Cóheilit 8:1-17

8  Cé atá cosúil leis an eagnaí? Cé heile a thuigeann an chiall atá le rud ar bith? Soilsíonn eagna an duine a ghnúis, agus athraítear dúire a aghaidhe.  Is é a deirimse: comhlíon ordú an rí agus sin mar gheall ar do mhóid dhiaga dhílseachta.  Ná déan deifir chun imeacht as a láthair agus ná bíodh lámh agat in aon drochghnó; cibé é ní is toil leis, is é a dhéanann sé.  Ós rud é nach bhfuil dul thar fhocal an rí cé hé ar féidir dó a rá leis “Céard atá tú a dhéanamh?”  An té a choimeádann a aithne, ní dhéanfar díth ná dochar dó agus is eol do chroí an eagnaí an t-am agus an modh ceart chun nithe a dhéanamh.  Óir tá a am agus a mhodh oibre féin ag gach beart agus bíonn ainnise an duine ag luí go trom air.  Mar níl a fhios aige céard a tharlóidh; agus cé hé ar féidir dó a insint dó conas a bheidh an scéal?  Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t-olc lucht a dhéanta.  Chonaic mé é sin go léir nuair a leag mé m’intinn ar a ndéantar abhus faoi luí na gréine, nuair a smachtaíonn duine amháin duine eile chun a aimhleasa. 10  Ansin chonaic mé lucht míghníomha á gcur le barr toirtéise: agus nuair a thagadh na daoine ón áit naofa, mholtaí an lucht mí-ghníomha sa chathair mar a ndearna siad a ndrochbhearta. Baois is ea é seo go deimhin. 11  Is é an chúis a spreagtar an duine chun olc a dhéanamh, toisc nach gcuirtear daorbhreith i gcrích go luath ar dhrochbhearta; 12  óir, d’ainneoin go ndéanann an peacach drochghníomh céad uair, bíonn saol fada aige. Mar sin féin is eol dom an nath seo: éireoidh go maith leo siúd a bhfuil eagla Dé orthu go díreach toisc a eagla a bheith orthu; 13  ní éireoidh go maith leis an bpeacach ach, ar nos scáile, ní bheidh saol fada aige toisc nach bhfuil eagla Dé air. 14  Seo baois a tharlaíonn ar talamh: tá daoine ionraice ann a gcaitear leo faoi mar ba dhrochdhaoine iad agus tá drochdhaoine ann a gcaitear leo faoi mar ba dhaoine ionraice iad. Deirimse gur baois is ea é seo go deimhin. 15  Molaimse mar sin an t-aoibhneas; óir níl aon ní fónta eile ann don duine abhus faoi luí na greine ach bheith ag ithe agus ag ól agus ag déanamh aoibhnis, agus go bhfanfaidh sé seo leis ina chuid saothair ar feadh laethanta na beatha a thugann Dia dó abhus faoi luí na gréine. 16  Nuair a leag mé m’intinn ar an eagna a fháil agus ar na gnóthaí uile a bhíonn ar siúl ar talamh a scrudú, fiú amháin mura gcodlaíonn sé lá ná oíche. 17  d’aithin mé nach féidir leis an duine an obair go léir a dhéanann Dia abhus faoi luí na gréine a thuiscint, dá mhéad dá saothraíonn sé ag cuardach na tuisceana dó, ní bhfaighidh sé í; fiú amháin má mheasann an saoi féin go bhfuil sí aige, ní eireoidh leis fios fátha an scéil a aimsiú choíche.

Fonótaí