2 Croinicí 16:1-14
16 Sa séú bliain tríochad de réimeas Ásá ghabh Báiseá rí Iosrael suas i gcoinne Iúdá agus dhaingnigh sé Rámá d’fhonn léigear a chur ar Ásá rí Iúdá.
2 Thóg Ásá leis ansin an t-airgead agus an t-ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí agus sheol iad go Bein Hadad rí Arám a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht:
3 “Bíodh conradh idir mise agus thusa, faoi mar a bhí idir m’athair agus d’athairse. Féach, táim ag cur airgid agus óir chugat. Tar agus bris an conradh atá agat le Báiseá rí Iosrael agus caithfidh sé cúlú ó mo chríocha.”
4 D’aontaigh Bein Hadad agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Abael Máím agus cathracha stóir Naftáilí go léir.
5 Nuair a chuala Báiseá é sin, scor sé de bheith ag daingniú Rámá agus d’éirigh as an ngnó sin.
6 Thionóil Ásá rí Iúdá go léir agus thug siad chun siúil na clocha agus an t-adhmad lena raibh Báiseá ag tógáil, agus leis an méid sin dhaingnigh sé Geaba agus Mizpeá.
7 Ansin a tháinig Hanáiní an físí go hÁsá rí Iúdá agus dúirt leis: “De bhrí nach raibh muinín agat as an Tiarna do Dhia, ach as rí Arám, sleamhnóidh arm rí Arám as do láimh.
8 Nárbh arm mór le hiliomad carbad agus marcach iad na Cúisigh agus na Libiaigh? Ach de bhrí gur chuir sibh bhur muinín sa Tiarna, nár tugadh ar láimh daoibh iad?
9 Ós rud é go mbíonn súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith, is baoth mar a rinne sibh sa ghnó seo; as seo amach beidh cogaí in bhur measc.”
10 Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.
11 Tá stair Ásá ó thús deireadh scríofa i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael.
12 Bhuail drochghalar Ásá sna cosa an naoú bliain tríochad dá réimeas, agus ghéaraigh ar an ngalar. Ach ina ghalar ní dheachaigh sé i muinín an Tiarna ach i muinín dochtúirí.
13 Chuaigh Ásá chun suain lena shinsir, d’éag sé san aonú bliain is daichead dá réimeas.
14 Chuireadar é sa tuama a d’ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d’adhnadar béileach mhór thine ina onóir.