh agus croí chomh fairsing le gaineamh na trá. 30  [5:10] Sháraigh eagna Sholaimh eagna mhuintir an Oirthir go léir agus eagna na hÉigipte. 31  [5:11] Ba eagnaí é ná aon duine eile, ba eagnaí é ná Éatán an tEazráchach, agus ná Héamán ná Calcol ná Darda, clann mhac Mháchól. Leath a cháil i measc na gciníocha go léir máguaird. 32  [5:12] Chum sé trí mhíle seanfhocal, agus ba mhíle agus a cúig líon a dhuanta. 33  [5:13] Thrácht sé thar chrainn ón gcéadar sa Liobáin go dtí an íosóip a fhásann ar an mballa; thrácht sé thar ainmhithe agus thar éin, thar phéisteanna agus thar iasc. 34  [5:14] Tháinig daoine ó gach cine chun éisteacht le heagna Sholaimh, agus ó ríthe uile an domhain a chuala faoina eagna.

Fonótaí