2 Croinicí 10:1-19

10  Chuaigh Rachabám go Seicim mar go raibh Iosrael go léir imithe go Seicim chun é a fhógairt ina rí.  Nuair a chuala Iarobám mac Nabát an scéal—bhí sé san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí—d’fhill sé ón Éigipt.  Chuir siad fios air agus ghlaoigh siad air agus tháinig sé agus [an comhthionól] go léir in éineacht leis, agus dúirt siad le Rachabám:  “Chuir d’athair ualach trom orainn le hiompar; bog daoirse dhian d’athar, agus a chuing atá go trom orainn, agus déanfaimid seirbhís duit.”  Dúirt sé leo: “Tagaigí ar ais chugam faoi cheann trí lá.” D’imigh na daoine leo.  Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “a mholfadh sibh ba chóir dom a thabhairt ar an muintir seo?”  “Má bhíonn tú cneasta leis an bpobal seo,” ar siad, “agus má bhíonn tú lách leo, agus má bhíonn tú cóir leo, beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”  Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh, a d’fhás suas leis féin, a bhí ina sheirbhís.  “Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt ar an muintir seo a dúirt liom: ‘Bog dínn an chuing a leag d’athair orainn’?” 10  Agus d’fhreagair an dream óg a d’fhás suas leis agus dúirt leis: “Tabhair an freagra seo ar an muintir úd a dúirt: ‘Chuir d’athair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú dúinn’—abair é seo leo: ‘Is raimhre mo lúidín ná coim m’athar. 11  Leag m’athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m’athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’” 12  An tríú lá tháinig Iarobám agus an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a d’ordaigh an rí á rá: “Tagaigí chugam arís an treas lá.” 13  Thug an rí freagra garbh orthu gan aon aird a thabhairt ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó. 14  Labhair Rachabám leo de réir chomhairle na n-ógfhear agus dúirt: “Leag m’athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m’athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.” 15  Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag Dia ionas go gcomhlíonfadh an Tiarna an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát. 16  Nuair a chonaic Iosrael go léir nár thug an rí aon aird orthu, d’fhreagair an pobal an rí:“Cén chuid atá againn i nDáiví?Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise.Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael, gach duine agaibh.Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!”Agus d’imigh Iosrael go léir leo chun a mbothanna. 17  Ach bhí Rachabám ina rí ar chlann Iosrael a bhí ina gcónaí i gcathracha Iúdá. 18  Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir clann Iosrael chun báis de chlocha é; ansin níor mhór do Rachabám preabadh ina charbad agus teitheadh go Iarúsailéim. 19  Agus ar an gcuma sin tá Iosrael scartha ó theaghlach Dháiví go dtí an lá inniu féin.

Fonótaí