Amós 7:1-17

7  Seo an rud a thaispeáin an Tiarna mo Dhia dom:Is amhlaidh a bhí sé ag cruthú lócaistíi dtosach an athfháis—ba é an t-athfhás é a eascraíonnnuair a bhíonn an fómhar déanta ag an rí.  Nuair a bhí féar na tíre go léir nach mór alptha acu, dúirt mise:“A Thiarna Dia, tabhair maithiúnas, impím ort.Cad é mar a mhairfidh Iacóbagus é chomh beag sin?”  Agus tháinig aithreachas ar an Tiarna;“Ní thitfidh sé seo amach,” a dúirt an Tiarna.  Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna Dia féin ag fogairt pionóis le tine.Bhí an duibheagán mór dóite aici,agus bhí sí ag creimeadh na talún roimpi.  Dúirt mise ansin: “Éirigh as, a Thiarna Dia, impím ort.Cad é mar a mhairfidh Iacóbagus é chomh beag sin?”  Agus ghlac an Tiarna trua;“Ní thitfidh sé seo amach ach oiread,”a dúirt an Tiarna.  Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna ina sheasamh cois ballaagus dorú pluma ina láimh aige.  Dúirt an Tiarna liom:“A Amós, cad é a fheiceann tú?”“Dorú pluma,” arsa mise.Ansin dúirt an Tiarna liom:“Féach, tá mé chun mo phobal Iosrael a thomhas le dorú pluma;ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.  Creachfar áiteanna arda Íosác;bánófar sanctóirí Iosraelnuair a thabharfaidh mé ruathar ar theach Iarobám leis an gclaíomh.” 10  Chuir Amaiziá, sagart Bhéit Éil, scéal ansin chuig Iarobám, rí Iosrael, á rá: “Tá Amós ag beartú comhcheilge i d’aghaidh i lár theach Iosrael; ní féidir leis an tír a bhriathra uile a fhulaingt níos mó. 11  Óir is mar seo a deir sé: ‘Tá sé i ndán do Iarobám bás a fháil leis an gclaíomh, agus do Iosrael dul ar deoraíocht i bhfad ó bhaile.’” 12  Dúirt Amaiziá le hAmós: “Imigh leat a fhísí, fill ar thír Iúdá; saothraigh do chuid aráin ansin, déan do chuid tairngreachta ansin. 13  Níl do thairngreacht uainn anseo i mBéit Éil mar is ann atá sanctóir an rí, teampall ríoga.” 14  Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar; 15  ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom: ‘Téigh agus tairngir do mo phobal Iosrael.’” 16  Mar sin éist le briathar an Tiarna: Deir tusa: “Ná tairngir i n-aghaidh Iosrael,ná bí ag seanmóireacht in aghaidh theach Íosác.” 17  Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna: “Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair,titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh,roinnfear d’fhearann leis an dorú,gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe,agus rachaidh Iosrael ar deoraíochti bhfad i gcéin óna thír dhúchais.”

Fonótaí