1 Samúéil 2:1-36
2 Ansin ghuigh Hanná mar leanas:
“Tá mórtas croí orm sa Tiarna.Cuireadh breis le mo neart sa Tiarna.Tá mo bheola ag déanamh fonóide faoi mo naimhde,Mar gur lúcháir liom do chumas slánaithe.
2 Níl aon neach naofa mar an Tiarna
—níl aon neach seachas thú—Níl carraig mar ár nDia.
3 Cuir uait an chaint, an chaint uaibhreach sin.Ná bíodh sotal ag sceith as do bhéal,Mar Dia an eolais é an TiarnaAgus meánn seisean na bearta.
4 Briseadh bogha na dtréan,Ach chuir an mhuintir lag an neart mar chrios fúthu.
5 Reic an sách é féin ar arán,Ach tá cothú maith arís ar an seang.Tá seachtar clainne ag an aimrid,Ach tá máthair an áil mhóir tréigthe.
6 Tugann an Tiarna beatha agus bás.Seolann sé daoine síos go Seól agus iompraíonn daoine aníos;
7 Fágann an Tiarna duine saibhir, duine eile daibhir.Leagann ar lár agus ardaíonn in airde.
8 Tógann sé an bocht as an luaithreach;Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh,Á gcur ina suí le flathaAgus ag bronnadh cathaoir onóra orthu.Óir is leis an Tiarna colúin na cruinneAgus is orthu a bhunaigh sé an domhan.
9 Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach;Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas,Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir.
10 Déanfar smidiríní de naimhde an Tiarna;Beidh an Té is Airde ag toirneach ina n-aghaidh sna flaithis.
Tugann an Tiarna a bhreith ar chríocha na cruinne;Bronnann sé neart ar a ríAgus breis cumhachta ar a ungthach.”
11 D’imigh Ealcáná abhaile go Rámá ansin, ach d’fhan an buachaill ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí an sagart.
12 Scraistí a ba ea clann mhac Éilí, gan aon aird acu ar an Tiarna
13 agus ba chuma leo faoi chearta an tsagairt i leith a phobail. Nuair a d’ofráladh duine íobairt, thagadh giolla an tsagairt agus an fheoil á bruith; bhíodh forc trí bheann ina láimh
14 agus ropadh sé sa choire nó sa phota é agus thugadh an sagart leis a dtugadh an forc aníos. Mar sin a dhéanaidís leis na hIosraelaigh go léir a thagadh ansiúd go Sileo.
15 Thagadh giolla an tsagairt aníos fiú sula mbeadh an tsaill dóite agus deireadh leis an té a bhíodh ag déanamh na híobartha: “Tabhair feoil don sagart le róstadh; ní thógfaidh sé feoil bhruite uait, ach feoil amh.”
16 Dá ndéarfadh an duine: “Dóidís an tsaill, ar dtús, agus ansin tóg cibé rud is mian leat,” deireadh sé, “Cuir uait! Tabhair dom anois é, nó neachtar acu, tógfaidh mé liom é le láimh láidir.”
17 Ba pheaca gráiniúil do na hógánaigh é sin i súile an Tiarna, óir bhí tarcaisne á tabhairt acu don íobairt a bhí á déanamh don Tiarna.
18 Bhí Samúéil ag freastal i láthair an Tiarna, agus bhí éafód línéadaigh faoina choim ar an mbuachaill.
19 Dhéanadh a mháthair cóta beag dó gach bliain agus thugadh sí chuige é nuair a thagadh sí aníos lena fear chun an íobairt bhliantúil a ofráil.
20 Ansin thugadh Éilí a bheannacht d’Ealcáná agus a bhean á rá: “Go mbronna an Tiarna clann ort ón mbean seo in áit an mhic a thug sí suas don Tiarna.” Ansin théidís abhaile.
21 D’fhiosraigh an Tiarna Hanná: toirchíodh í agus rug sí triúr mac agus beirt iníon. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag fás aníos os comhair an Tiarna.
22 Cé go raibh Éilí an-aosta faoin am seo, fuair sé fios gach ní a bhí á dhéanamh ag a chlann mhac ar Iosrael go léir (agus go mbídís ag luí leis na mná a bhíodh ag freastal ag doras Bhoth na Teagmhála).
23 Dúirt sé leo: “Cad chuige a bhfuil nithe mar sin ar siúl agaibh? Cluinim faoi bhur ndrochbhearta ón bpobal seo go léir.
24 Mo náire, a mhaca, ní aon scéalta fónta fúibh a chluinim á scaipeadh ag pobal an Tiarna.
25 Má pheacaíonn fear in aghaidh fir eile, tá Dia aige mar idirghabhálaí; ach má pheacaíonn sé in aghaidh an Tiarna, cé dhéanfaidh idirghuí ar a shon?” Ach thugadar an chluas bhodhar dá n-athair, mar ba é toil an Tiarna iad a chur chun báis.
26 Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag dul ar aghaidh i bpearsa agus i ngrásta i láthair an Tiarna agus i láthair daoine.
27 Tháinig giolla Dé go hÉilí agus dúirt leis: “Deir an Tiarna: ‘Nár nocht mé mé féin do theaghlach d’athar agus iad i ndaoirse ag muintir Fhorainn san Éigipt?
28 Thogh mé féin iad as treibheanna Iosrael go léir le bheith ina sagairt, le dul suas chun m’altóra, le túis a dhó, leis an éafód a iompar; do theaghlach d’athar a thug mé m’íobairtí loiscthe ó chlann Iosrael go léir.
29 Cad ab áil libh más ea súil na sainte a chaitheamh ar na híobairtí agus ar na hofrálacha a d’ordaigh mé? Agus onóir a thabhairt do bhur gclann thar mar a thugann sibh dom féin, á gcothú ar thogha spólaí na n-ofrálacha go léir ó mo phobal Iosrael?
30 Uime sin—agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois—fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d’athar i m’fhianaise go brách, anois, áfach—sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint—i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.
31 Féach, tá na laethanta ag teacht nuair a smiotfaidh mé do neart agus neart theaghlach d’athar i dtreo nach bhfágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach.
32 Caithfidh tú súil éadmhar namhad ar an maith go léir a dhéanfar d’Iosrael, ach ní fhágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach go brách.
33 An duine agaibh nach scriosfaidh mé ó m’altóir, fanfaidh sé lena shúile a dhalladh agus lena mhisneach a chreimeadh; ach scriosfar an bhreis ar do theaghlach le claíomh [na bhfear].
34 Bíodh an íde a imeoidh ar do bheirt mac, Hofnaí agus Píneachás, mar chomhartha agat; gheobhaidh siad araon bás an lá céanna.
35 Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m’intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m’ungthaigh go brách.
36 Gach duine de do theaghlach a fhágfar, tiocfaidh siad ar a nglúine chuige, ag lorg bonn airgid nó builín aráin á rá:
Tabhair gnó beag éigin sagairt dom le déanamh le do thoil, d’fhonn go mbeadh greim éigin aráin le hithe agam.’”