1 Teasalónaigh 4:1-18

4  Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne—conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim á iarraidh d’achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós.  Tá a fhios agaibh cad iad na treoracha a thugamar daoibh ar údarás an Tiarna Íosa.  Is é is toil le Dia go mbeadh sibh naofa, go seachnódh sibh an drúis,  go dtuigfeadh gach duine agaibh conas a chorp a choimeád go naofa agus faoi urraim  agus gan a bheith tugtha do na paisin ainrianta ar nós na bpágánach nach bhfuil aon aithne ar Dhia acu;  gan éagóir ná calaois a dhéanamh ar bhráthair i gcúis dlí, mar go n-agraíonn an Tiarna na nithe sin uile ar dhaoine faoi mar a dúramar agus mar a dhearbhaíomar daoibh cheana.  Ní chun na neamhghlaine a ghlaoigh Dia sinn ach chun na naofachta.  Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh.  Maidir leis an ngrá bráthar ní gá aon ní a scríobh chugaibh ina thaobh mar go bhfuil teagasc faighte agaibh féin ó Dhia i dtaobh grá a thabhairt dá chéile. 10  Sin é go díreach atá á dhéanamh agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach táimidne á iarraidh oraibh, a bhráithre, déanamh níos fearr fós, 11  agus é bheith ina aidhm agaibh saol suaimhneach a chaitheamh, bhur ngnó féin a dhéanamh agus oibriú le bhur lámha féin de réir mar a dúramar libh cheana. 12  Sa tslí sin beidh meas ag na díchreidmhigh oraibh agus ní bheidh sibh ag brath ar dhuine ar bith. 13  Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas. 14  Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbas chomh maith. 15  Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis: 16  mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost. 17  Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo. 18  Déanaigí a chéile a mhisniú, más ea, leis na briathra sin.

Fonótaí