2 Corantaigh 12:1-21

12  Sea, is éigean dom maíomh a dhéanamh, cé nach aon tairbhe dom é, agus tráchtfaidh mé anois ar aislingí agus ar fhoilsithe an Tiarna.  Tá aithne agam ar fhear i gCríost agus ceithre bliana déag ó shin fuadaíodh é go harda na bhflaitheas. Níl a fhios agam cé acu bhí sé ina cholainn nó lasmuigh di—ag Dia amháin atá a fhios—  ach tá a fhios agam gur fuadaíodh an fear seo go Parthas—níl a fhios agamsa cé acu bhí sé ina cholainn nó lasmuigh dá cholainn, ag Dia atá a fhios—  agus gur chuala sé briathra diamhara nach ceadmhach don daonnaí a aithris.  Is as an duine sin a dhéanfaidh mé mórtas ach mórtas ar bith ní dhéanfaidh mé asam féin ach amháin as mo laigí.  Dá mba mhian liom mórtas a dhéanamh, áfach, níorbh aon mhórtas amadáin é mar nach mbeadh agam á insint ach an fhírinne ghlan. Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, áfach, le heagla go mbeadh breis measa ag daoine orm thar a bhfeiceann siad ionam ná thar a gcloiseann siad uaim.  Agus le heagla go gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm.  D’agair mé an Tiarna faoi thrí é a chur díom,  ach is é a dúirt sé liom: “Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.” Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm. 10  Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géarleanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir. 11  Tá amadán déanta agam díom féin, agus is sibhse faoi deara dom é mar is daoibhse ba chóir mo pháirt a ghlacadh. Mura fiú le háireamh féin mé, ní mhaithfinn bonn do na sáraspail úd. 12  Tá comharthaí an aspail curtha i gcrích le barr foighne in bhur measc le míorúiltí agus le hiontais agus le fearta. 13  Cad é an buntáiste a bhí ag na heaglaisí eile oraibh ach amháin nach raibh mise i mo mhuirín oraibh? Maithigí dom an éagóir sin! 14  Seo anois an tríú huair dom a bheith réidh chun teacht chugaibh. Ach ní chuirfidh mé aon chostas oraibh mar ní hé bhur gcuid atá uaim ach sibh féin. Tar éis an tsaoil níl d’fhiacha ar leanaí stór a chur i dtaisce dá dtuismitheoirí ach is ar na tuismitheoirí atá sé d’fhiacha stór a chur i dtaisce dá gclann. 15  Caithfidh mise mo stór oraibhse go fonnmhar agus caithfidh mé mé féin oraibh chomh maith. Má tá grá thar fóir agam daoibh, an lúide an grá a bheidh orm? 16  Bíodh féin nach raibh mé i mo mhuirín oraibh, bhí mé chomh glic sin, a deir sibh, gur rug mé oraibh le cealg. 17  An amhlaidh a rug mé buntáiste oraibh trí dhuine éigin dár sheol mé chugaibh? 18  D’iarr mé ar Thíteas dul chugaibh agus chuir mé an bráthair lena chois. An é Títeas a rinne an slad oraibh? Nach é an Spiorad céanna a bhí dár seoladh araon agus nár leanamar araon an lorg céanna? 19  An é atá á cheapadh agaibh ar feadh an ama gur ag seasamh ár gcirt libh a bhíomar? Ní hea sin! Is i bhfianaise Dé atáim ag labhairt agus i gCríost. Ní raibh d’aidhm againn tríd síos, a chlann ó, ach sibhse a thógáil. 20  Mar is é eagla atá orm, nuair a thiocfaidh mé chugaibh nach mbeidh sibhse mar ba mhaith liom sibh a bheith agus nach mbeidh mise mar ba mhaith libhse mé a bheith. Is eagal liom go mbeidh achrann agus éad, go mbeidh aighneas ann agus imreas, cáineadh agus cúlghearradh, mustar agus mí-ord. 21  Tá eagla orm nuair a thiocfaidh mé arís go n-ísleoidh mo Dhia mé os bhur gcomhair agus go mbeidh mé ag mairgneach faoina liacht daoine a rinne peacaí mígheanmnaíochta agus drúise agus collaíochta agus nach ndearna aithrí iontu go fóill.

Fonótaí