1 Tiomóid 5:1-25

5  Ná tabhair casaoid do sheanduine ach déan tathant air mar a dhéanfá ar d’athair. Déan le fir óga mar a dhéanfá le do dheartháireacha.  Bí le seanmhná mar bheifeá le do mháthair agus le mná óga mar bheifeá le do dheirfiúracha, go geanmnaí i gcónaí.  Tabhair ómós do bhaintreacha atá ina mbaintreacha dáiríre.  Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin.  An bhean atá ina fíorbhaintreach agus atá fágtha ina haonar sa saol, bíonn a muinín aici i nDia agus leanann sí ag guí agus ag urnaí de lá agus d’oíche.  Ach an bhaintreach atá aerach, tá sí marbh cheana féin d’ainneoin í bheith beo.  Tabhair an foláireamh seo don phobal d’fhonn nach mbeadh locht le fáil orthu:  an duine nach ndéanann aon chúram dá mhuintir agus do lucht a theaghlaigh féin go háirithe, tá an creideamh séanta aige agus is measa é ná an díchreidmheach.  Ná cláraítear aon bhaintreach nach mbíonn an seasca bliain slán aici. Caithfidh sí gan a bheith pósta ach aon uair amháin 10  agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha. 11  Coinnigh amach na baintreacha óga, mar nuair a chlaonann an teaspach ó Chríost iad, tagann fonn pósta orthu 12  agus bíonn sé le casadh ansin leo go ndeachaigh siad siar ar a gcéad fhocal. 13  San am céanna tosaíonn siad ag gabháil timpeall díomhaoin ó theach go teach, agus ní díomhaoin amháin a bhíonn siad ach iad ag suainseán agus ag gobaireacht agus ag caint ar nithe nach cuí. 14  B’fhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan aon deis a gcáinte a thabhairt don namhaid. 15  Tá cuid acu tar éis claonadh le Sátan cheana féin. 16  Aon chreidmheach mná a bhfuil daoine muintire léi ina mbaintreacha, tugadh sí féin aire dóibh agus gan iad a bheith ina n-ualach ar an eaglais chun go bhféadfadh an eaglais teacht i gcabhair ar na fíorbhaintreacha. 17  Na seanóirí a chruthaíonn go maith mar uachtaráin, tá a dhá oiread onóra ag dul dóibh, agus iad siúd go háirithe a chaitheann a ndúthracht leis an tseanmóireacht agus leis an teagasc, 18  mar go ndeir an scrioptúr: “Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair” agus “is fiú an fear oibre a thuarastal.” 19  Nuair a chuirtear coir i leith seanóra, ná géillse dó ach amháin ar fhocal a dó nó a thrí d’fhinnéithe. 20  Déan lucht an mhí-iompair a cheartú go poiblí, áfach, d’fhonn an chuid eile acu a scanrú. 21  I bhfianaise Dé agus Íosa Críost agus i bhfianaise na n-aingeal atá tofa aige cuirim de gheasa ort na rialacha sin a choinneáil gan leathchuma, gan camadh gan claonadh. 22  Ná bíodh aon deabhadh ort ag leagan lámh ar dhuine ar bith agus ná bí páirteach i bpeacaí daoine eile. Coinnigh tú féin saor ó locht. 23  Ná hól uisce leis féin a thuilleadh ach tóg braon fíona ar mhaithe leis an ngoile agus leis na taomanna tinnis a thagann ort chomh minic sin. 24  Bíonn daoine ann a mbíonn a bpeacaí glan le feiceáil ag dul rompu chun na cúirte; ach is tar éis an fhiosraithe a thagann peacaí daoine eile chun solais. 25  Bíonn na dea-ghníomhartha glan le feiceáil ar an gcuma chéanna; agus iad siúd nach mbíonn, ní féidir iad a cheilt go deo.

Fonótaí