1 Samúéil 27:1-12

27  Rith sé le Dáiví: “Marófar mé lá breá éigin díobh seo le láimh Shóil. Ní fearr rud a dhéanfainn ná éalú liom go tír na bhFilistíneach; ansin, le barr drochmhisnigh, scoirfidh Sól den tóir orm ó cheann ceann Iosrael agus beidh mé slán uaidh.”  Bhuail Dáiví bóthar dá bhrí sin, agus d’imigh sé, é féin agus an sé chéad fear a bhí ina choimhdeacht, síos go hÁicís, mac Mháóc, rí Ghat.  Chuir Dáiví faoi ag Gat le hÁicís, é féin agus a chuid fear, a chlann féin le gach duine díobh, agus a bheirt bhan le Dáiví .i. Aichíonaom ó Izréil agus Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil.  Nuair a fuair Sól scéala gur theith Dáiví go Gat, scoir sé den tóir air.  Dúirt Dáiví le hÁicís: “Má fuair mé fabhar i do láthair, tabhair áit lonnaithe dom i gceann de bhailte na tíre. Cén fáth a mairfeadh do shearbhónta sa chathair ríoga i do theannta?”  An lá sin thug Áicís Zicleag dó agus dá bharrsan is le rí Iúdá Zicleag go dtí an lá inniu.  Is é an fad a d’fhan Dáiví i gcríocha na bhFilistíneach, bliain agus ceithre mhí.  Théadh Dáiví agus a chuid fear amach ag tabhairt fogha faoi na Gisiúraigh agus na Girzigh agus na hAmáiléicigh, mar sin iad na treabhchais a áitríonn an dúiche a shineann ó [Thealam] i dtreo Shiúr chomh fada leis an Éigipt.  Rinne Dáiví an dúiche a chreachadh agus níor fhág fear ná bean ina mbeatha, ach thug na caoirigh agus an t-eallach, na hasail, na camaill, agus na héidí mar chreach, agus thug leis ar ais go hÁicís iad. 10  D’fhiafraíodh Áicís: “Cia ar a ndearna tú an fhoghail inniu?” D’fhreagraíodh Dáiví: “In aghaidh Neigib na gCéineach.” 11  Níor thug Dáiví fear ná bean riamh beo ar ais leis le scéala a thabhairt go Gat, “Le heagla,” a dúirt sé leis féin, “go sceithfidís orainn á rá: ‘Rinne Dáiví a leithéid seo.’” Mar sin a bhí ag Dáiví i rith an ama go léir a bhí sé i ndúiche na bhFilistíneach. 12  Bhí muinín ag Áicís as Dáiví; “Tá fuath agus gráin a mhuintire féin, Iosrael, tuillte aige dó féin,” a mheas sé, “agus beidh sé ina shearbhónta agam go brách.”

Fonótaí