1 Samúéil 24:1-22

24  [24:2] Nuair a d’fhill Sól ó thóir na bhFilistíneach, dúradh leis: “Tá Dáiví anois i bhfásach Éan Geidí.”  [24:3] Ansin roghnaigh Sól trí mhíle fear tofa as Iosrael go léir, agus thug sé leis iad chun Dáiví agus a lucht leanúna a lorg taobh thoir de Charraigeacha na nGabhar Fiáin.  [24:4] Agus tháinig sé fad leis na cróite caorach a bhí cois na slí, áit a raibh pluais. Chuaigh Sól isteach sa phluais chun a ghnó a dhéanamh. Bhí Dáiví agus a lucht leanúna ina suí i bhfad siar istigh sa phluais.  [24:5] Agus dúirt a lucht leanúna le Dáiví: “Is é seo an lá a ndúirt an Tiarna leat ina thaobh: ‘Féach, tabharfaidh mé do namhaid isteach i do láimh duit, chun go mbeidh tú in ann do rogha rud a dhéanamh leis.’” D’éirigh Dáiví ina sheasamh agus ghearr sé an t-íochtar anuas de chlóca Shóil gan fhios dó.  [24:6] Ina dhiaidh sin tháinig aiféala ar Dháiví mar gur bhain sé an t-íochtar anuas de chlóca Shóil  [24:7] agus dúirt sé lena lucht leanúna: “Nár lige an Tiarna go ndéanfainn an rud seo le mo thiarna, ná go sínfinn mo lámh amach ina aghaidh, ós é fear ungtha an Tiarna é.”  [24:8] Agus leis na briathra sin thug Dáiví ar a lucht leanúna gan Sól a ionsaí. D’éirigh Sól ansin agus amach leis as an bpluais agus d’imigh sé leis.  [24:9] Ina dhiaidh sin tháinig Dáiví amach as an bpluais freisin agus scairt sé ar Shól á rá: “A Thiarna, a rí!” Nuair a bhreathnaigh Sól ina dhiaidh, chrom Dáiví síos go talamh agus d’umhlaigh dó.  [24:10] Dúirt Dáiví le Sól ansin: “Cén fáth a dtugann tú aird ar dhaoine a deir: ‘Tá sé ar aigne ag Dáiví dochar a dhéanamh duit’? 10  [24:11] Féach, chonaic tú le do shúile cinn inniu gur thug an Tiarna isteach i mo láimh thú sa phluais. Agus bhí siad ann a dúirt liom thú a mharú. Ach lig mé do bheo leat. Dúirt mé: ‘Ní shínfidh mé mo lámh amach in aghaidh mo thiarna, ós é fear ungtha an Tiarna é.’ 11  [24:12] Féach, a athair, go bhfuil íochtar do chlóca i mo láimh agam. Ghearr mé an t-íochtar anuas de do chlóca, ach níor mharaigh mé thú. Caithfidh tú a thuiscint agus a fheiceáil, dá réir sin, nach bhfuil urchóid ná tréas ar aigne agam. Níor chiontaigh mé i d’aghaidh, bíodh go bhfuil tú sa tóir orm chun mé a mharú. 12  [24:13] Go dtuga an Tiarna breithiúnas idir mé agus thú; go mbaine an Tiarna éiric díot ar mo shon; ach ní leagfaidh mise lámh ort. 13  [24:14] Seanfhocal le sinsireacht é: ‘Tagann an urchóid ón duine urchóideach,’ ach ní leagfaidh mise lámh ort.) 14  [24:15] Cé ina dhiaidh ar tháinig rí Iosrael amach? Cé air a bhfuil tú sa tóir? Ar mhadra marbh? Ar dhreancaid? 15  [24:16] Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh mar sin agus go dtuga sé breithiúnas idir mé is tú; go bhféacha sé chuige agus breithiúnas a thabhairt ar mo shon agus mé a shaoradh ó do láimh.” 16  [24:17] Nuair a bhí deireadh ráite ag Dáiví le Sól, dúirt Sól: “An é sin do ghuthsa, a Dháiví, a mhic?” Agus ghoil Sól os ard. 17  [24:18] “Is ionraice thusa ná mise,” ar sé le Dáiví, “óir chúitigh tusa mise leis an maith, ach chúitigh mise thusa leis an olc. 18  [24:19] Agus thaispeáin tú inniu a fheabhas a roinn tú liom sa mhéid nár mharaigh tú mé nuair a thug an Tiarna isteach i do láimh mé. 19  [24:20] Óir má bheireann duine ar a namhaid, an ligfidh sé slán uaidh é? Go gcúití an Tiarna go maith leat a ndearna tú dom inniu. 20  [24:21] Agus anois, féach, tá a fhios agam go mbeidh tú cinnte i do rí, agus go mbeidh ríocht Iosrael go daingean i do lámha. 21  [24:22] “Mionnaigh dom anois dar an Tiarna nach ndéanfaidh tú mo shliocht i mo dhiaidh a dhíothú agus nach scriosfaidh tú m’ainm as teaghlach m’athar.” 22  [24:23] Mhionnaigh Dáiví sin go léir do Shól, agus d’imigh Sól abhaile agus chuaigh Dáiví agus a lucht leanúna ar ais go dtí an daingean.

Fonótaí