2 Croinicí 20:1-37
20 Ina dhiaidh sin tháinig na Móábaigh, na hAmónaigh, agus cuid de na [Méúnaigh] chun cogadh a chur ar Iahóiseáfát.
2 Tháinig daoine le teachtaireacht go dtí Iahóiseáfát: “Tá slua mór ag teacht i do choinne ó Eadóm ón taobh eile den fharraige; tá siad ag Hazazón Támár, .i. Éan Geidí, cheana féin.”
3 Tháinig scéin ar Iahóiseáfát agus chinn sé dul i muinín an Tiarna; d’fhógair sé troscadh ar Iúdá ar fad.
4 Chruinnigh Iúdá le chéile chun cabhair a lorg ar an Tiarna; tháinig siad ó gach cathair i Iúdá ar lorg an Tiarna.
5 Ag an gcomhthionól seo de mhuintir Iúdá agus Iarúsailéim i dTeampall an Tiarna, sheas Iahóiseáfát os comhair na cúirte nua,
6 agus dúirt: “A Thiarna, a Dhia ár sinsear, nach tusa an Dia a chónaíonn sna flaithis? Nach bhfuil tusa i gceannas ar ríochtaí na gciníocha go léir? Tá a leithéid de chumhacht agus de neart i do lámhasa nach féidir le haon duine cur i do choinne.
7 Nach tusa ár nDia a dhíbir áitritheoirí na tíre seo amach roimh Iosrael do phobal, agus a thug é go brách do shliocht Abrahám, do chara?
8 Chuir siadsan fúthu ann agus thóg siad sanctóir do d’ainm ann,
9 á rá: ‘Má bhuaileann tubaiste sinn—cogadh nó daorbhreith, nó galar, nó gorta—seasfaimid os comhair an Teampaill seo agus os do chomhairse, mar tá d’ainm sa Teampall seo. Agus glaofaimid ort as umar ár n-aimléise agus tabharfaidh tú cluas agus éisteacht dúinn.’
10 Seo chugainn anois muintir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír; nuair a bhí Iosrael ag teacht amach as an Éigipt níor cheadaigh tú d’Iosrael iad a ionsaí; chas Iosrael i leataobh agus níor scrios siad iad—
11 ach seo mar atá díolaíocht á déanamh acu anois, ag teacht dár dtiomáint amach as na tailte a thug tú dúinn mar oidhreacht.
12 Nach ndéanfaidh tusa, ár nDia, breithiúnas orthu, mar nach bhfuil aon neart ionainn in aghaidh an tslua ábhalmhóir seo atá ag teacht inár gcoinne. Ní eol dúinn cad tá le déanamh againn, ach tá ár n-aird go léir ortsa!”
13 Bhí Iúdá go léir ina seasamh i láthair an Tiarna, a n-aosóga, a mná agus a leanaí.
14 Tháinig spiorad an Tiarna i lár an chomhthionóil ar Iachazíéil mac Zacairiá, mac Bhanáiá, mac Ieíéil, mac Mhatainiá an Léivíteach, duine de chlann Ásáf;
15 dúirt sé: “Éistigí, a fheara uile Iúdá, agus sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim, agus tusa a rí Iahóiseáfát! Mar seo a deir an Tiarna libh: ‘Ná bíodh eagla oraibh agus ná cuireadh an mathshlua mór seo drochmhisneach oraibh! Ní libhse an cath seo ach le Dia.
16 Cuirigí chun bóthair ina gcoinne amárach! Féach! tá siad ag teacht Ard Zíz aníos agus tiocfaidh sibh orthu i lúib an ghleanna lastoir de fhásach Iarúael.
17 Ní bheidh oraibh troid sa chath seo; téigí chun bhur láithreacha, seasaigí an fód, agus feicigí an bua atá i ndán daoibh ag an Tiarna. A Iúdá agus a Iarúsailéim, ná bíodh scéin ná drochmhisneach oraibh! Gluaisigí amach ina gcoinne amárach agus beidh an Tiarna in bhur dteannta.’”
18 Ansin chrom Iahóiseáfát a cheann agus a aghaidh chun talún agus chaith Iúdá go léir agus áitritheoirí Iarúsailéim iad féin ar a mbéala in ómós don Tiarna.
19 Ansin sheas na Léivítigh, na Cohátaigh agus na Corachaigh, leis an Tiarna, Dia Iosrael, a mholadh, in ard a gcinn agus a ngutha.
20 D’éirigh siad go moch ar maidin agus d’imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”
21 Chuaigh sé i gcomhairle leis an bpobal ansin agus chuir sé cantairí an Tiarna, ina n-éidí beannaithe, ag ceann an tslua lena mholtaí a chanadh, agus á rá: “Molaigí an Tiarna, mar maireann a bhuanghrá de shíor.”
22 Nuair a chrom siad ar a laoithe mórtha agus molta, rinne an Tiarna luíochán ar fhir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír a bhí tagtha chun Iúdá a ionsaí, agus cuireadh an teitheadh orthu.
23 Thug fir Amón agus Mhóáb fogha faoi mhuintir Shliabh Shaeír lena scriosadh faoin mbang, ach ní dhearnadar ach cuidiú le díthiú a chéile, nuair a bhí muintir Shaeír scriosta acu.
24 Nuair a shroich muintir Iúdá an áit óna bhfuil radharc ar an bhfásach agus gur thug siad aghaidh ar an mathshlua, féach, ní raibh ach corpáin gan anam sínte ar an talamh; níor fágadh fear inste scéil.
25 Tháinig Iahóiseáfát ansin agus a shluaite lena gcreachadh agus fuair siad mórchuid eallaigh agus maoine agus éadaí agus seod; bhailíodar thar mar ab fhéidir leo a bhreith leo; bhí an chreach chomh mór sin go rabhadar trí lá á cruinniú.
26 Ar an gceathrú lá thionóil siad i nGleann na Beannachta mar ar bheannaíodar an Tiarna go dearfa; uime sin atá an t-ainm Gleann na Beannachta á thabhairt ar an áit go dtí inniu féin.
27 Ansin d’fhill muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir, faoi cheannas Iahóiseáfát, ar ais go Iarúsailéim faoi lúcháir; óir bhí ábhar lúcháire faoina naimhde faighte acu ón Tiarna.
28 Thángadar go Iarúsailéim, agus go Teampall an Tiarna, le ceol cláirsí agus cruite agus stoic;
29 agus tháinig eagla Dé ar ríochtaí uile na dtíortha iasachta nuair a chuala siad conas mar a throid an Tiarna in aghaidh naimhde Iosrael.
30 Bhí ríocht Iahóiseáfát faoi shíocháin mar gur thug a Dhia síocháin dó ar a theorainneacha uile máguaird.
31 Sin mar a bhí ag Iahóiseáfát i gcoróin Iúdá. Bhí sé cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Shilchí ab ainm dá mháthair.
32 Lean sé sampla a athar Ásá gach cor den bhóthar ag déanamh an chirt i bhfianaise an Tiarna.
33 Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus ní raibh a gcroí fós dírithe ag an bpobal ar Dhia a sinsear.
34 An chuid eile de stair Iahóiseáfát, ó thús deireadh, nach bhfuil sé scríofa in Annála Iéahú mac Hanáiní atá cóipeáilte i Leabhar Ríthe Iosrael.
35 Ina dhiaidh sin rinne Iahóiseáfát rí Iúdá conradh le hAchaizíá rí Iosrael, a chuir ar bhóthar a aimhleasa é.
36 Rinne sé comhar leis ag tógáil long le dul go Tairsís agus thóg siad na longa in Eizión Geibir.
37 Rinne Eilíeizir mac Dhódaváhú ó Mháraeiseá tairngreacht in aghaidh Iahóiseáfát á rá: “De bhrí go ndearna tú conradh le hAchaizíá,” ar sé, “tá do shaothar millte ag an Tiarna.” Scriosadh na longa agus níor éirígh leo riamh seoladh go Tairsís.