Amós 8:1-14

8  Seo an rud a thaispeáin an Tiarna Dia dom:cliabh de thorthaí aibí.  “A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé.“Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt,ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.  Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin,—is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn—beidh na corpáin gan áireamh annagus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm.  Éistigí leis seo,sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoiríchun bochtáin na tíre a dhíothú.  Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua,ionas go ndíolfaimid arbhar,agus leis an tsabóid,ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh,agus go ndéanfaimid an t-éafá beag agus an seicil mórtrí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,  go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgeadagus an t-ainniseoir le péire cuarán,agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol?  Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib. Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choícheaon rud dá bhfuil déanta acu.  Nach dá bhrí seo a chritheann an talamhagus a chaoineann gach duine dá gcónaíonn ann?Tá sí ag borradh ar nós na Níleagus ag éirí agus ag titim mar Abhainn na hÉigipte?  An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia,tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin,agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil. 10  Déanfaidh mé údar bróin de bhur n-oilithreachtaíagus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile;cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach,agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir.Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh;agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh. 11  Féach, tá na laethanta chugaibh,a deir an Tiarna Dia,nuair a chuirfidh mé gorta sa tír,nach gorta bia ná dí é,ach díth dúile in éisteacht bhriathra an Tiarna. 12  Tuisleofar ó fharraige go farraige;seachránfar ón tuaisceart soir, ar lorg bhriathar an Tiarna agus gan teacht air. 13  An lá sin titfidh idir chailín deasagus bhuachaill breá i laige le tart. 14  An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáireagus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!,go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”,titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.

Fonótaí