2 Samúéil 7:1-29

7  A luaithe a bhí an rí socair ina theach agus go raibh suaimhneas aige óna naimhde go léir ina thimpeall,  dúirt an rí leis an bhfáidh Nátán: “Féach, táimse ag cur fúm i dteach céadrais, ach áirc Dé i mboth!”  Dúirt Nátán leis an rí: “Imigh agus déan an uile ní is áil le do chroí, óir tá an Tiarna leat.”  An oíche cheannann chéanna tháinig briathar an Tiarna go Nátán:  “Imigh leat agus abair le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna: An amhlaidh gur mian leat teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí?  Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé clann Iosrael amach as an Éigipt go dtí an lá inniu, ach chaith mé saol an tseachránaí agus mé i mo chónaí i mboth.  Le linn mo chuid taistil go léir le pobal uile Iosrael, an ndúirt mé le haon duine de bhreithiúna Iosrael a bhí ceaptha agam mar thréadaithe ar Iosrael mo phobal: “Cén fáth nár thóg tú teach céadrais dom?’”  Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal.  Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse. 10  Cuirfidh mé áit ar fáil do mo phobal Iosrael. Suífidh mé ansin iad agus déanfaidh siad cónaí san áit sin agus ní chuirfear isteach orthu arís; ní bheidh cos ar bolg á imirt ag na lucht foréigin orthu, mar a bhíodh 11  an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael; tabharfaidh mé faoiseamh duit ó do naimhde go léir. Fógraíonn an Tiarna duit go ndéanfaidh an Tiarna teaghlach díot. 12  Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n-adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas. 13  (Eisean a thógfaidh teach do m’ainmse, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo.) 14  Beidh mé i m’athair aige, agus eisean ina mhac agamsa; má dhéanann sé olc, tabharfaidh mé an tslat dó mar phionós, faoi mar dhéanann daoine, agus buillí mar a thugann an cine daonna. 15  Ach ní tharraingeoidh mé mo ghnaoi uaidh, mar a rinne mé le Sól an té a chuir mé as romhat. 16  Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’” 17  D’inis Nátán na briathra sin go léir agus an foilsiú sin ar fad do Dháiví. 18  Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: “Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, gur threoraigh tú an fad seo mé? 19  Ach ní leor leat an fad seo, a Thiarna Dia, agus déanann tú do ghealltanais a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn (agus seo é teagasc na ndaoine, a Thiarna Dia). 20  Cad eile is féidir le do shearbhónta Dáiví a rá leat, nuair a rinne tú féin do shearbhónta a roghnú, a Thiarna Dia? 21  Ar son do shearbhónta, [an madra seo leat,] rinne tú rud chomh mór sin nuair a d’fhoilsigh tú é seo do do shearbhónta. 22  Uime sin is mór é thú, a Thiarna Dia; níl aon neach mar thú, níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin. 23  An bhfuil cine eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, ag móradh a ainm agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha agus déithe roimh a phobal? 24  De do phobal Iosrael rinne tú do phobal daingean féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá ina Dhia acu feasta. 25  Anois, a Thiarna Dia, coinnigh i gcónaí an gealltanas a thug tú do do shearbhónta agus dá theaghlach, agus déan mar a dúirt tú. 26  Beidh d’ainm in ardchéim go deo agus déarfaidh daoine: ‘Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael.’ Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair, 27  ós tusa, Tiarna na Slua, Dia Iosrael, a d’fhoilsigh seo do do shearbhónta á rá: ‘Tógfaidh mé teaghlach duit’; dá bhrí sin tá sé de mhisneach ag do sheirbhíseach an phaidir seo a chur suas chugat. 28  Sea, a Thiarna Dia, is tusa Dia go deimhin, is fíor iad do bhriathra agus thug tú an gealltanas breá seo do do shearbhónta. 29  Deonaigh, mar sin, teaghlach do shearbhónta a bheannú, ionas go mairfidh sé go deo i do láthair, óir is tusa a labhair, a Thiarna Dia, agus le do bheannachtsa beidh teaghlach do shearbhónta beannaithe go deo.”

Fonótaí