1 Samúéil 22:1-23
22 D’imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuaigh i bhfolach in uaimh Adulám. Chuala a dheartháireacha agus muintir a athar go léir é sin agus chuadar síos ansiúd chuige.
2 Lucht anó agus gátair, agus fiach, agus aon duine a raibh gearán aige, chruinníodar go léir chuige, agus bhí sé mar cheannaire acu. Bhí timpeall ceithre chéad fear ina theannta.
3 Chuaigh Dáiví ón áit sin go Mizpeá i Móáb agus dúirt sé le rí Mhóáb: “Lig do m’athair agus do mo mháthair fanacht in éineacht libh nó go mbeidh a fhios agam cad tá i ndán dom ag Dia.”
4 D’fhág sé ag rí Mhóáb iad agus d’fhanadar aige i rith an ama a bhí Dáiví sa daingean.
5 Ansin dúirt an fáidh Gád le Dáiví: “Ná fan sa daingean; imigh leat agus gabh isteach i dtír Iúdá.” D’imigh Dáiví leis dá bhrí sin agus chuaigh isteach i bhforaois Heirit.
6 Chuala Sól ansin go bhfacthas Dáiví agus an mhuintir a bhí in éineacht leis. Bhí Sól i nGibeá, ina shuí faoin gcrann tamaraisce ar an ardán, a shleá ina láimh agus a oifigigh ina seasamh ina thimpeall.
7 “A fheara Bhiniáimin, éistigí liom,” arsa Sól lena oifigigh a bhí ina seasamh ina thimpeall; “an dtabharfaidh mac Ieise páirceanna agus fíonghoirt daoibh go léir, agus an ndéanfaidh sé ceannairí míle, agus ceannairí céad díbh go léir,
8 a rá is go bhfuil sibh uile i gcogar ceilge i m’aghaidh? Nuair a rinne mo mhac conradh le mac Ieise, níor thug aon duine eolas dom faoi; ní raibh trua ag aon duine agaibh dom, ná níor thug scéal dom nuair a ghriog mo mhac mo shearbhónta i m’aghaidh le bheidh ina namhaid agam mar atá anois.”
9 Ansin labhair Doéig an tEadómach; bhí sé ina sheasamh ansiúd taobh le hoifigigh Shóil; “Chonaic mé mac Ieise,” ar sé, “ag teacht go Nob, go hAichímeilic mac Aichiteob.
10 D’iarr seisean comhairle an Tiarna dó, agus thug lón bóthair dó, agus claíomh Ghóla an Filistíneach.”
11 Ansin chuir an rí fios ar an sagart Aichímeilic mac Aichiteob agus a mhuintir go léir, sagairt Nob. Thángadar go léir go dtí an rí.
12 Dúirt Sól: “Éist liom anois, a mhic Aichiteob.” D’fhreagair seisean: “Anseo dom, a thiarna.”
13 Agus dúirt Sól leis: “Cén fáth a ndearna sibh comhcheilg i m’aghaidh, thú féin agus mac Ieise, ag tabhairt aráin agus claímh dó, agus ag iarraidh comhairle Dé dó, i slí is go ndéanfadh sé ceannairc i m’aghaidh agus a bheith ag faire na faille orm, rud atá anois?”
14 D’fhreagair Aichímeilic an rí: “Cé hé i measc do shearbhóntaí go léir atá chomh dílis le Dáiví, cliamhain an rí, captaen ar gharda do chosanta, agus fear atá faoi ghradam i do theaghlach?
15 An é inniú an chéad uair riamh agam ag lorg comhairle Dé dó? I bhfad uaim a leithéid! Ná cuireadh an rí aon ní i leith a shearbhónta ná i leith a mhuintire go léir, mar bhí do shearbhónta dall ar fad ar an ngnó go léir.”
16 Ach d’fhreagair an rí: “Cuirfear chun báis thú, cuirfear sin go cinnte, a Aichímeilic, thú féin agus do mhuintir go léir.”
17 Agus dúirt an rí leis an díorma garda a bhí ína seasamh ina thimpeall: “Ar aghaidh libh agus cuirigí sagairt an Tiarna chun báis, mar gur thug siadsan freisin lámh chúnta do Dháiví; bhí a fhios acu go raibh sé ar teitheadh ach níor insíodar dom é.” Ach níorbh áil le searbhóntaí an rí lámh dhearg a imirt ar shagairt an Tiarna.
18 Ansin dúirt an rí le Doéig: “Ar aghaidh leat agus imir faobhar ar na sagairt.” Agus ar aghaidh le Doéig an tEadómach agus d’imir sé faobhar ar na sagairt, agus mharaigh sé cúigear agus ceithre fichid díobh siúd a chaith an t-éafód lín an lá sin.
19 Agus Nob, cathair na sagart, d’imir Sól claíomh uirthi, agus chuir chun báis le faobhar claímh idir fhir agus mhná, leanaí agus naíonáin, eallach agus asail agus chaoirigh.
20 Ach d’éalaigh duine de chlann mhac Aichímeilic mac Aichiteob darbh ainm Aibíátár, agus theith sé leis chun Dáiví,
21 agus dúirt Aibíátár le Dáiví gur mharaigh Sól sagairt an Tiarna.
22 “Bhí a fhios agam an lá sin,” arsa Dáiví le hAibíátár, “nuair a bhí Doéig an tEadómach ann, go sceithfeadh seisean orm go cinnte le Sól. Mise is cionsiocair le bás gach duine de do mhuintirse go léir.
23 Fan faramsa! Ná bíodh eagla ort! An té atá ar tí d’anamasa, tá sé ar tí m’anamasa chomh maith! Beidh tú slán ó bhaol faramsa.”