Dainéil 11:1-45

11  [mo thaca chun cúnamh agus cabhrú liom],  ach anois nochtfaidh mé an fhírinne duit: “Féach! Éireoidh trí rí eile sa Pheirs, agus is saibhre go mór a bheidh an ceathrú duine díobh ná iad uile, agus nuair a thiocfaidh neart ann de bharr a shaibhris, corróidh sé cách in aghaidh ríocht na Gréige.  Éireoidh rí tréanmhar agus rialóidh ar ríocht mhór agus déanfaidh an ní is toil leis.  Nuair a bheidh sé éirithe, brisfear a fhlaitheas agus scaipfear é i dtreo ceithre ghaoth na spéire, ach ní ar mhaithe lena shliocht féin é; ní rialófar é mar a rialaigh seisean é, mar sracfar a fhlaitheas chun siúil agus tabharfar é do dhaoine eile seachas iad siúd.  “Beidh rí an deiscirt cumhachtach, ach is cumhachtaí ná é fós a bheidh duine dá phrionsaí agus beidh a ríocht ina ríocht fhairsing.  Tar éis roinnt blianta déanfaidh siad conradh agus tiocfaidh iníon rí an deiscirt chun rí an tuaiscirt chun réiteach a dhéanamh; ach ní mhairfidh neart a láimhe, ná ní sheasfaidh sé féin ná a phór; ach tabharfar i lámha í, í féin agus a lucht friothála, a leanbh, agus an té ar leis í.  Ina uain féin, éireoidh beangán dá fréamhacha ina áit; tiocfaidh sé in aghaidh na sluaite agus rachaidh sé isteach i ndaingean rí an tuaiscirt, rachaidh i ngleic leo agus béarfaidh bua.  Tabharfaidh sé leis mar chreach chun na hÉigipte a ndéithe, a n-íomhánna, a leastair luachmhara airgid agus óir, agus ar feadh roinnt blianta fanfaidh sé gan ionsaí a dhéanamh ar rí an tuaiscirt.  Ach tiocfaidh sé siúd féin isteach i gcríocha rí an deiscirt, ach fillfidh sé ar a thír féin. 10  Fearfaidh a mhic cogadh agus cruinneoidh siad líon mór de shluaite tréana, a bhrúchtfaidh agus a thuileoidh agus a sceithfidh agus a thabharfaidh an cogadh arís chomh fada lena dhaingean. 11  Ansin, le teann feirge, tiocfaidh rí an deiscirt amach agus troidfidh le rí an tuaiscirt; cruinneoidh seisean arm mór agus tabharfar an slua ina lámha dó. 12  Nuair a ghabhfar an slua, tiocfaidh ardú croí air, agus treascróidh sé mílte ar dheich míle, ach ní rithfidh leis. 13  Baileoidh rí an tuaiscirt slua mór, níos líonmhaire fós ná roimhe seo, agus i gceann na n-aimsirí tiocfaidh sé ar aghaidh le harmáil mhór agus le flúirse lóin chogaidh. 14  Sna haimsirí sin éireoidh a lán i gcoinne rí an deiscirt, agus éireoidh lucht fornirt i measc do mhuintire féin chun an fhís a chomhlíonadh—ach teipfidh orthu. 15  Tiocfaidh rí an tuaiscirt agus tógfaidh sásanna léigir, agus gheobhaidh sé seilbh ar chathair dhaingean. Ní sheasfaidh sluaite an deiscirt, ná fiú togha a shluaite, mar ní bheidh neart acu seasamh ina aghaidh. 16  Ach an té a thiocfaidh ina choinne, déanfaidh sé leis de réir a thola, agus ní sheasfaidh neach ina aghaidh; seasfaidh sé i dTír na Glóire, agus beidh sé go léir faoina smacht. 17  Cuirfidh sé os a chomhair teacht le tostal a ríochta uile agus tabharfaidh sé coinníollacha síochána leis agus cuirfidh i bhfeidhm iad. Tabharfaidh sé iníon ban dó lena mhilleadh; ach ní sheasóidh sé sin ná ní dhéanfaidh sé tairbhe dó. 18  Ansin iompóidh sé in aghaidh na n-insí agus gabhfaidh a lán díobh, ach cuirfidh ceann feadhna críoch lena shotal agus caithfidh sé siar air féin é. 19  “Tabharfaidh sé aghaidh ar dhaingne a thíre féin ansin, ach bainfear tuisle as, titfidh sé agus ní bhfaighfear é. 20  Ina ionad tiocfaidh duine a chuirfidh éilitheoir cánach trí ghlóir na ríochta, ach i mbeagán laethanta brisfear é agus ní i radharc daoine é ná ar pháirc an chatha. 21  “Ina ionad tiocfaidh suarachán nár tugadh mórgacht ríoga dó: rachaidh sé isteach go ciúin agus gheobhaidh sé seilbh ar an ríocht trí chaimiléireacht. 22  Scuabfar sluaite chun siúil os a chomhair agus brisfear orthu, agus prionsa an chonartha mar chách. 23  Ón uair a dhéanfar conradh leis, imreoidh sé cleasa; agus tiocfaidh ann le beagán buíne. 24  Tiocfaidh sé gan choinne sna dúichí méithe den chúige, agus déanfaidh beart nach ndearna a aithreacha, ná a sheanaithreacha, ag scaipeadh creiche, slaide, agus éadála ina measc. Beartóidh sé in aghaidh na ndaingean, ach ar feadh aimsire amháin. 25  “Músclóidh sé a neart agus a mhisneach in aghaidh rí an deiscirt le harm mór; fearfaidh rí an deiscirt cogadh ina aghaidh le slua rólíonmhar róchumhachtach, ach ní sheasfaidh sé mar síolfar cealga ina aghaidh. 26  An dream a chaitheann a bhia blasta leis, is iad a mhillfidh é; scuabfar a arm chun siúil agus titfidh na mairbh go líonmhar. 27  “An dá rí, beidh a n-aigne dírithe ar an olc; labhróidh siad bréaga agus iad suite ag an aon bhord; ach is in aisce é, mar is ag an uair atá beartaithe a thiocfaidh an chríoch. 28  Fillfidh sé ar a thír le mórchuid saibhris, ach a chroí socair in aghaidh an chonartha naofa. Déanfaidh sé mar is mian leis, agus fillfidh ar a dhúiche féin. 29  Nuair a thiocfaidh an uain chinnte fillfidh sé chun an deiscirt, ach ní hé an scéal céanna a bheidh aige an turas seo agus a bhí i gcéaduair. 30  Mar tiocfaidh longa Chitím ina choinne, tiocfaidh eagla air agus cúlóidh sé. Fillfidh sé agus déanfaidh sé bearta le fraoch in aghaidh an chonartha naofa. Fillfidh sé agus tógfaidh sé ceann arís dóibh siúd a thréigeann an conradh naofa. 31  “Tiocfaidh fórsaí uaidh a dhéanfaidh an Teampall is an dúnfort a thruailliú; cuirfidh siad deireadh leis an uileloscadh laethúil agus cuirfidh siad suas gráiniúlacht an léirscriosta. 32  Lena bhriathra milse meallfaidh sé lucht briste an chonartha, ach an mhuintir arb eol dóibh a nDia, seasfaidh siad an fód agus déanfaidh siad gníomh. 33  Déanfaidh saoithe an phobail mórán a theagasc, ach titfidh siad le claíomh agus le tine, le daoirse agus le creach, ar feadh roinnt laethanta. 34  Nuair a thitfidh siad, cabhróidh beagán leo; ach taobhóidh a lán leo trí mhealladh. 35  Titfidh cuid de na saoithe ionas go mbeidís scagtha glanta geal go dtí uain na críche, mar tá an aimsir chinnte le teacht fós. 36  “Déanfaidh an rí de réir a thola, á mhóradh agus á ghloiriú féin thar gach dia; tabharfaidh sé maslaí uafásacha do Dhia na ndéithe; rithfidh leis go gcomhlíonfar an fhearg, mar tabharfar chun críche a bhfuil beartaithe. 37  Ní bheidh aird aige ar dhéithe a aithreacha, ná ar rogha na mban, ná ar aon dia eile, mar gurb é féin a mhórfaidh sé seach cách. 38  Ina n-ionad seo tabharfaidh sé urraim do dhia na ndaingean; tabharfaidh sé urraim, le hór agus le hairgead, le líoga luachmhara agus le seoda, do dhia nárbh eol dá aithreacha. 39  Cuirfidh sé pobal de iasachta ag cosaint na ndúnta. Tabharfaidh sé móronóir dóibh siúd a thugann aitheantas dó; bronnfaidh sé údarás ar mhórán daoine orthu, agus é ag roinnt na gcríoch ar phraghas. 40  “In uain na críche tabharfaidh rí an deiscirt faoi, ach tiocfaidh rí an tuaiscirt ina ruathar air mar chamfheothan gaoithe lena charbaid, lena mharcaigh, agus lena lán long, agus rachaidh sé isteach sna tíortha, gabhfaidh de ruathar tríothu agus leanfaidh air. 41  Tiocfaidh sé isteach i dtír na Glóire agus titfidh na deicheanna de mhílte. Ní éalóidh óna lámha ach Eadóm agus Móáb, formhór críoch chlainne Amón. 42  Sínfidh sé lámh amach in aghaidh na dtíortha, agus ní éalóidh tír na hÉigipte. 43  Beidh forlámhas aige ar chistí óir is airgid agus ar sheoda luachmhara na hÉigipte. Beidh Libiaigh is Aetóipigh ag lútáil dó. 44  Ach cuirfidh scéala anoir agus scéala aduaidh buairt air agus seolfaidh sé ar aghaidh le buile chun milleadh agus ciorrú a imirt ar a lán. 45  Suífidh sé a phailliún ríoga idir an muir agus sliabh na glóire naofa; ach tiocfaidh sé chun a chríche, agus é gan cabhair ar bith ó aon duine.

Fonótaí