1 Corantaigh 15:1-58

15  Ba mhaith liom a mheabhrú anois daoibh, a bhráithre, an dea-scéal úd a d’fhógair mé daoibh agus ar ghlac sibhse leis agus a bhfuil sibh suite go daingean de.  Is ann chomh maith atá bhur slánú le fáil má chloíonn sibh go dlúth leis an teagasc mar a thug mise daoibh é—ach mura in aisce a chreid sibh.  Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr;  gur adhlacadh é agus gur éirigh sé an tríú lá de réir na scrioptúr;  gur thaispeáin sé é féin do Chéafas agus ina dhiaidh sin don dáréag;  gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig céad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne.  Ansin thaispeáin sé é féin do Shéamas agus ina dhiaidh sin do na haspail go léir.  Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.  Mar is mise an duine is lú ar fad de na haspail—ní fiú mé go dtabharfaí aspal orm de bhrí go ndearna mé géarleanúint ar eaglais Dé. 10  Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom. 11  Ach is cuma idir mise agus iadsan, sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse. 12  Ós é atá á fhógairt go bhfuil Críost éirithe ó mhairbh, cad a bheir do chuid agaibhse a rá nach bhfuil aiséirí na marbh ann ar chor ar bith? 13  Mura bhfuil aiséirí na marbh ann níl Críost ach an oiread aiséirithe. 14  Agus mura bhfuil Críost aiséirithe tá ár bhfógairt gan bhonn agus tá bhur gcreideamhsa gan bhonn mar an gcéanna. 15  Agus níl ionainne ach finnéithe bréige ar Dhia de bhrí gur dhearbhaíomar ar Dhia gur thóg sé Críost ó mhairbh, rud nach ndearna sé más fiór nach n-aiséiríonn na mairbh. 16  Mar más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh níl Críost aiséirithe ach chomh beag. 17  Agus más rud é nach bhfuil Críost aiséirithe is baoth bhur gcreideamh agus tá sibh in bhur bpeacaí go fóill. 18  Agus rud eile de, an mhuintir atá tar éis bháis i gCríost, tá deireadh leo. 19  Más le haghaidh an tsaoil seo amháin atá ár ndóchas as Críost againn níl aon díol trua is mó ná sinn. 20  Ach tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh. 21  Faoi mar is duine amháin faoi deara an bás is duine amháin faoi deara aiséirí na marbh chomh maith. 22  Faoi mar a fhaigheann gach duine bás in Ádhamh, aithbheofar gach duine chomh maith i gCríost. 23  Beidh gach duine ina rang féin áfach; Críost an chéadtoradh; ansin nuair a fhillfidh sé aiséireoidh an mhuintir a bheidh i bpáirt le Críost; 24  agus ansin beidh an deireadh ann nuair a thabharfaidh sé suas an ríocht do Dhia an tAthair, tar éis dó gach ceannas agus tiarnas agus cumhacht a chur ar neamhní. 25  Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige. 26  Agus is é namhaid deireanach atá le cloí an bás. 27  Óir “tá gach ní curtha faoi chois aige.” Ach nuair a deirtear “tá gach ní curtha faoina chois” is follas nach bhfuil an té a chuir gach ní faoina chois san áireamh. 28  Nuair a bheidh gach ní faoina smacht, ansin rachaidh an Mac féin faoi réir an té a chuir gach ní faoi, sa tslí go mba é Dia gach ní don uile ní. 29  Rud eile de, cén fheidhm a bhíonn leo siúd a bhaistear thar ceann na marbh? Más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh ar chor ar bith, cad chuige a mbaistear thar a gceann iad? 30  Agus cad chuige a dtéimidne i mbaol gach uair den lá? 31  Chomh cinnte agus atá brod orm asaibhse i gCríost Íosa ár dTiarna, a bhráithre, níl lá de mo shaol nach dtéimse i mbaol mo bháis. 32  Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh “bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.” 33  Ná bíodh aon dul amú oraibh: “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.” 34  Craithigí suas i gceart anois sibh féin agus éirígí as an bpeaca, mar tá cuid agaibh gan aithne ar Dhia. Is chun náire a chur oraibh atáim á rá. 35  Fiafróidh duine éigin: “Conas a aiséireoidh na mairbh? Cén sórt coirp a bheidh acu ag teacht?” 36  A dhuine gan chiall, an síol a chuireann tú sa talamh ní thagann beatha ann gan é a fháil bháis ar dtús. 37  Agus an ní a chuireann tú ní hé an “corp” a bheidh ann ar ball é ach gráinne lom cruithneachta cuirim i gcás nó a leithéid eile. 38  Agus tugann Dia corp dó mar is áil leis, a chorp féin do gach síol ar leith acu. 39  Ní mar a chéile gach cineál feola ach tá cineál amháin ag daoine, cineál eile ag beithígh, cineál eile ag éanlaith, agus cineál eile fós ag éisc. 40  Agus tá na dúile neimhe ann agus dúile na talún. Agus ní ionann loinnir do na dúile neimhe agus do dhúile na talún. 41  Ní ionann loinnir don ghrian ná don ghealach ná do na réiltíní, agus níl aon dá réiltín ar aon loinnir le chéile. 42  Is é an dála céanna ag aiséirí na marbh é. Cuirtear i somhillteacht; éireofar i ndomhillteacht. 43  Cuirtear in easonóir; éireofar i nglóir. Cuirtear i laige; éireofar i neart. 44  Cuirtear é ina chorp nádúrtha; éireoidh sé ina chorp osnádúrtha. Má tá corp nádúrtha ann, tá corp osnádúrtha ann chomh maith. 45  Mar atá scríofa: “Rinneadh anam beo den chéad duine, Ádhamh.” Sea, agus rinne spiorad a bheonn den dara hÁdhamh. 46  Ach ní hé an rud osnádúrtha is túisce a bhí ann ach an rud nádúrtha agus an rud osnádúrtha ina dhiaidh. 47  Is ó chré na talún a tháinig an chéad duine agus é talmhaí ach is ó neamh an dara duine. 48  Bíonn na daoine talmhaí ar aon dul leis an duine úd a tháinig ón talamh, agus bíonn na daoine neamhaí ar aon dul leis an duine úd ó neamh. 49  Agus faoi mar a ghlacamar cló an duine thalmhaí orainn, [glacaimis] cló an duine neamhaí orainn chomh maith. 50  Is é atáim a rá libh, a bhráithre, nach féidir d’fhuil agus d’fheoil ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir don rud somhillte an domhillteacht a shealbhú. 51  Ach tá rúndiamhair agam le nochtadh daoibh: ní bhfaighimid go léir bás ach tiocfaidh claochlú orainn go léir. 52  Tiocfaidh sé orainn in aon nóiméad amháin, i bhfaiteadh na súl, ar shéideadh an trumpa dhéanaigh. Nuair a shéidfidh an trumpa, éireoidh na mairbh agus iad domhillte; agus claochlófar sinne, 53  mar ní foláir don chorp somhillte seo cló domhillte a chur uime; ní foláir don chorp básmhar seo cló neamhbhásmhar a chur uime. 54  Agus nuair a bheidh an corp somhillte seo ina chló domhillte, an corp básmhar seo ina chló neamhbhásmhar, fíorófar ansin an focal úd atá scríofa: 55  “Tá an bás slogtha siar ag an mbua.Anois, a bháis, cá bhfuil do bhua?A bháis, cá bhfuil do chealg?” 56  Is é an peaca cealg an bháis agus is é an dlí neart an pheaca. 57  Buíochas le Dia a thugann dúinn an bua trínár dTiarna Íosa Críost. 58  Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna.

Fonótaí