1 Teasalónaigh 3:1-13
3 Dá chionn sin nuair nár fhéadamar é a sheasamh a thuilleadh, shocraíomar go bhfágfaí sinn féin inár n-aonar san Aithin,
2 agus sheolamar chugaibhse ár mbráthair Tiomóid, fear atá ina chúntóir ag Dia i bhfógairt dea-scéal Chríost. Sheolamar chugaibh é chun sibh a dhaingniú agus a neartú in bhur gcreideamh,
3 ar shlí nach suaithfí aon duine agaibh le trioblóidí na huaire. Tá a fhios agaibh féin gurb é seo an rud atá ceaptha dúinn.
4 Dúramar libh cheana, fad a bhíomar in bhur measc, go raibh ciapadh i ndán dúinn; rud a tharla mar is eol daoibh.
5 Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur tuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn.
6 Nuair a tháinig Tiomóid ar ais chugainn uaibh anois beag, áfach, is é an scéal maith a bhí aige dúinn ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrá. D’inis sé dúinn go mbíonn sibh ag cuimhneamh go ceanúil orainn i gcónaí agus go bhfuil sibh chomh mór ag tnúth lenár bhfeiceáil agus atáimidne libhse.
7 Mar sin de, a bhráithre, ba mhór an tógáil chroí dúinn bhur gcreideamhsa i lár ár gcuid angair agus ár gcuid anacra,
8 mar gur beo dúinne anois nuair atá sibhse ag seasamh an fhóid go daingean sa Tiarna.
9 Cén buíochas is féidir dúinn a ghabháil le Dia as a bhfuil de lúcháir curtha orainn agaibh os comhair ár nDé?
10 Bímid á ghuí go dúthrachtach de lá is d’oíche go bhfeicfímid bhur ngnúis arís agus, cibé bearna atá ar bhur gcreideamh, go líonfaimid í.
11 Go ndéana Dia, ár nAthair, agus Íosa ár dTiarna, ar mbóthar chugaibh a réiteach dúinn.
12 Agus go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh.
13 Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.