1 Ríthe 5:1-18

5  [5:15] Chuir Híorám rí na Tuíre toscaireacht ag triall ar Sholamh nuair a chuala sé gur ungadh é ina rí i gcomharbacht ar a athair mar ba chara riamh é Híorám do Dháiví.  [5:16] Agus sheol Solamh an teachtaireacht seo go dtí Híorám:  [5:17] “Tá a fhios agat nach raibh ar chumas Dháiví m’athair teach a thógáil d’ainm an Tiarna a Dhia, mar go raibh cogadh á chur ag a naimhde air ó gach taobh nó gur bhrúigh an Tiarna faoina chois iad.  [5:18] Ach tá suaimhneas tugtha dom ag an Tiarna mo Dhia ar gach taobh, gan namhaid agam ná tubaiste.  [5:19] Tá sé beartaithe agam dá bhrí sin teach a thógáil d’ainm an Tiarna mo Dhia, faoi mar a dúirt an Tiarna le Dáiví m’athair—‘Do mhac, an té a chuirfidh mé ina shuí i do ríchathaoir i d’áit, eisean a thógfaidh an teach do m’ainm.’  [5:20] Cuir céadair na Liobáine á ngearradh dom; déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse, agus díolfaidh mise tuarastal do shearbhóntaíse leat de réir cibé ráta a shocróidh tusa. Níl aon duine againne chomh hoilte ar leagan crann agus atá na Síodónaigh, mar is eol duit.”  [5:21] Nuair a chuala Híorám a raibh ráite ag Solamh, bhí gliondar air, agus dúirt: “Moladh leis an Tiarna inniu,” ar sé, “a thug mac eagnaí do Dháiví le bheith i gceannas ar an gcine mór seo.”  [5:22] Agus chuir Híorám scéala go dtí Solamh: “Fuair mé do theachtaireacht; táimse sásta a bhfuil uait de chrainn chéadair agus cufróige a sholáthar.  [5:23] Tabharfaidh [do] shearbhóntaí síos chun na farraige iad ón Liobáin, agus cuirfidh mé á dtarraingt ar cheann téide ar farraige iad go dtí cibé áit a déarfaidh tú; leagfaidh mé ansiúd iad agus beidh siad agatsa. Maidir leatsa, déanfaidh tú lón a sholáthar do mo theaghlach de réir mar a iarrfaidh mé.” 10  [5:24] Rinne Híorám a raibh d’adhmad céadair agus cufróige ag teastáil ó Sholamh a sholáthar dó, 11  [5:25] agus thug Solamh fiche míle tomhas cruithneachta do Híorám mar bhia dá theaghlach, agus fiche míle tomhas d’ola ghlan. Thug Solamh an méid sin do Híorám bliain i ndiaidh na bliana. 12  [5:26] Thug an Tiarna eagna mar a gheall sé do Sholamh. Bhí cairdeas idir Híorám agus Solamh agus rinneadar conradh lena chéile beirt. 13  [5:27] Rinne Solamh rí meitheal saothair éigeantaigh a thobhach ar Iosrael go léir; tríocha míle fear líon na meithle. 14  [5:28] Chuir sé iad seo chun na Liobáine ar a n-uain, deich míle sa mhí. Chaithidís mí sa Liobáin agus dhá mhí sa bhaile. Bhí Adoiníreám i gceannas na meithle. 15  [5:29] Bhí seachtó míle de lucht iompair agus ceithre fichid míle de lucht gearrtha cloch ag Solamh sna sléibhte, 16  [5:30] agus, ina dteanntasan, saoistí na bhfeidhmeannach a bhí i bhfeighil na hoibre, trí mhíle trí chéad díobh i gceannas na bhfear a bhí i mbun na hoibre. 17  [5:31] Ar ordú an rí bhaineadar clocha móra suaitheantasacha chun máithreacha an Teampaill a leagan le clocha gearrtha. 18  [5:32] Rinne saoir Sholaimh agus saoir Híorám agus na Gibligh an t-adhmad agus na clocha do thógáil an Teampaill a ghearradh agus a bhailiú.

Fonótaí