2 Croinicí 6:1-42

6  Dúirt Solamh ansin:“Chinn an Tiarna go lonnódh sé sa néal tiubh.  Sea go deimhin, tá teach cónaithe tógtha agam duit,áit ina ndéanfá cónaí ann go brách.”  Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh.  Dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a chuir i ngníomh ó láimh gach ar gheall sé ó bhéal do Dháiví m’athair, nuair a dúirt sé:  ‘Ón lá a thug mé mo phobal Iosrael amach as tír na hÉigipte, níor roghnaigh mé aon chathair, in aon treibh de chuid Iosrael go léir, le teach a thógáil inti le go lonnódh m’ainm ann, ná níor roghnaigh mé aon fhear le bheith ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael;  ach gur roghnaigh mé Iarúsailéim le go lonnódh m’ainm ann agus gur roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.’  Ba é mian croí m’athar Dáiví teach a thógáil d’ainm an Tiarna, Dia Iosrael.  Ach dúirt an Tiarna le Dáiví m’athair: ‘Is é mian do chroí teach a thógáil do m’ainm, agus is maith uait sin;  ach mar sin féin ní tú an té a thógfaidh an teach; sé do mhac, an té a ghinfear ó d’fheoil féin, a thógfaidh an teach do m’ainm.’ 10  Chomhlíon an Tiarna an gealltanas a thug sé; tháinig mise i gcomharbacht ar m’athair Dáiví agus táim i mo shuí i ríchathaoir Iosrael faoi mar a gheall an Tiarna; tá an teach tógtha agam don Tiarna, Dia Iosrael, 11  agus tá ionad déanta agam ann don áirc ina bhfuil an conradh a rinne an Tiarna le clann Iosrael.” 12  Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha uaidh amach. 13  Bhí léibheann cré-umha déanta ag Solamh agus é leagtha i lár na cúirte aige; bhí sé cúig bhanlámh ar fhad, cúig bhanlárnh ar leithead, trí bhanlámh ar airde, agus leag sé sa chúirt é; agus ghabh sé in airde air; ansin chuaigh sé ar a ghlúine i láthair chomhthionól Iosrael go léir agus shín sé a lámha i dtreo na bhflaitheas 14  agus dúirt: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, níl aon Dia cosúil leatsa ar neamh thuas ná ar talamh thíos; tá tú dílis do do chonradh agus cineálta le do shearbhóntaí nuair a chloíonn siad le do chosán le hiomlán a gcroí. 15  Chomhlíon tú an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m’athair; gach ar gheall tú ó bhéal, chuir tú i ngníomh ó láimh inniu. 16  Agus anois, a Thiarna, a Dhia Iosrael, coinnigh an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí os mo chomhair i ríchathaoir Iosrael, ar choinníoll go dtabharfaidh do chlann mhac aire dá n-iompar agus siúl ar chosán mo dhlí mar a rinne tusa féin os mo chomhair.’ 17  Comhlíon más ea anois, a Thiarna, Dia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta Dáiví m’athair. 18  Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre i measc an chine dhaonna ar talamh? Mhuise ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa? 19  Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat. 20  De lá agus d’oíche bíodh do shúile ag tabhairt aire don teach seo, an áit seo inar gheall tú a dhéanfá teach do d’ainm. Éist leis an nguí a dhéanfaidh do shearbhónta san áit seo. 21  Éist le hachainíocha do shearbhónta agus do phobail Iosrael nuair a ghuíonn siad san áit seo. Sea, éist leo ó d’áras ar neamh, agus nuair a éistfidh tú tabhair maithiúnas! 22  “Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan agus go [nglaonn] an chomharsa mallacht sa mhullach air, agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d’altóra sa Teampall seo, 23  éistse ó na flaithis agus déan beart agus tabhair breith idir do shearbhóntaí; daor an ciontach agus tabhair a iompar sa mhullach air féin; cosain an fíréan agus tabhair luach saothair dó de réir a fhíréantachta. 24  Má bheireann an namhaid an bua ar do phobal Iosrael mar gur pheacaigh siad i d’aghaidh, má iompaíonn siad ar ais chugat, agus d’ainm a mholadh, agus idirghuí a dhéanamh chugat, sa teach seo, 25  tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith a bpeaca do do phobal Iosrael, agus tabhair ar ais iad chun na tíre a thug tú dóibh féin agus dá sinsir. 26  “Nuair a dhúnfar na spéartha agus nach mbeidh aon bháisteach mar gur pheacaíodar i d’aghaidh, má dhéanann siad guí san áit seo, agus d’ainm a mholadh, agus go n-umhlaíonn tú iad agus go ndéanann siad aithrí mar gheall ar a bpeacaí, 27  tabhair cluas dóibh ó na flaithis, agus maith a bpeaca do do shearbhóntaí agus do do phobal Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht. 28  “Má bhíonn gorta sa tír, nó plá, nó aicíd, nó coincleacha, nó lócaist, nó cruimh; má chuireann namhaid an phobail léigear ar gheata cathrach dá gcuid; má bhíonn fiabhras nó galar; 29  má thagann brón agus doilíos croí ar aon duine—nó ar do phobal Iosrael go léir—agus go ndéanfadh sé impí nó achainí agus go sínfeadh sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo, 30  tabhair cluas ó na flaithis mar a bhfuil d’áitreabh; tabhair maithiúnas agus cúitigh le cách de réir a iompair go léir, mar is eol duit gach croí—óir, is duit amháin is eol croí gach duine— 31  ionas go mbeidh urraim acu duit agus go siúlfaidh siad ar do chosáin fad mhairfidh siad sa tír a thug tú dár sinsir. 32  “Agus an strainséir chomh maith nach mbaineann le do phobal Iosrael, má thagann sé ón imigéin ar son d’ainm, agus do láimhe tréine, agus do ghéige sínte amach—má thagann sé agus guí a dhéanamh sa Teampall seo, 33  tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d’áitreabh, agus deonaigh gach a n-iarrfaidh an strainséir, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d’ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d’ainm ar an Teampall seo a thóg mé. 34  “Má théann do phobal chun cogaidh in aghaidh a naimhde, cibé bealach ar a seolfaidh tú iad, agus má chasann siad i dtreo na cathrach a thogh tú agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d’ainm agus guí chugat, 35  tabhair cluas ó na flaithis dá n-impí agus dá n-achainí agus seas leo. 36  “Má pheacaíonn siad i d’aghaidh—mar níl duine beo nach ndéanann peaca—agus go dtiocfaidh fearg ort leo agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfaí chun siúil iad mar dhaoir go tír i gcéin nó i gcóngar; 37  má thagann ciall dóibh i dtír a ndeoraíochta agus go ndéanfaidh siad aithrí, agus guí a chur chugat i bhfearann lucht a gcloíte á rá: ‘Pheacaíomar, rinneamar an t-olc agus an peaca,’ 38  agus má iompaíonn siad ar ais chugat ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, i dtír a ndeoraíochta, mar ar tugadh ar díbirt iad, agus má chuireann siad achainí chugat agus a n-aghaidh i dtreo na tíre a thug tú dá sinsir, i dtreo na cathrach a thogh tú, agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d’ainm, 39  tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d’áitreabh, éist lena n-achainí agus lena n-impí agus seas leo: maith do do phobal na peacaí a rinneadar i do choinne. 40  “Bíodh do shúile ar leathadh, a Dhia liom, agus tabhair cluas i gcónaí don urnaí a ofrálfar suas ón áit seo. 41  Agus anois: “Éirigh, a Thiarna, a Dhia, agus isteach leat i do áit suaimhnis,tusa agus áirc do chumhachta.Tá an slánú um do shagairt mar éide,agus cuireann d’fhéile lúcháir ar d’fhíréin. 42  A Thiarna, a Dhia, ná hiompaigh ó ghnúis d’ungthaigh;cuimhnigh ar do chineáltas buan le Dáiví do shearbhónta.”

Fonótaí