2 Samúéil 12:1-31

12  Chuir an Tiarna Nátán fáidh chuig Dáiví. Tháinig sé chuige agus is é a dúirt sé:“Bhí beirt fhear san aon bhaile amháin,fear saibhir agus fear bocht.  Bhí tréada agus táinte ag an bhfear saibhir, flúirse díobh.  Ní raibh ag an bhfear bocht ach uan baineann,aon cheann beag amháin a cheannaigh sé.Bheathaigh sé í agus d’fhás sí suas leis féin agus lena chlann,ag ithe a chuid aráin, ag ól as a chupán,ag codladh ar a bhrollach; ba chuma nó a iníon féin leis í.  Nuair a tháinig taistealaí ag lorg lóistín,níorbh áil leis an bhfear saibhiran strainséir a bhí tagtha chuige a chothúas a thréada agus as a tháinte féin,ach ina ionad sin rug sé ar uan an bhochtáinagus d’ullmhaigh é mar bhéile dá chuairteoir.”  Tháinig taom feirge ar Dháiví in aghaidh an fhir: “Dar an Tiarna beo,” ar seisean le Nátán, “tá an bás tuillte ag an bhfear a rinne é sin.  Caithfidh sé an t-uan a aisíoc faoi cheathair, as ucht a leithéid a dhéanamh agus sin gan trua gan taise.”  Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “is tusa an fear. Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘D’ungaigh mé thú i do rí ar Iosrael, agus d’fhuascail mé thú as láimh Shóil.  Thug mé teach do mháistir duit agus mná do mháistir i d’ucht duit; thug mé teaghlach Iosrael duit agus teaghlach Iúdá, agus dá mba nár leor sin, thabharfainn oiread eile duit.  Cad ab áil leat ag maslú bhriathar an Tiarna, agus ag déanamh an ní is gráin leis? Threascair tú Úiríá an Hiteach leis an gclaíomh agus thóg tú a bhean chugat mar chéile agus chuir tú chun báis é le claíomh na nAmónach. 10  Ar an ábhar sin ní bheidh an claíomh go brách i bhfad ó do theaghlach, ó léirigh tú go bhfuil drochmheas agat ormsa agus ó ghlac tú bean chéile Úiríá an Hiteach mar bhean chéile agat féin.’ 11  “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé d’aimhleas a chothú as do theaghlach féin. Os comhair do chuid súl féin tógfaidh mé do mhná céile agus tabharfaidh mé do do chomharsa iad, agus luífidh sé le do mhná céile faoi aghaidh na gréine seo. 12  Ghníomhaigh tusa faoi rún; gníomhóidh mise os comhair Iosrael ar fad agus faoi sholas na gréine.’” 13  Dúirt Dáiví le Nátán: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna.” Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “Chomh fada agus a bhaineann leis an Tiarna, tugann sé maithiúnas duit i do pheaca; ní chuirfear chun báis thú. 14  Ach ó thug tú barr masla don Tiarna tríd an ngníomh seo, gheobhaidh an leanbh a ghin tú bás.” 15  Ansin chuaigh Nátán abhaile. Leag an Tiarna a lámh ar an leanbh a rug bean chéile Úiríá do Dháiví agus tháinig tinneas trom air. 16  Rinne Dáiví achainí chun Dé ar son an linbh; rinne sé troscadh dian; chuaigh sé isteach abhaile agus chaith an oíche ar an talamh lom. 17  Tháinig oifigigh a theaghlaigh agus sheas siad thart timpeall air; d’iarradar air éirí ón talamh, ach dhiúltaigh sé agus ní ghlacfadh sé bia ar bith leo. 18  Ar an seachtú lá, fuair an leanbh bás. Bhí eagla ar fheidhmeannaigh Dháiví a insint dó go raibh an leanbh marbh. “Fad a bhí an leanbh beo,” ar siad, “bhímis ag áiteamh leis, ach ní éistfeadh sé linn. Conas, más ea, a d’fhéadfaimis a rá leis go bhfuil an leanbh marbh? B’fhéidir go ndéanfadh sé díobháil éigin dó féin.” 19  Ach thug Dáiví faoi deara go raibh a fheidhmeannaigh ag cogarnaíl le chéile agus thuig sé go raibh an leanbh marbh. “An bhfuil an leanbh marbh?” arsa Dáiví leis na feidhmeannaigh. D’fhreagair siad: “Tá. Tá sé marbh.” 20  D’éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d’ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d’iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é. 21  Dúirt a fheidhmeannaigh leis: “Cad ina thaobh go bhfuil seo á dhéanamh agat? Fad a mhair do leanbh, bhí tú ag troscadh agus ag caoineadh, ach nuair a fuair an leanbh bás, d’éirigh tú agus chaith tú bia.” 22  “Fad a mhair an leanbh,” d’fhreagair sé, “rinne mé troscadh agus caoineadh mar go raibh mé á rá liom féin: ‘Cá bhfios nach mbeadh trua ag an Tiarna dom agus go mairfeadh mo leanbh.’ 23  Ach anois, ó tá sé marbh, cén fáth a ndéanfainn troscadh? An féidir liom é a thabhairt ar ais arís? Rachaidh mise chuige, ach ní féidir dósan teacht ar ais chugamsa.” 24  Chrom Dáiví ar shólás a thabhairt dá bhean Baitseaba, agus chuaigh isteach chuici agus luigh léi. Ghabh sí gin, agus rug sí mac ar ar thug sí Solamh. Bhí grá ag an Tiarna dó, 25  agus d’inis sé é sin trí bhéal Nátán fáidh. Thug sé dá bhrí sin Muirnín an Tiarna air de bharr an Tiarna. 26  Chuir Ióáb cath ar Rabá na nAmónach agus ghabh sé [daingean an uisce]. 27  Ansin chuir Ióáb teachtairí go Dáiví agus dúirt: “Rinne mé ruathar ar Rabá agus ghabh mé daingean an uisce. 28  Cruinnigh an chuid eile den arm, más ea, suigh do champa i gcoinne na cathrach, agus tóg í d’fhonn nach ngabhfainnse an chathair agus m’ainm féin a thabhairt uirthi.” 29  Chruinnigh Dáiví an pobal go léir le chéile agus chuaigh go Rabá, agus throid ina coinne agus ghabh í. 30  Ansin bhain sé an choróin de cheann a rí; bhí tallann óir de mheáchan inti; bhí cloch luachmhar suite inti agus cuireadh ar cheann Dháiví í. Thug sé leis creach mhór amach as an gcathair. 31  Thug sé leis lucht na cathrach agus chuir sé ag obair iad le sábha, le piocóidí agus tuanna iarainn, agus bhain sé feidhm astu ag déanamh brící. Thug sé an cor céanna ar chathracha uile na nAmónach. Ansin d’fhill Dáiví agus an t-arm ar fad go Iarúsailéim.

Fonótaí