2 Ríthe 7:1-20
7 Dúirt Eilíseá: “Éistigí le briathar an Tiarna; mar seo a deir an Tiarna: ‘Um an dtaca seo amárach, beidh tomhas den phlúr is míne á dhíol ar sheicil, agus dhá thomhas eorna ar sheicil, ag geata na Samáire.’”
2 Ach d’fhreagair an feidhmeannach, a bhí mar theannta ag an rí, an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir, arbh fhéidir é seo a theacht i gcrích?” “Feicfidh tú é le do shúile cinn,” arsa Eilíseá, “cé nach n-íosfaidh tú greim de.”
3 Bhí ceathrar ag an mbealach chun an gheata—mar lobhair ab ea iad—agus bhíodar ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin: “Cad ab áil linn inár suí anseo ag feitheamh leis an mbás?
4 Má bheartaímid dul isteach sa chathair, agus an gorta inti, gheobhaimid bás inti; má fhanaimid inár suí anseo, gheobhaimid bás chomh maith. Téanam, téimis anonn go longfort na nArámach. Má thugann siad anacal anama dúinn mairfimid; má chuireann siad chun báis sinn, ní bheidh ach deireadh linn.”
5 Le titim na hoíche mar sin d’éiríodar agus chuireadar chun bóthair i dtreo longfort na nArámach; ach nuair a thángadar go himeall an champa ní raibh caonaí ann.
6 Mar thug an Tiarna ar na hArámaigh ina longfort fuaim carbad agus capall agus geoin armála móire a chloisteáil; agus dúradar le chéile: “Féach! rinne rí Iosrael na ríthe Hiteacha a fhostú le troid inár n-aghaidh, agus ríthe na hÉigipte le sinn a ionsaí.”
7 D’éalaíodar leo dá bhrí sin le titim na hoíche agus theitheadar agus d’fhágadar ansin a mbothanna, a gcapaill, agus a n-asail; d’fhágadar an longfort díreach mar a bhí sé agus theitheadar lena n-anam.
8 Nuair a tháinig na lobhair úd go himeall an champa, chuadar isteach i mboth agus chaitheadar bia agus deoch agus thugadar airgead agus ór agus éidí leo as, agus d’imíodar leo agus chuireadar i bhfolach iad. Ansin d’fhilleadar agus isteach leo i mboth eile agus chreachadar é agus d’imíodar agus chuireadar an chreach i bhfolach.
9 Ansin dúradar le chéile: “Níl sé ceart againn! Seo lá dea-scéil agus seo sinn gan focal asainn! Má fhanaimid go maidin, is cinnte go ndéanfar díoltas orainn; téanam dá bhrí sin; téimis agus tugaimis an dea-scéala go pálás an rí.”
10 D’imíodar leo ansin agus ghlaoigh siad ar ghardaí gheataí na cathrach agus dúirt leo: “Chuamar go longfort na nArámach. Ní raibh duine beo le feiceáil ná le cloisteáil ann, ach na capaill ceangailte, agus na hasail ceangailte, agus na bothanna fágtha mar a bhíodar.”
11 Scaip gardaí na ngeataí an dea-scéala de liú, agus fógraíodh laistigh den phálás é.
12 D’éirigh an rí gan é fós ina lá agus dúirt lena fheidhmeannaigh: “Inseoidh mé daoibh cad tá déanta ag na hArámaigh orainn. Tá fhios acu go bhfuil an gorta ag luí orainn, agus dá bharr sin d’fhágadar an longfort agus chuadar i bhfolach faoin tír á rá leo féin: ‘Nuair a thiocfaidh siad amach as an gcathair, déanfaimid iad a ghabháil ina mbeatha agus rachaimid isteach sa chathair.’”
13 D’fhreagair duine dá fheidhmeannaigh, “Tógtar cúig cinn de na capaill atá fágtha fós againn—gheobhadh an dream atá fágtha anseo bás chomh maith ar aon dul leis an slua mór eile d’Iosrael a fuair bás cheana féin—agus cuirimis dream ar aghaidh leo agus feicidís.”
14 Thógadar dhá chuingir carbaid agus chuir an rí i ndiaidh sluaite Arám iad á rá: “Téigí agus feicigí.”
15 Leanadar a lorg chomh fada leis an Iordáin, agus, féach! bhí éidí agus fearais a chaith na hArámaigh uathu le teann deabhaidh caite ar feadh an bhealaigh go léir. D’fhill an lucht braite leis an scéala sin don rí.
16 Ansin ghabh na daoine amach agus rinneadar longfort na nArámach a chreachadh. Bhí tomhas den phlúr is míne ar díol ar sheicil agus dhá thomhas eorna ar sheicil mar a dúirt an Tiarna a bheadh.
17 An feidhmeannach a bhí mar theannta ag an rí, bhí sé ceaptha aige mar chaptaen ar gharda an gheata, ach shatail na daoine air i mbéal an gheata agus fuair sé bás faoi mar a thairngir an giolla Dé nuair a tháinig an rí anuas chuige.
18 (Nuair a dúirt an giolla Dé leis an rí: “Beidh dhá thomhas eorna ar díol ar sheicil, agus tomhas den phlúr is míne ar sheicil um an dtaca seo amárach ag geata na Samáire,”
19 d’fhreagair an feidhmeannach an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir arbh fhéidir é sin a theacht i gcrích?” Agus dúirt seisean: “Feicfidh tú é le do shúile cinn, ach ní íosfaidh tú greim de.”
20 Agus sin é a tharla dó. Shatail na daoine air i mbéal an gheata agus fuair sé bás.)