Breithiúna 17:1-13

17  In ardáin Eafráim bhí fear darbh ainm Míceáhú.  Dúirt sé lena mháthair: “An t-aon chéad déag seicil a tógadh uait agus a ndearna tú mallacht fúthu agus ar lean tú ort ina dtaobh—rud a chuala mé le mo chluasa cinn féin—  fógraím go sollúnta go ndéanfaidh mé an t-airgead seo a choisreacan de mo dheoin don Tiarna chun íomhá ghreanta (agus íol de mhiotal leáite) a dhéanamh—tá an t-airgead geal sin agamsa; mise an té a thóg é; tugaim ar ais anois duit é.” D’fhreagair a mha.thair: “Go mbeannaí an Tiarna mo mhac!” agus thug Mi.ceáhú an t-aon chéad déag seicil ar ais di.  Ansin thóg a mháthair an t-aon chéad déag seicil airgid agus thug sí don ghabha geal é, agus rinne seisean íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) de, agus cuireadh i dteach Mhíceáhú í.  Rinne Míceá scrín di, agus éafód agus taráfaím, agus cheap sé mac leis le bheith mar shagart aige.  Sna laethanta sin ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach duine mar ba rogha leis.  Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta.  D’fhág an fear seo Beithil in Iúdá ag lorg áit chónaithe. Ar a shiúlta tháinig sé go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá.  D’fhiafraigh Míceá de: “Cá has a dtagann tú?” D’fhreagair seisean: “Léivíteach mé as Beithil in Iúdá. Táim ag imeacht romham agus ag lorg áit ina bhféadfainn cur fúm.” 10  Dúirt Míceá leis: “Fan anseo liomsa; bí i d’athair agus i do shagart agam, agus tabharfaidh mé deich seicil sa bhliain duit, agus bia agus éadach,” agus thathain sé go dian ar an Léivíteach. 11  D’aontaigh an Léivíteach fanacht i dteach an fhir, agus bhí an t-ógánach aige mar mhac leis féin. 12  Chuir Míceá an Léivíteach i mbun a chúraim; rinneadh sagart do Mhíceá den fhear óg agus d’fhan sé ina theach. 13  Dúirt Míceá: “Tá a fhios agam go mbeidh rath ón Tiarna orm anois mar go bhfuil an Léivíteach seo mar shagart agam.”

Fonótaí