2 Croinicí 14:1-15

14  [13:23] Ansin chuaigh Aibíá chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví. Tháinig a mhac Ásá i gcomharbacht air. Bhí an tír faoi shíocháin ar feadh deich mbliana lena linn.  [14:1] Rinne Ásá an ceart agus an chóir i bhfianaise an Tiarna a Dhia.  [14:2] Chuir sé deireadh leis na haltóirí deoranta agus leis na hardionaid, leag sé anuas na colúin agus ghearr anuas na cuaillí naofa,  [14:3] agus d’áitigh sé ar Iúdá an Tiarna a nDia a thóraíocht agus idir dhlí agus aithne a chomhlíonadh.  [14:4] Dhíbir sé na hardionaid agus na haltóirí túise as gach cathair in Iúdá. Bhí síocháin sa ríocht faoina réim.  [14:5] D’atóg sé cathracha daingne Iúdá, mar bhí an tír faoi shíocháin gan aon chogadh na blianta sin mar dheonaigh an Tiarna síocháin dó.  [14:6] “Déanaimis na cathracha seo a atógáil,” ar sé le Iúdá, “agus cuirimis ballaí agus túir, geataí agus sparraí, timpeall á gcosaint. Fágfar an tír seo fúinn mar lorgamar an Tiarna ár nDia; lorgamar é agus thug sé síocháin dúinn ar gach taobh.” Rinneadar an tógáil dá bhrí sin agus bhí an rath orthu.  [14:7] Bhí arm de thrí chéad míle fear ó Iúdá le sciatha agus gathanna ag Ásá; agus dhá chéad ochtó míle fear ó Bhiniáimin a d’iompair sciath agus a láimhseáil bogha; gaiscígh thréana iadsan go léir.  [14:8] Tháinig Zearach an Cúiseach le harm milliún fear agus trí chéad carbad amach ina gcoinne agus tháinig sé chomh fada le Máraeiseá. 10  [14:9] Chuaigh Ásá amach ina gcoinne agus chuir cóiriú catha ar a shluaite i nGleann Zafátá ag Máraeiseá. 11  [14:10] Ghlaoigh Ásá chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “ní féidir le haon duine ach tusa seasamh leis an lag in aghaidh an láidir. Cabhraigh linn, a Thiarna ár nDia, mar tá muinín againn asat, agus is i d’ainmse atáimid ag dul in aghaidh an tslua seo. A Thiarna, is tú ár nDia; fágadh an duine gach ní fútsa.” 12  [14:11] Bhris an Tiarna ar na Cúisigh roimh Ásá agus Iúdá, agus theith na Cúisigh. 13  [14:12] Chuir Ásá agus a lucht leanúna tóir orthu chomh fada le Gearár. Thit na Cúisigh ar lár i dtreo nár fágadh fear inste scéil mar treascraíodh iad roimh an Tiarna agus a shlua. Chruinníodar a lán creiche, 14  [14:13] agus chloíodar na cathracha go léir timpeall ar Ghearár mar bhí eagla an Tiarna orthusan. Chreach siad iad go léir mar bhí a lán éadála iontu. 15  [14:14] D’ionsaíodar freisin bothanna lucht an eallaigh agus thugadar leo raidhse caorach agus camall; agus ansin d’fhilleadar ar Iarúsailéim.

Fonótaí