Breithiúna 2:1-23

2  Ghabh aingeal an Tiarna suas ó Ghilgeál go Bocaím, agus dúirt: “Thug mé aníos ón Éigipt thú agus sheol mé isteach sa tír seo thú a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n-aithreacha. Dúirt mé: ‘Ní bhrisfidh mé mo chonradh libh go brách.  Agus ó bhur thaobhsa de, ná déanaigí aon chonradh le muintir na tíre seo; scriosaigí a n-altoirí.’ Ach níor ghéill sibh do m’orduithe. Cad é seo a rinne sibh?  Deirim anois dá bhrí sin, ní thiomáinfidh mé amach romhaibh iad. Beidh siad agaibh mar ghéarleanúinteoirí, agus beidh a ndéithe mar ghaiste daoibh.”  Nuair a labhair aingeal an Tiarna mar sin le clann Iosrael go léir chrom an pobal go léir ar osna agus ar olagón.  Thugadar Bocaím (Lucht Olagóin) ar an áit sin agus rinneadar íobairtí don Tiarna ansiúd.  Ansin scaoil Iósua leis an bpobal agus d’imigh clann Iosrael leo, gach duine díobh go dtí a oidhreacht féin, chun seilbh a ghabháil ar an talamh.  Rinne an pobal seirbhís don Tiarna i gcaitheamh saol Iósua go léir agus i gcaitheamh saol na seanóirí go léir a mhair i ndiaidh Iósua a chonaic na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.  D’éag Iósua mac Nún, seirbhíseach an Tiarna, agus é céad agus a deich mbliana d’aois.  Rinneadar é a adhlacadh san fhearann oidhreachta a fuair sé i dTimneat Heireas in ardáin Eafráim, lastuaidh de Shliabh Gháis. 10  Nuair a bailíodh an ghlúin sin go léir chun a n-aithreacha, tháinig glúin eile ina ndiaidh nárbh aithnid dóibh an Tiarna ná na héachtaí a rinne sé d’Iosrael. 11  Rinne clann Iosrael an t-olc i bhfianaise an Tiarna go ndearnadar fónamh do na Bálaím. 12  Thréigeadar an Tiarna, Dia a sinsear, a threoraigh amach as tír na hÉigipte iad, agus leanadar déithe eile, déithe de chuid na gciníocha ina dtimpeall. D’adhradar na déithe sin agus ghriogadar an Tiarna chun feirge. 13  De bhrí gur thréigeadar an Tiarna agus go ndearnadar fónamh do Bhál agus do na hAisteárót, 14  bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael; thug sé suas do lucht creiche iad agus rinne siadsan iad a chreachadh. Rinne sé iad a reic lena naimhde ina dtimpeall, agus níorbh fhéidir leo an fód a sheasamh ina n-aghaidh. 15  Cibé uair a ghluaisidís chun catha bhíodh an Tiarna ina n-aghaidh á gclipeadh de réir mar a bhí geallta aige dóibh agus de réir mar a mhionnaigh sé dóibh, ionas go rabhadar faoi shrathair na hainnise. 16  Mar sin féin, chuir an Tiarna breithiúna i réim dóibh a shaor iad ó lucht a gcreachta. 17  Más ea, ní éistfidís lena mbreithiúna, ach is amhlaidh a chuadar le striapachas i ndiaidh déithe eile agus shléachtadar dóibh. Ba róbheag an mhoill orthu casadh i leataobh ón mbealach a ghabh a sinsir, an bealach a ghabhadar de réir orduithe an Tiarna; níor leanadar a samplasan. 18  Nuair a cheapadh an Tiarna breithiúna dóibh, bhíodh sé i bhfochair an bhreithimh, agus shaoradh sé óna naimhde iad fad mhaireadh an breitheamh beo. Óir bhíodh trua ag an Tiarna dóibh as ucht a n-uchlán agus iad á gcrá agus á gciapadh ag lucht a mbuartha. 19  Nuair a d’fhaigheadh an breitheamh bás, ámh, d’fhillidís ar a seanbhéasa, ionas gur seacht measa a iompraídís iad féin ná a n-aithreacha; leanaidís déithe eile, ag fónamh agus ag sléachtadh dóibh, ní thugaidís cúl lena ndrochghníomhartha ná lena gceanndánacht. 20  Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus dúirt sé: “Ós rud é go ndearna an pobal seo mo chonradh a leag mé ar a sinsir a bhriseadh agus nár ghéilleadar do mo ghlór, 21  ní dhéanfaidh mé dá bhrí sin aon cheann de na ciníocha a d’fhág Iósua sa tír nuair a d’éag sé a dhíbirt rompu.” 22  Ba d’fhonn Iosrael a thriail le cabhair na gciníocha ud é sin, féachaint an leanfaidís ar bhealach an Tiarna faoi mar a rinne a sinsir tráth nó nach ndéanfaidís. 23  Lig an Tiarna do na ciníocha sin fanacht mar a rabhadar; níor chuir sé an ruaig orthu le teann deabhaidh, ná níor thug ar láimh do Iósua iad.

Fonótaí