2 Ríthe 6:1-33
6 Dúirt bráithreachas na bhfáithe le hEilíseá: “Féach, tá an áit ina bhfuil cónaí orainn taobh leat róchúng dúinn.
2 Téimis chun na Iordáine, agus gearradh gach duine againn sail ann agus déanaimis áit chónaithe dúinn féin ann.” D’fhreagair sé: “Téigí!”
3 Ansin dúirt duine díobh: “Ar mhiste leat dul le do shearbhóntaí?” “Rachaidh mé,” ar sé,
4 agus chuaigh sé leo. Nuair a tháinig siad chun na Iordáine ghearradar anuas crainn
5 ach ag gearradh saile do dhuine díobh, thit ceann iarainn a thua isteach san uisce. “Mo léan, a mháistir,” ar sé, “agus ba ar iasacht leis a bhí sé!”
6 “Cár thit sé?” d’fhiafraigh an giolla Dé de, agus thaispeáin sé an áit dó. Ansin ghearr sé slapar agus chaith isteach ansiúd é agus chuir an t-iarrann ar snámh.
7 “Tóg amach é,” ar sé, agus shín an fear a lámh agus thóg é.
8 Bhí rí Arám i gcogadh le hIosrael. Chuaigh sé i gcomhairle lena oifigigh agus dúirt: “Déanaigí [ionsaí] ina leithéid seo d’áit.”
9 Ach chuir giolla Dé scéala go rí Iosrael: “Seachain agus ná téigh thar an áit sin, mar tá na hArámaigh chun [ionsaí] a dhéanamh ann.”
10 Chuir rí Iosrael dá réir sin díorma fear chun na háite a luaigh giolla Dé. Agus bhíodh sé ag tabhairt rabhaidh do rí Iosrael ar an gcuma sin agus bhíodh seisean san airdeall, agus tharla sin breis agus uair nó dhó.
11 Bhí seo ag cur an-bhuaireamh aigne ar rí Arám, agus ghlaoigh sé ar a fheidhmeannaigh agus dúirt: “Inis dom cé acu againn atá dár [mbrath] le rí Iosrael.”
12 “Níl aon duine againn, a thiarna mo rí,” arsa duine dá fheidhmeannaigh, “ach is é Eilíseá, an fáidh in Iosrael, a fhoilsíonn do rí Iosrael gach a ndeir tú i do sheomra codlata.”
13 “Imígí agus faighigí amach cá bhfuil sé,” arsa an rí, “i dtreo go gcuirfinn lucht a ghafa ar a thóir.” Agus fuair sé scéala: “Tá sé anois i nDotán.”
14 Chuir sé capaill agus carbaid agus slua mór ansiúd uaidh agus thángadar i gcoim na hoíche agus thimpeallaíodar an chathair.
15 Lá arna mhárach rinne giolla Dé mochóirí agus amach leis. B’shiúd díorma saighdiúirí le capaill agus carbaid timpeall na cathrach. “Mo léan, a mháistir, cad tá le déanamh againn?” arsa a shearbhónta.
16 D’fhreagair sé: “Ná bíodh eagla ort! Óir is mó atá linne ná mar atá leosan.”
17 Ansin rinne Eilíseá urnaí: “A Thiarna,” ar sé, “oscail a shúile agus tabhair radharc dó, impím ort.” D’oscail an Tiarna súile a shearbhónta agus chonaic sé an sliabh, féach, agus é clúdaithe le capaill agus le carbaid tine timpeall ar Eilíseá.
18 Nuair a bhí na hArámaigh ag druidim leis ghuigh Eilíseá chun an Tiarna: “Buail an dream seo, guím thú, le daille,” agus bhuail sé le daille iad de réir mar a d’impigh Eilíseá.
19 Ansin dúirt Eilíseá leo: Ní hé seo an bóthar, ná ní hí seo an chathair; lean mise agus treoróidh mé sibh chun an fhir atá sibh a lorg,” agus threoraigh sé chun na Samáire iad.
20 Ach a rabhadar tagtha isteach sa tSamáir dúirt Eilíseá: “A Thiarna, oscail súile an dreama seo i dtreo go mbeidh radharc acu.” Agus d’oscail an Tiarna a súile agus bhí radharc acu, agus ba shiúd i lár na Samáire iad.
21 Nuair a chonaic rí Iosrael iad, dúirt sé le hEilíseá: “An gcuirfidh mé chun báis iad, an gcuirfidh mé, a athair liom?”
22 D’fhreagair sé: “Ná maraigh iad. An gcuirfeá chun báis an mhuintir [nár] ghabh tú le do chlaíomh agus le do bhogha? Tabhair arán agus uisce dóibh le go gcaithfidís bia agus deoch agus dul ar ais go dtí a máistir.”
23 Chóirigh sé béile breá dóibh agus nuair a bhí bia agus deoch caite acu scaoil sé chun siúil iad agus chuadar ar ais chun a máistir. Níor tháinig na hArámaigh ag creachadh críocha Iosrael as sin amach.
24 Tharla ina dhiaidh sin gur chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir agus go ndeachaigh sé suas agus léigear a chur ar an tSamáir.
25 Bhí gorta mór sa tSamáir agus bhí an léigear chomh dian go raibh ceann asail á dhíol ar ochtó seicil airgid, agus ceathrú cab [d’iniúin fhiáine] ar chúig seicil airgid.
26 Agus nuair a bhí rí Iosrael ag gabháil thart ar bhalla na cathrach, ghlaoigh bean, in ard a cinn air: “Fóir orm, a thiarna, mo rí.”
27 “Go bhfága an Tiarna gan fóirithint thú,” ar seisean, “cá bhfaighinnse leigheas do cháis? Ón urlár buailte nó ón gcantaoir fhíona?”
28 Ansin d’fhiafraigh an rí: “Cad tá ort?” D’fhreagair sí: “Dúirt an bhean seo liom: ‘Tabhair suas do mhac le hithe againn inniu, agus íosfaimid mo mhacsa amárach.’
29 Rinneamar mo mhac a bheiriú dá réir sin agus a ithe. Lá arna mhárach dúirt mé léi: ‘Tabhair suas do mhac le hithe againn,’ ach tá a mac i bhfolach aici.”
30 Nuair a chuala an rí focail na mná, stróic sé a chuid éadaigh; ós rud é go raibh sé ag siúl ar an mballa chonaic an pobal go raibh sacéadach, féach, lena chneas laistigh.
31 “Go ndéana Dia a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom,” ar sé, “má fhanann ceann Eilíseá mac Sheáfát ar a ghuaillí inniu!”
32 Bhí Eilíseá ina shuí ina theach agus na seanóirí ina suí ina thimpeall. Chuir an rí teachtaire óna láthair ach sular shroich sé, dúirt Eilíseá leis na seanóirí: “An bhfeiceann sibh mar a thug an dúnmharfóir úd ón mbroinn orduithe an ceann a scothadh díom? Féach, nuair a thiocfaidh an teachtaire, dúnaigí an doras air; coinnigí an doras dúnta air. Nach bhfuil truip choiscéim a mháistir le cloisteáil ina dhiaidh?”
33 Ag caint fós leo dósan, shroich [an rí]. “Is léir,” ar sé, “gur ón Tiarna an mí-ádh seo. Cén fáth a mbeadh muinín agam fós as an Tiarna?”