2 Ríthe 24:1-20
24 Lena linn rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine ionradh, agus bhí Iahóiácaím ag tabhairt ómóis dó ar feadh trí bliana, ach ansin d’iompaigh sé uaidh agus rinne ceannairc ina aghaidh.
2 Ach chuir [seisean] díormaí armtha de Chaildéigh, d’Amóraigh, de Mhóábaigh, agus d’Amónaigh ina choinne; chuir sé in aghaidh Iúdá iad le hé a scrios de réir an bhriathair a labhair an Tiarna trí bhéal a shearbhóntaí na fáithe.
3 Tharla sé seo go léir do Iúdá de bharr [fhearg] an Tiarna; bheartaigh seisean iad a chaitheamh as a radharc de bharr pheacaí Mhanaise agus gach a ndearna sé,
4 agus chomh maith de bharr gach a raibh d’fhuil neamhchiontach doirte aige agus Iarúsailéim á líonadh aige ó cheann ceann le fuil neamhchiontach. Ní raibh maithiúnas le fáil ón Tiarna.
5 An chuid eile de stair Iahóiácaím, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
6 Ansin chuaigh Iahóiácaím chun suain lena shinsir agus tháinig Iahóiácaín i gcomharbacht air.
7 Níor fhág rí na hÉigipte a thír féin arís mar bhí gach dúiche a bhain le rí na hÉigipte ó ghleann na hÉigipte go habhainn an Eofrataes gafa ag rí na Bablóine.
8 Bhí Iahóiácaín ocht mbliana déag d’aois ag teacht i gcoróin dó, agus bhí sé trí mhí ina rí in Iarúsailéim. Nachuisteá, iníon Ealnátán ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair.
9 Rinne sé an t olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a athair roimhe.
10 San am sin mháirseáil sluaite Nabúcadnazar rí na Bablóine in aghaidh Iarúsailéim agus rinne siad an chathair a thimpeallú.
11 Tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine é féin chun an chathair a ionsaí fad a bhí sí faoi léigear ag a mhuintir.
12 Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t-ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar.
13 Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna.
14 Thug sé Iarúsailéim ar fad leis ar deoraíocht; na huachtaráin uile agus na laochra gaile uile, deich míle cime, mar aon leis na gaibhne agus leis na ceardaithe go léir; níor fágadh ina ndiaidh ach bochtáin na tíre.
15 Dhíbir sé Iahóiácaín chun na Bablóine, mar aon le máthair an rí, mná an rí, a choillteáin agus uaisle na tíre; thug sé iad go léir leis ó Iarúsailéim ar deoraíocht chun na Bablóine.
16 Na daoine gradamacha go léir, seacht míle acu, na gaibhne agus na ceardaithe, míle acu, agus gach duine acu in ann arm a iompar, thug rí na Bablóine an t-iomlán leis ar deoraíocht chun na Bablóine.
17 Mar chomharba ar Iahóiácaín cheap rí na Bablóine Matainiá a uncail ina rí, agus d’athraigh sé a ainm go Zidicíá.
18 Bhí Zidicíá bliain agus fiche d’aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Hamútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair.
19 Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne Iahóiácaím.
20 Tharla sin in Iarúsailéim agus in Iúdá de bharr fhearg an Tiarna i dtreo gur chaith sé i leataobh óna láthair iad ar deireadh. Rinne Zidicíá ceannairc in aghaidh rí na Bablóine.