1 Samúéil 17:1-58

17  Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite chun catha; chruinníodar le chéile i Sócó, baile in Iúdá, agus shuíodar a gcampa idir Sócó agus Azaecá in Eifis Daimím.  Chruinnigh Sól agus fir Iosrael chomh maith agus shuíodar a gcampa i nGleann Éileá agus chóiríodar iad féin in eagar catha in aghaidh na bhFilistíneach.  Sheas na Filistínigh ar shliabh ar thaobh agus na hIosraelaigh ar shliabh ar an taobh eile agus gleann eatarthu.  Thainig gaiscíoch eadrána, darbh ainm Góla as Gat, amach as campa na bhFilistíneach; bhí sé sé bhanlámh go leith ar airde.  Bhí cafarr práis ar a cheann, lúireach mar chosaint air agus bhí cúig mhíle seicil de mheáchan práis sa lúireach sin.  Bhí buataisí práis ar a chosa agus ga práis thar a ghuaillí.  Bhí sáfach a shleá mar bhíoma fíodóra, agus sé chéad seicil de mheáchan iarainn mar cheann ar an tsleá sin. Bhí giolla roimhe amach ag iompar a scéithe.  Sheas sé os comhair sluaite Iosrael agus d’fhógair dóibh in ard a chinn agus a ghutha: “Cad ab áil libh amach do bhur gcur féin in eagar catha? Nach Filistíneach mise agus nach sibhse daoir Shóil? Toghaigí fear díbh féin agus tagadh sé anuas i mo aghaidh.  Má ritheann leis comhrac liom agus mé a mharú, ansin beimidne inár ndaoir agaibhse; ach má bhuaimse air, agus é a mharú, beidh sibhse in bhur ndaoir againne, ag déanamh seirbhíse dúinn.” 10  Lean an Filistíneach air: “Tugaim dúshlán sluaite Iosrael inniu; cuiridís fear chugam le comhrac aonair a dhéanamh liom.” 11  Nuair a chuala Sól agus Iosrael go léir na focail sin ón bhFilistíneach thit an lug ar an lag acu agus tháinig scéin orthu. 12  Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta]. 13  D’imigh an triúr mac ba shine le Ieise agus leanadar Sól chun cogaidh. Seo iad ainmneacha an triúr mac a chuaigh chun cogaidh—Eilíáb an chéadghin, Aibíonádáb an dara mac agus Seamá an tríú mac. 14  Dáiví an sóisear; lean an triúr ba shine Sól. 15  (Bhíodh Dáiví ar a sheal ag déanamh seirbhíse do Shól agus ag aoireacht caoirigh a athar i mBeithil. 16  Thagadh an Filistíneach ina láthair agus sheasadh sé ansiúd gach maidin agus trathnóna ar feadh daichead lá.) 17  Dúirt Ieise le Dáiví a mhac: “Beir leat an t-éafá seo de ghrán tíortha agus na deich mbuilíní seo go dtí do dheartháireacha, agus brostaigh ort go campa do dheartháireacha, 18  agus beir leat na deich gcáiseanna seo leo go dtí a n-oifigeach míle; cuir tuairisc sláinte do dheartháireacha agus tabhair comhartha éigin ar ais uathu. 19  Tá siad le Sól agus leis na hIosraelaigh go léir i nGleann Éileá, ag troid in aghaidh na bhFilistíneach.” 20  D’éirigh Dáiví go moch ar maidin, d’fhág aoire i bhfeighil na gcaorach, d’ardaigh leis an lón, agus d’imigh mar a d’ordaigh Ieise dó. Tháinig sé go dtí an longfort agus an slua ag dul amach chun a láithreacha troda, agus an gháir chatha á cur in airde acu. 21  Chóirigh Iosrael agus na Filistínigh iad féin in eagar catha ar aghaidh a chéile amach. 22  D’fhág Dáiví a aistrithe faoi chúram gharda an bhagáiste, agus rith go dtí an líne chatha agus tháinig chun a dheartháireacha ag cur a dtuairisce. 23  Fad a bhí sé ag caint leo, seo aníos ó shluaite na bhFilistíneach, an gaiscíoch (darbh ainm Góla, an Filistíneach ó Ghat); labhair sé mar a dhéanadh cheana agus chuala Dáiví é. 24  A luaithe a chonaic fir Iosrael an fear seo, theitheadar uaidh agus scéin ina gcroí. 25  Dúirt fir Iosrael: “An bhfaca tú an fear seo ag teacht aníos anois? Tá sé ag teacht chun dúshlán Iosrael a thabhairt. An té a mharóidh é, tabharfaidh an rí mórchuid maoine dó, agus a iníon le pósadh, agus tabharfaidh sé saoirse Iosrael do theaghlach a athar.” 26  Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: “Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d’Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?” 27  Thug an slua an freagra céanna air á rá: “Sin é an luach saothair a thabharfar don té a mharóidh é.” 28  Eilíáb, an deartháir ba shine aige, chuala sé é ag caint leis na fir agus tháinig fearg air le Dáiví agus dúirt: “Cad a thug thusa anseo anuas? Cé a d’fhág tú i bhfeighil an chúpla caora úd san fhásach? Is eol dom d’uabhar agus an t-olc i do chroí; tháinig tú ó dheas chun faire ar an gcath.” 29  D’fhreagair Dáiví: “Cad é seo anois atá déanta agam? Cad a bhí ann ach focal?” 30  Chas sé uaidh más ea le labhairt le duine eile, agus chuir sé an cheist chéanna air; agus fuair sé an freagra céanna ó gach duine. 31  Ach éisteadh le caint Dháiví agus rinneadh í a aithris do Shól agus chuir seisean fios air. 32  “Ná bíodh drochmhisneach ar aon duine mar gheall air,” arsa Dáiví le Sól, “rachaidh do shearbhónta anseo chun troda leis an bhFilistíneach seo.” 33  Dúirt Sól le Dáiví: “Ní féidir duitse dul chun troda i gcoinne an Fhilistínigh seo; níl ionat ach ógánach, agus is laoch gaile eisean óna óige.” 34  Dúirt Dáiví le Sól: “Bhíodh do shearbhónta i bhfeighil a chaorach dá athair, agus nuair a thagadh leon nó beithir agus uan a sciobadh ón tréad 35  théinn sa tóir air, bhuailinn chun láir é, agus bhaininn as a bhéal é; dá dtabharfadh sé aghaidh orm, bhéarfainn ar mheigeall air agus bhuailfinn chun láir é agus mharóinn. 36  Mharaigh do shearbhónta idir leoin agus bheithreacha, agus tabharfar an íde chéanna leo ar an bhFilistíneach seo gan timpeallghearradh ós rud é gur thug sé a dhúshlán le sluaite Dé bheo.” 37  Lean Dáiví air: “An Tiarna a d’fhuascail mé ó lapaí an leoin agus na beithre, déanfaidh sé mé a fhuascailt ó láimh an Fhilistínigh seo.” Dúirt Sól le Dáiví: “Imigh, agus go raibh an Tiarna leat!” 38  Chuir Sól a éide chatha féin ar Dháiví; chuir cafarr práis ar a cheann agus chuir lúireach práis uime. 39  Chroch sé a chlaíomh os cíonn a éide [ar Dháiví]. Ach cheal taithí ar na fearais sin, níorbh fhéidir le Dáiví siúl leo. “Ní féidir dom siúl leo seo,” arsa Dáiví le Sól, “cheal taithí orthu.” Bhain Dáiví de arís ansin iad. 40  Rug sé greim ar a bhachall dá bhrí sin, thogh cúig clocha sleamhna as leaba an tsrutháin agus chuir chuige ina mhála nó ina sparán aoire iad; d’imigh sé leis ansin in aghaidh an Fhilistínigh agus a chrann tabhaill ina láimh aige. 41  Bhí an Filistíneach ag teacht agus ag druidim le Dáiví agus a ghiolla scéithe roimhe amach. 42  D’fhéach an Filistíneach agus chonaic Dáiví agus bhuail drochmheas air é, mar nach raibh ann ach ógánach, buachaill naíonta dealraitheach. 43  Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “An madra mise, a rá go bhfuil tú ag teacht i m’aghaidh le bataí?” Agus chuir an Filistíneach mallacht ar Dháiví dar a dhéithe féin. 44  Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “Gabh anseo i leith chugam agus tabharfaidh mé d’fheoil d’éanlaith an aeir agus d’ainmhithe an mhachaire.” 45  Ach d’fhreagair Dáiví an Filistíneach: “Tá tú ag teacht i m’aghaidh le claíomh agus le sleá agus le ga, ach táimse ag teacht i d’aghaidhse in ainm Tiarna na Slua, Dia airm Iosrael, ar thug tú a dhúshlán. 46  Tabharfaidh an Tiarna isteach i mo láimh thú inniu agus leagfaidh mé ar lár thú; bainfidh mé an ceann díot; agus inniu féin tabharfaidh mé coirp shluaite na bhFilistíneach d’éanlaith an aeir agus d’ainmhithe an mhachaire, chun go mbeidh a fhios ag an domhan go léir go bhfuil Dia in Iosrael, 47  agus go mbeidh a fhios ag an gcomhthionól seo ar fad nach le claíomh ná le sleá a dhéanann an Tiarna fuascailt, mar is leis an Tiarna an cath agus tabharfaidh sé sibhse isteach inár lámhana.” 48  A thúisce a chorraigh arm na bhFilistíneach agus a dhruid chun tosaigh chun aghaidh a thabhairt ar Dháiví, [scar] Dáiví leis an líne chatha agus rith i gcoinne an Fhilistínigh. 49  Chuir Dáiví a lámh ina mhála, thóg cloch as, agus chaith as a chrann tabhaill í gur bhuail an Filistíneach i gclár a éadain; ghabh an chloch trí chlár a éadain agus thit sé ar a bhéal ar an talamh. 50  Sin mar a rug Dáiví bua ar an bhFilistíneach le crann tabhaill agus le cloch gur bhuail an Filistíneach agus gur mharaigh é, gan aon chlaíomh ina láimh ag Dáiví. 51  Rith Dáiví ansin go dtí an Filistíneach, sheas os a chionn, rug greim ar a chlaíomh siúd, tharraing as a thruaill é, agus mharaigh é agus bhain an ceann de leis. Nuair a chonaic na Filistínigh go raibh a gcuradh marbh, theitheadar. 52  Ar aghaidh le fir Iosrael agus Iúdá ag cur a ngáir chatha astu agus chuireadar tóir ar na Filistínigh go himill Ghat agus go geataí Eacrón. Bhí Filistínigh ghonta sa chosair chró ar feadh an bhóthair ó Sheáraím go Gat agus Eacrón. 53  Nuair a d’fhill clann Iosrael ón tóir ar na Filistínigh, chreachadar a gcampa. 54  Rug Dáiví ceann an Fhilistínigh leis agus thug sé go Iarúsailéim é; ach choinnigh sé a airm ina bhoth féin. 55  Nuair a chonaic Sól Dáiví ag dul in aghaidh an Fhilistínigh dúirt sé le hAibnéar: “A Aibnéar, cé leis an t-ógánach seo?” “Dar do bheo, a rí,” arsa Aibnéar, “nach eol dom.” 56  “Faigh amach,” arsan rí, “cé leis an slataire.” 57  Ag filleadh do Dháiví tar éis ár na bhFilistíneach rug Aibnéar leis é agus thug os comhair Shóil é, agus ceann an Fhilistínigh ina láimh. 58  “Cé leis thú, a fhir óig?” d’fhiafraigh Sól de; d’fhreagair Dáiví: “Le do shearbhónta Ieise ó Bheithil.”

Fonótaí