1 Corantaigh 13:1-13
13 Má labhraím i dteangacha daoine agus aingeal ach gan aon ghrá a bheith agam, níl ionam ach mar a bheadh prás ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh.
2 Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d’aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé.
3 Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam, ní aon tairbhe dom é.
4 Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh
5 ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach.
6 Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith.
7 Bíonn sé lán d’fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d’fhoighne.
8 Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t-eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo.
9 Mar tá ár gcuid eolais easnamhach agus tá ár bhfáidheoireacht easnamhach;
10 agus nuair a thiocfaidh ann an rud foirfe, rachaidh an rud easnamhach ar neamhní.
11 Fad a bhí mé i mo leanbh, bhí caint agus meon agus réasún an linbh agam, ach ar m’éirí suas i m’fhear dom, d’fhág mé bealaí an linbh i mo dhiaidh.
12 Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm.
13 Tá trí nithe ann atá buan, más ea, creideamh dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthusan.