1 Samúéil 19:1-24

19  Dúirt Sól lena mhac Iónátán agus lena shearbhóntaí go léir nárbh fholáir Dáiví a mharú. Ach bhí an-chion ag Iónátán mac Shóil ar Dháiví  agus thug Iónátán rabhadh do Dháiví á rá: “Tá m’athair Sól ag iarraidh thú a mharú. Bí ar d’fhaichill, mar sin, maidin amárach; gabh i bhfolach in áit uaigneach éigin.  Agus gabhfaidh mise amach agus fanfaidh mé i gcomhluadar m’athar sa ghort mar a mbeidh tusa agus labhróidh mé le m’athair fút. Má fhaighim fios an scéil inseoidh mé duit é.”  Mhol Iónátán Dáiví dá athair, Sól, dá bhrí sin agus dúirt leis: “Ná déanadh an rí peaca in aghaidh a shearbhónta, Dáiví, mar ní dhearna seisean peaca i d’aghaidh, agus gach a ndearna sé, chuaigh sé go mór i dtairbhe duitse.  Chuaigh sé i mbaol a anama nuair a mharaigh sé an Filistíneach, agus nuair a thug Dia bua mór d’Iosrael go léir. Chonaic tú féin é, agus bhí lúcháir ort. Cén fáth mar sin go ndéanfá peaca in aghaidh fola neamhchiontaí agus Dáiví a mharú gan chúis?”  Agus thug Sól aird ar a ndúirt Iónátán agus thug Sól mionn á rá: “Dar an Tiarna beo, ní mharófar é.”  Ghlaoigh Iónátán ar Dháiví agus d’inis sé an méid sin dó. Ansin thug Iónátán Dáiví leis go dtí Sól agus bhíodh sé ag freastal air faoi mar bhíodh roimhe sin.  Bhí sé ina chogadh arís agus chuaigh Dáiví amach agus throid in aghaidh na bhFilistíneach; rinne sé ár agus eirleach orthu agus theitheadar roimhe.  Ansin ghabh drochspiorad ón Tiarna greim ar Shól agus é ina shuí ina theach agus a shleá ina láimh aige; bhí Dáiví ag seinm na cruite. 10  Rinne Sól iarracht ar Dháiví a ghreamú den bhalla lena shleá, ach sceinn sé as an tslí ó Shól i dtreo gur sháigh seisean a shleá sa bhalla. Theith Dáiví agus tháinig slán. 11  An oíche chéanna úd chuir Sól dream go teach Dháiví chun é a fhaire d’fhonn é a mharú maidin lá arna mhárach. Ach dúirt Míceal bean Dháiví leis: “Mura n-éalaíonn tú le d’anam anocht, marófar thú amárach.” 12  Ansin scaoil Míceal Dáiví síos ón bhfuinneog, agus theith sé leis agus d’éalaigh. 13  Fuair Míceal an taráfaím, an íomhá, ansin agus leag ar an leaba é, chuir mothall d’fhionnadh gabhair ar a cheann, agus leag brat air á cheilt. 14  Nuair a sheol Sól lucht a ghafa go Dáiví, dúirt sí: “Tá sé tinn.” 15  Ach chuir Sól a ghiollaí ar ais chun Dáiví a fheiceáil á rá: “Tugaigí chugam aníos ar a leaba é ionas go maróinn é!” 16  Chuadar isteach dá bhrí sin agus ansiúd rompu ar an leaba bhí an taráfaím agus an mothall d’fhionnadh gabhair ar a cheann! 17  Ansin dúirt Sól le Míceal: “Cén fáth ar mheall tú mar seo mé agus ligean do mo namhaid imeacht agus éalú leis?” D’fhreagair Míceal Sól á rá: “Dúirt sé liom: ‘Lig dom imeacht, cén fáth thú a mharú?’” 18  Theith Dáiví agus d’éalaigh leis agus chuaigh go Samúéil i Rámá agus d’inis sé dó gach a ndearna Sól air. D’imigh sé féin agus Samúéil ansin agus chuireadar fúthu sna botháin. 19  Tháinig an scéala go Sól: “Tá Dáiví sna botháin i Rámá.” 20  Chuir Sól giollaí chun Dáiví a ghabháil. Nuair a chonaic siad cuallacht na bhfáithe ag fáidheoireacht agus Samúéil ansiúd i gceannas orthu, tháinig spiorad Dé ar ghiollaí Shóil agus rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith. 21  Nuair a fuair Sól an scéala sin chuir sé giollaí eile uaidh, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith. Ansin chuir Sól giollaí eile fós den tríú huair, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith. 22  Chuaigh sé féin go Rámá ansin, agus tháinig sé go tobar [an urláir bhuailte ar an gcnocán maol] agus d’fhiafraigh: “Cá bhfuil Samúéil agus Dáiví?” D’fhreagair duine éigin: “Féach, tá siad sna botháin i Rámá.” 23  D’imigh sé leis ón áit sin go dtí na botháin i Rámá agus tháinig spiorad Dé airsean chomh maith agus, ar an mbealach do, bhí sé ag fáidheoireacht nó gur shroich sé na botháin i Rámá. 24  Chaith seisean leis a chuid éadaigh de agus bhí sé ag fáidheoireacht chomh maith i láthair Shamúéil agus d’fhan sé ansiúd sínte ar an talamh agus é nocht ar feadh an lae agus na hoíche sin. Uaidh sin an nath: “An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”

Fonótaí