2 Samúéil 1:1-27

1  Nuair a bhí Sól tar éis bháis, d’fhill Dáiví ó ár na nAmailéiceach agus chaith dhá lá i Zicleag.  Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.  “Cá has ar tháinig tú?” d’fhiafraigh Dáiví de. “D’éalaigh mé as campa na nIosraelach,” ar sé.  “Cad a tharla? Inis dom,” arsa Dáiví leis. D’fhreagair sé: “Theith na daoine ó pháirc an áir agus thit a lán acu agus tá siad marbh. Tá Sól agus a mhac Iónátán marbh chomh maith.”  Ansin d’fhiafraigh Dáiví den óglach a thug an scéala: “Conas tá a fhios agat go bhfuil Sól agus a mhac Iónátán marbh?”  “Tharla ar Shliabh Ghiolboa mé,” d’fhreagair an t-óglach, “agus ba shiúd é Sól ina luí ar a shleá agus na carbaid agus na capaill ag brú air go dian.  D’fhéach sé siar agus chonaic mise agus ghlaoigh orm, agus d’fhreagair mé: ‘Anseo dom.’  ‘Cé hé thú féin?’ ar sé liom. ‘Amailéiceach,’ arsa mise.  Dúirt sé ansin liom: ‘Seas os mo chionn agus maraigh mé mar tá speabhraídí tagtha orm cé go bhfuil an t-anam ionam ar fad fós.’ 10  Sheas mé os a chionn dá bhrí sin agus mharaigh mé é, mar bhí a fhios agam nach mairfeadh sé agus é ar lár. Ansin thóg mé an choróin a bhí ar a cheann, agus an bhraisléad a bhí ar a ghéag agus thug mé anseo go dtí mo thiarna iad.” 11  Ansin rug Dáiví ar a chuid éadaigh agus stróic sé iad. Na fir go léir a bhí ina chuideachta, rinne siad an rud céanna. 12  Bhí siad ag caoineadh agus ag mairgnigh agus ag déanamh troscaidh go tráthnóna mar gheall ar Shól agus a mhac Iónátán, mar gheall ar phobal an Tiarna agus ar theaghlach Iosrael agus an bás le claíomh a imríodh orthu. 13  Ansin dúirt Dáiví leis an óglach a thug an scéala chuige: “Cad as duit?” “is mac duine dheoranta, Amailéiceach mé,” ar sé. 14  Dúirt Dáiví: “Conas nárbh eagal leat do lámh a shíneadh chun ungthach an Tiarna a scrios?” 15  Ansin ghlaoigh Dáiví ar dhuine dá shaighdiúirí: “Gabh i leith,” ar sé; “treascair é.” Bhuail agus mharaigh. 16  “Go dtaga do chuid fola sa mhullach ort féin,” arsa Dáiví, “mar thug do bhéal féin fianaise i d’aghaidh, á rá: ‘Mharaigh mé fear ungtha an Tiarna.’” 17  Ansin chaoin Dáiví Sól agus a mhac Iónátán leis an gcaoineadh seo leanas. 18  Dúirt sé é a mhúineadh, dá ghruama é, do chlann Iúdá. Féach, tá sé scríofa i Leabhar na bhFiréan. Mar seo a dúirt sé: 19  “Uchón, tá glóir Iosrael ar lár ar d’ardáin!Cad é mar a d’éag na gaiscígh! 20  Ná hinsigí é i nGatAgus ná foilsígí é i sráidibh Aiscileon.Nó beidh lúcháir ar iníonacha na bhFilistíneach,Agus mórtas ar iníonacha na foirne gan timpeallghearradh. 21  A Shléibhte Ghiolboa, Ná bíodh drúcht ná fearthainn oraibh.A bhánta fill!Óir is ansiúd a tugadh masla do sciath an laoich.Ní le hola a rinneadh sciath Shóil a smearadh, 22  Ach le fuil na gcréachtach agus saill na laoch.Níor chas bogha Iónátán ar aisNá níor fhill claíomh Shóil follamh. 23  Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe!Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh!Ba mhire iad ná na hiolair.Ba láidre ná na leoin. 24  A iníonacha Iosrael caoinigí Sól,A ghléas sibh go caithiseach le héadaí craoraga,A chuir dealga óirAr bhur bhfeisteas. 25  Conas a d’éag na gaiscíghI lár an chatha? A Iónátán, is é do bhás a chloígh mé! 26  [1:26a] Tá mé caillte i do dhiaidh, a Iónátán, a dheartháirín ó.Ba thú mo lao is m’ansacht.Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin. 27  [1:26b] Conas a d’éag na gaiscígh?Conas a theip an trealamh catha?”

Fonótaí