2 Ríthe 12:1-21

12  [12:2] Rinneadh rí de Ióáis sa seachtú bliain de réimeas Iéahú, agus bhí sé daichead bliain i réim in Iarúsailéim. Zibiá ó Bhéar Seaba ab ainm dá mháthair.  [12:3] Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna gach lá dá shaol mar go raibh Iahóideá an sagart á theagasc.  [12:4] Níor scriosadh na hardionaid, áfach; lean na daoine orthu ag íobairt agus ag ofráil túise ar na hardionaid.  [12:5] Dúirt Ióáis leis na sagairt: “An t-airgead go léir as na dleachta naofa a thugtar go Teampall an Tiarna, an t-airgead as na cánacha pearsanta (an t-airgead ó na daoine de réir mar áiríonn sé iad), agus an t-airgead a thugtar le deabhóid chroí isteach i dTeampall an Tiarna—  [12:6] glacadh na sagairt leis, ó gach duine dá lucht aitheantais, agus déanaidís an Teampall a dheisiú de réir mar a fheicfear a bheidh sin riachtanach.”  [12:7] Ach faoin tríú bliain fichead de réimeas Ióáis rí, ní raibh aon deisiú déanta ag na sagairt ar an Teampall.  [12:8] Uime sin chuir Ióáis fios ar Iahóideá agus ar na sagairt eile. “Cén fáth nach bhfuil an Teampall á dheisiú agaibh?” d’fhiafraigh sé. “Ná tógaigí a thuilleadh airgid dá bhrí sin ó bhur lucht aitheantais ach é a thabhairt suas ar son deisiú an Teampaill.”  [12:9] D’aontaigh na sagairt dá bhrí sin gan a thuilleadh airgid a thógáil ó na daoine, agus nach iad a thuilleadh a chaithfeadh an Teampall a dheisiú.  [12:10] Ansin fuair Iahóideá an sagart cófra, chuir poll ina chlab agus chuir é le taobh [án cholúin] ar dheis ar an tslí isteach i dTeampall an Tiarna; chuireadh na sagairt a bhí i bhfeighil an dorais an t-airgead go léir a thugtaí go dtí Teampall an Tiarna isteach ann. 10  [12:11] Nuair a d’fheicidís go raibh a lán airgid sa chófra, thagadh rúnaí an rí agus an t-ardsagart agus dhéanaidís an t-airgead i dTeampall an Tiarna a leá agus a thomhas. 11  [12:12] Nuair a bhíodh sé tomhaiste thugaidís an t-airgead do na saoistí a bhí i bhfeighil obair Theampall an Tiarna, agus chaithidís é ar na siúinéirí agus ar na tógálaithe a bhíodh ag obair ar Theampall an Tiarna, 12  [12:13] ar na saoir agus ar na gearrthóirí cloch; chaithidís chomh maith é ag ceannach adhmaid agus cloch gearrtha chun Teampall an Tiarna a dheisiú, agus ag díol as costais deisiú an Teampaill go léir. 13  [12:14] Ní dhearnadh báisíní airgid, ná smóladáin, ná miasa, ná trumpaí, ná soithí óir ná airgid, as an airgead a toirbhríodh do Theampall an Tiarna, 14  [12:15] mar tugadh é go léir do na fir oibre agus bhaineadarsan feidhm as ag deisiú Teampall an Tiarna. 15  [12:16] Níor éilíodh cuntas ón muintir dár tugadh an t-airgead le caitheamh ar na fir oibre mar go rabhadar ionraic i mbun a ngnó. 16  [12:17] An t-airgead a ofráladh mar éiric ar choir, nó mar chúiteamh i bpeaca, níor tugadh é do Theampall an Tiarna; leis na sagairt ab ea é sin. 17  [12:18] Um an dtaca sin chuaigh Hazáéil rí Arám suas agus throid sé in aghaidh Ghat agus ghabh é agus ansin chrom sé ar ullmhú d’ionsaí ar Iarúsailéim. 18  [12:19] Thóg Ióáis rí Iúdá na tabhartais naofa go léir a thíolaic a shinsir Iahóiseáfát agus Iahórám, agus Achaizíá, ríthe Iúdá, agus iad siúd a thíolaic sé féin, agus a bhfuarthas d’ór i gcistí Theampall an Tiarna, agus phálás an rí, agus sheol iadsan go Hazáéil rí Arám. D’imigh seisean leis ansin ó Iarúsailéim. 19  [12:20] An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 20  [12:21] Rinne a oifigigh ceannairc agus comhcheilg agus mharaigh siad Ióáis i dteach Mhileo, ar an mbealach síos go Sileá. 21  [12:22] Ba iad a shearbhóntaí Iózácár mac Shimeát agus Iahózábat mac Shiomaer a threascair agus a mharaigh é. Rinneadar é a adhlacadh i nDúnfort Dháiví lena shinsir agus tháinig a mhac Amaiziá i gcomharbacht air.

Fonótaí