1 Samúéil 10:1-27

10  Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.  Nuair a imeoidh tú uaimse inniu, buailfidh tú le beirt fhear ag tuama Ráchael ar imeall Bhiniáimin i Zealzach, agus déarfaidh siad leat: ‘Na hasail a bhí á lorg agat, fuarthas iad; is cuma le d’athair anois faoi na hasail, ach tá imní air fúibhse, á rá leis féin: “Céard atá le déanamh agam faoi mo mhac?”’  Ar aghaidh leat ón áit sin agus tiocfaidh tú go Dair Thábór, mar a mbuailfidh tú le triúr fear ar a slí suas chun Dé i mBéitéil; beidh trí mheannán á n-iompar ag duine díobh, trí bhuilín aráin ag duine eile, agus seithe fíona ag an tríú duine.  Beannóidh siad duit agus tabharfaidh siad dhá builín aráin duit nach foláir duit a ghlacadh uathu.  Ansin rachaidh tú go Gibeá Dé (mar a bhfuil garastún na bhFilistíneach). Ag teacht chun na cathrach sin ansiúd duit, buailfidh tú le buíon fáithe ag teacht anuas ón ardionad agus cruit, bodhrán, feadóg, agus lir rompu amach; beidh buile na bhfáithe orthu.  Ansin luífidh spiorad an Tiarna ort féin agus rachaidh tusa freisin ar buile fáidh leo, agus déanfaidh fear eile díot.  Nuair a chuirfear na comharthaí sin i gcrích duit, beir ar an bhfaill mar tá Dia leat.  Gabh romham síos go Gilgeál; rachaidh mise ansiúd níos déanaí le híobairtí loiscthe agus comaoineach a ofráil. Fan seacht lá go dtiocfaidh mé chugat, agus a thaispeáint duit céard atá le déanamh agat.”  A luaithe a thug Sól cúl le Samúéil le himeacht uaidh chuir an Tiarna croí eile ina chliabh agus cuireadh na comharthaí sin go léir i gcrích an lá sin. 10  Nuair a thángadar go Gibeá, casadh buíon fáithe leis; luigh spiorad Dé go tréan air agus tháinig buile na bhfáithe air ina measc. 11  An mhuintir go léir a raibh aithne acu air, nuair a chonaiceadar é, ag fáidheoireacht leis na fáithe, dúradar le chéile: “Cad a d’éirigh do mhac Chís? An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?” 12  Agus dúirt duine ón áit: “Agus cér díobh iad?” Uaidh sin a tháinig an nath: “An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?” 13  Nuair a bhí an racht fáidheoireachta curtha de ag Sól, chuaigh sé ar ais [isteach sa teach], 14  agus d’fhiafraigh a uncail de féin agus dá shearbhónta: “Cá ndeachaigh sibh?” D’fhreagair sé: “Ag lorg na n-asal, agus nuair a chonaiceamar nach bhféadaimis iad a fháil, chuamar go Samúéil.” 15  Dúirt uncail Shóil ansin: “Inis dom, más ea, céard a dúirt Samúéil libh.” 16  Dúirt Sól lena uncail: “Ní dhearna sé ach a rá go bhfuarthas na hasail,” agus níor inis sé focal dó dá ndúirt Samúéil faoi ghnó na ríogachta. 17  Ghlaoigh Samúéil ar an bpobal go léir le chéile chun an Tiarna i Mizpeá, 18  agus dúirt le clann Iosrael: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Thug mé Iosrael aníos as an Éigipt agus shaor mé sibhse ó chumhacht na nÉigipteach, agus na ríochtaí go léir a bhí do bhur gciapadh.’ 19  Thug sibh droim le bhur nDia inniu, an té sin a shaor sibh ó bhur ngátar agus ó bhur ngábha go léir; dúirt sibh: ‘Ní amhlaidh a bheidh, ach ceap rí orainn.’ Tagaigí i láthair an Tiarna, más ea, de réir treibhe agus fine.” 20  Thug Samúéil treibheanna Iosrael go léir i láthair agus thit an crann ar Bhiniáimin. 21  Ansin thug sé treibh Bhiniáimin i láthair, fine ar fhine, agus thit an crann ar fhine Mhatraí; ansin [ar deireadh thug sé fine Mhatraí i láthair ina nduine agus ina nduine] agus thit an crann ar Shól mac Chís. Chuadar á lorg ach ní raibh sé le fáil in aon áit. 22  Chuir siad ceist ar an Tiarna arís: “Ar tháinig an fear úd anseo?” “Siúd é i bhfolach sa bhagáiste é,” arsa an Tiarna. 23  Ritheadar chuige mar sin, agus thugadar amach as sin é agus nuair a sheas sé i measc an tslua bhí airde an chinn aige orthu go léir. 24  Ansin dúirt Samúéil leis an bpobal ar fad: “An bhfeiceann sibh an té a thogh an Tiarna? Níl a leithéid i measc an phobail ar fad.” Ansin rinne an pobal go léir comhgháir á rá: “Fad saoil don rí!” 25  Mhínigh Samúéil cearta agus dualgais an rí don phobal agus bhreac i leabhar iad agus chuir sé an leabhar sin i láthair an Tiarna. Scaoil sé an pobal uaidh ansin, gach duine abhaile chun a thí féin. 26  Chuaigh Sól freisin abhaile chun a thí i nGibeá, agus chuaigh an bhuíon gaiscíoch ar chorraigh Dia a gcroí in éineacht leis. 27  Ach bhí scraistí áirithe a dúirt: “Conas a d’fhéadfadh an duine seo sinn a shaoradh?” Bhí drochmheas acu air agus níor thugadar aon bhronntanas dó. Ach níor labhair sé focal.

Fonótaí