1 Samúéil 15:1-35

15  Dúirt Samúéil le Sól: “Mise an té a sheol an Tiarna chun tú a ungadh i do rí ar Iosrael, a phobal. Tabhair cluas dá réir sin do bhriathra an Tiarna.  Seo mar a deir Tiarna na Slua: ‘Déanfaidh mé díoltas ar son a ndearna Amáiléic ar Iosrael nuair a chuir sé ina gcoinne agus iad ar an mbealach aníos as an Éigipt.  Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.’”  Rinne Sól an pobal a thionól agus á áireamh i dTaláím, dhá chéad míle coisí, agus deich míle d’fhir Iúdá.  Tháinig Sól go cathair Amáiléic agus chuaigh in eadarnaí sa ghleann.  Agus dúirt Sól leis na Céinigh: “Seo libh síos! Imígí, fágaigí bhur mbailte i measc na nAmáiléiceach le heagla go scriosfainn sibhse mar aon leo, óir bhí sibh cineálta le clann Iosrael go léir nuair a thángadar ón Éigipt aníos.” Scar na Céinigh dá bhrí sin ó na hAmáiléicigh.  Scrios Sól na hAmáiléicigh dá bhrí sin, ó Havalá go Siúr, atá lastoir den Éigipt.  Ghabh sé Agag rí Amáiléic ina bheatha, agus chuir na daoine go léir chun báis le faobhar claímh faoin mbang.  Ach rinne Sól agus an pobal anacal ar Agag agus ar thogha na gcaorach agus an eallaigh, na mart ramhar agus na n-uan, agus gach rud fónta; níorbh áil leis iadsan a chur faoin mbang; níor chuireadar faoin mbang ach gach suarachán agus gach truán. 10  Tháinig briathar an Tiarna go Samúéil: 11  “Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d’fhág mo lorg, agus rinne faillí i m’orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna. 12  Chuaigh Samúéil amach ar maidin go moch le bualadh le Sól; fuair Samúéil scéala go raibh sé imithe go Cairmeil chun leacht a thógáil dó féin, agus gur chas agus gur ghabh sé ar aghaidh as sin síos go Gilgeál. 13  Nuair a tháinig Samúéil mar a raibh Sól dúirt Sól leis: “Go raibh beannacht ort faoin Tiarna! Chomhlíon mé orduithe an Tiarna.” 14  Ach d’fhreagair Samúéil: “Céard is ciall más ea leis an méileach caorach seo i mo chluasa agus an bhúireach damh seo i m’éisteacht?” 15  “Thugadar leo iad ó na hAmáiléicigh,” arsa Sól, “mar go ndearna an pobal anacal ar thogha na gcaorach agus na ndamh lena n-ofráil don Tiarna, do Dhia-sa; chuireamar an chuid eile faoin mbang.” 16  Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Fan! Inseoidh mé duit cad a dúirt an Tiarna liom aréir.” “Abair leat,” ar seisean. 17  Dúirt Samúéil: “Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael 18  agus sheol an Tiarna ar mhisean thú á rá: ‘Imigh agus leag na peacaigh úd, na hAmáiléicigh, faoin mbang agus troid ina n-aghaidh nó go scriosfar iad.’ 19  Cad chuige mar sin nár gheill tú do ghlór an Tiarna? Cad chuige ar thug tú ruathar ar an gcreach agus an rud is olc i bhfianaise an Tiarna a dhéanamh?” 20  D’fhreagair Sól Samúéil: “Ní amhlaidh a bhí; ach ghéill mé do ghlór an Tiarna, agus chuaigh mé ar an misean ar ar sheol an Tiarna mé; thug mé Agag rí na nAmáiléiceach liom agus leag mé na hAmáiléicigh faoin mbang. 21  Ach thug an pobal leo ón gcreach togha na gcaorach agus na ndamh a bhí faoin mbang le híobairt don Tiarna do Dhia i nGilgeál.” 22  Ach d’fhreagair Samúéil:“An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtíná go n-éistfí go humhal le glór an Tiarna?Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt,is fearr géilliúlacht ná geir reithí. 23  Peaca asarlaíochta is ea an cheannairc.Éigeart agus íoladhradh is ea an easumhlaíocht.Toisc gur thug tusa an diúltú do bhriathar an Tiarna,thug seisean an diúltú duitse mar rí.” 24  Dúirt Sól le Samúéil: “Pheacaigh mé óir sháraigh mé aithne an Tiarna agus d’orduithese, mar gurbh eagal liom an pobal agus gur ghéill mé dá nglór. 25  Maith dom mo pheaca anois le do thoil; fill ar ais liom agus adhrfaidh mé an Tiarna.” 26  Ach dúirt Samúéil le Sól: “Ní fhillfidh mé leat, mar gur thug tú droim le briathar an Tiarna; thug an Tiarna droim leatsa chomh maith mar rí ar Iosrael.” 27  Nuair a bhí Samúéil ag casadh uaidh ar a sháil, rug Sól ar fhabhra a bhrait agus stróic é. 28  Dúirt Samúéil leis: “Tá ríocht Iosrael stróicthe uait inniu ag an Tiarna agus tugtha aige do chomharsa duit, is fearr d’fhear ná thú. 29  Ach dá ainneoin sin, ní inseoidh Glóir Iosrael bréag ná ní rachaidh ar gcúl ina fhocal; mar ní duine é le go rachadh sé ar gcúl ina fhocal.” 30  “Pheacaigh mé,” arsa [Sól], “ach tabhair urraim éigin dom i láthair seanóirí mo phobail agus i láthair Iosrael, agus fill ar ais liom le go ndéanfainn an Tiarna do Dhia a adhradh.” 31  Lean Samúéil Sól ar ais más ea agus rinne Sól an Tiarna a adhradh. 32  Ansin dúirt Samúeil: “Tugaigí Agag rí Amáiléic chugam,” agus tháinig Agag chuige [in aghaidh a chos]. “Is searbh an deoch é an bás,” ar sé. 33  Dúirt Samúéil:“Mar a d’fhág do chlaíomh mná gan chlann,Fágfar do mháthair gan chlann i measc na mban.”Ansin rinne Samúéil Agag a choscairt ina ablach i láthair an Tiarna i nGilgeál. 34  Chuaigh Samúéil go Rámá, agus chuaigh Sól suas chun a thí i nGibeá le Sól. 35  Ní fhaca Samúéil Sól arís go dtí lá a bháis; chuir Sól an-bhuaireamh ar Shamúéil, agus b’aithreach leis an Tiarna gur cheap sé Sól ina rí ar Iosrael.

Fonótaí