Amós 4:1-13
4 Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán,a chónaíonn ar shliabh na Samáire,sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil,a deir le bhur bhfir chéile:“Tabhair chugainn deoch go n-ólaimid.”
2 Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a naofacht:féach, tiocfaidh na laethanta oraibhnuair a sracfar ar shiúl sibh le crúcaí,go fiú an bhean dheiridh daoibh le duáin iascaigh.
3 Amach a rachaidh sibh tríd na bearnaí,gach bean agaibh caol díreach amachagus ruaigfear sibh fhad le Harmón,a deir an Tiarna.
4 Imígí go Béit Éil agus peacaígí,go Gilgeál agus cuirigí le bhur gcoireanna;méadaígí bhur n-íobairtí gach maidin,agus bhur ndeachúna gach tríú lá;
5 ofrálaigí íobairt bhuíochais le laibhín,foilsígí os ard na híobairtí deonacha,mar is é sin a thaitníonn libh, a chlann Iosrael,a deir an Tiarna Dia.
6 D’fhág mé bhur bhfiacla glan in bhur gcathracha uile,agus arán in easnamh in bhur mbailte;ach mar sin féin níor fhill sibh orm,a deir an Tiarna.
7 Choinnigh mé uaibh an fhearthainn fosta,agus an fómhar trí mhí fós ar shiúl;thug mé air fearthainn a chur ar chathair amháinagus gan a chur ar chathair eile;bhí sé ag cur ar pháirc amháinagus an pháirc nár tháinig fearthainn uirthi chríon sí.
8 Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eilear lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart;ach mar sin féin níor fhill sibh orm,a deir an Tiarna.
9 Bhuail mé le loscadh gaoithe agus le bruth teasa sibh,bhánaigh mé bhur ngairdíní agus bhur bhfíonghoirt,mhill na lócaistí bhur gcrainn fígí agus bhur n-ológa;ach níor fhill sibh orm,a deir an Tiarna.
10 Bhuail mé le haicíd sibh dála na hÉigipte,leag mé bhur n-óigfhir leis an gclaíomh,agus rug mé bhur n-eich uaibh,líon mé bhur bpolláirí le bréantas bhur gcampaí;ach mar sin féin níor fhill sibh orm,a deir an Tiarna.
11 Scrios mé cuid agaibh mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá,agus bhí sibhse mar aibhleog a sciobadh ón tine;ach mar sin féin níor fhill sibh orm,a deir an Tiarna.
12 Dá bhrí sin is mar seo a roinnfidh mé leat, a Iosrael,agus toisc gurb é seo a dhéanfaidh mé ort,cuir tú féin i gcóir chun casadh ar do Dhia, a Iosrael.
13 Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte,a chruthaigh an ghaoth,a fhoilsíonn a smaointe don duine,a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas],a shiúlann in áiteanna arda an domhain;is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.